Comhairle dlí á glacadh ag Gaelscoil na Daróige faoi chinneadh an Aire Oideachais

‘Tá comhionannas dár bpáistí i gceist chomh maith le cothrom na féinne don teanga’ a deir Príomhoide na Scoile

Comhairle dlí á glacadh ag Gaelscoil na Daróige faoi chinneadh an Aire Oideachais

Tá comhairle dlí á glacadh ag Gaelscoil na Daróige i nDoire faoin gcinneadh a rinne an tAire Oideachais Peter Weir gan cead a thabhairt naíscoil le stádas reachtúil a oscailt. Táthar míshásta freisin faoin gcinneadh naíscoil eile a dhúnadh agus é curtha i leith an Aire ag príomhoide na scoile, Oisín MacEó nach bhfuil sé “ag comhlíonadh a dhualgais i dtaca le cur chun cinn na Gaelscolaíochta”.

Tá “díomá” léirithe ag príomhoide na scoile, atá lonnaithe i gContae Doire, faoi chinneadh an Aire Oideachais.

“Mar a aithníonn ráiteas an Aire, tá soláthar réamhscolaíochta ar ardchaighdeán á chur ar fáil anseo cheana againn, ach ba chóir go mbeadh an stádas agus an maoiniú céanna againne is atá ag an scoil Bhéarla ag bun na sráide. Tá comhionannas dár bpáistí i gceist chomh maith le cothrom na féinne don teanga,” a dúirt sé.

Dúirt an Príomhoide nach gá do thuismitheoirí a bheith ag déanamh imní faoin oideachas a chuirfear ar a gcuid páistí agus an bhliain nua scoile ar tí a tosaithe. Beidh “na huaireanta agus caighdeán an tsoláthair” mar a bhí i gcónaí agus tá rún ag an scoil an tseirbhís a chuireann siad ar fáil a fheabhsú amach anseo “beag beann” ar chinneadh an Aire.

Mhaígh MacEó nach bhfuil i ndiúltú an Aire Oideachais “ach cur i gcéill” agus go bhfuil “pionós á ghearradh [ar Ghaelscoil na Daróige] as naíscoil mhaith a reáchtáil”.

“Níl aon loighic leis seo agus muid ag iarraidh an soláthar a fheabhsú le stádas níos fearr agus le maoiniú breise. Tá scoth an oideachais á fháil ag an Roinn anseo do pháistí ar bheagán costais agus níl cothrom na féinne á thabhairt do phobal na Gaeilge dá bharr,” a dúirt sé.

Dúirt sé go ndeachaigh an cur chuige a bhí ag an Aire agus iarratas Ghaelscoil na Daróige á mheas aige “in éadan” na scoile.

Dúirt sé go mba ghnách leis an Roinn i gcás iarratas ar scoil nua a oscailt scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí do scoileanna taobh istigh de limistéar dhá mhíle den láthair atá á moladh don scoil nua.

I gcás iarratas Ghaelscoil na Daróige, tugadh san áireamh na himpleachtaí do scoileanna “i gceantar níos leithne”, a dúirt MacEó.

Dheimhnigh an Príomhoide go mbeadh Gaelscoil na Daróige “ag tabhairt dúshláin maidir leis an droch-chinneadh”.

Fág freagra ar 'Comhairle dlí á glacadh ag Gaelscoil na Daróige faoi chinneadh an Aire Oideachais'