Colm coille friochta agus spionáiste sleabhctha

FRIOTAL: Téann ár gcolúnaí i ngleic le béarlagair an bhiachláir agus molann an spionáiste úr agus é sleabhctha le noitmig a sheachaint

Bird

Tharla mé i mbialann le gairid agus cad é do bharúil ach gur cuireadh romham biachlár i mBéarla agus i nGaeilge. Ní le tarcaisne a deirim nach raibh blas ar bith ar na haistriúcháin Ghaeilge, cibé faoin bhia. Ná ní mian liom dul a thromaíocht ar an aistritheoir bocht, mar tá sé damanta doiligh béarlagair thionscal an bhia a thabhairt slán i nGaeilge. Déanaim osna chléibh nuair a chuimhním ar amas a thug mé féin ar ‘pan-fried wood pigeon’ a aistriú, fadó fadó. Bhí a fhios agam gur ‘colm’ atá ar ‘pigeon’. Mheas mé gur ‘colm coille’ an t-ainm a bheadh ar an éan a chónaíonn sna coillte. ‘Colm coille friochta’ mar sin. Tá súil agam nár thug mé scannal do Chonallaigh nuair a rinne mé béile bia de naomh a gcontae dúchais.

Tá Gaillimh le Gaeilge le moladh as biachláir shamplacha a fhoilsiú agus bíonn sciar maith de na frásaí is coitianta le fáil ar focal.ie. Is maith ann an treoir sin ach is é an chomhairle is fearr don té a mbeadh biachlár á aistriú aige ná dhá dtrian dá bhfuil sa Bhéarla a fhágáil ar lár. Dá olcas m’iarracht ar ‘pan-fried wood pigeon’, ní raibh mé chomh dúr agus go mbacfainn le ‘pan’ a aistriú. Tar éis an tsaoil, is ar éigean a dhéanfá feoil a fhriochadh i sáspan.

Dar ndóigh, tá a gcanúint féin den Bhéarla ag lucht scríofa biachlár. Níl cead mias a lua gan scuaine d’aidiachtaí bladhmannacha a chur leis. Is bocht an rud é sceallóg nach bhfuil ‘handcut’. Ní brachán go brachán ‘stoneground’. Ní fiú an t-ainm aon sailéad nach bhfuil ‘drizzled’, ‘lightly kissed’ nó ‘hand-picked.’ Tá barúil agam gur mó de shamhnas ná d’fhonn bia a chuireann an truflais sin ar chustaiméirí, ach is é an donas ar fad a leithéid a aistriú go dílis. Ní bhímse tormasach ar bhia, ach ní ligfeadh an faitíos dom ‘spionáiste úr agus é sleabhctha le noitmig’ a ordú. ‘Sleabhctha?’ A dhiabhail!

Is maith liom, mar sin, gur ‘meascra milseog’ atá molta ar focal.ie le haghaidh ‘symphony of desserts’ agus gur fágadh na siansaí faoi na cumadóirí ceoil. Molaim mar a aistríodh ‘Our Famous Crock of Atlantic Seafood Chowder’ ar bhiachlár The Galleon i nGaillimh: ‘Seabhdar Bia Mara an Atlantaigh.’ Nuair a chluinim ‘a crock of’ i mBéarla, cuimhním ar nath cainte nach bhfuil iontach múinte. Nach deas mar a seachnaíodh é!

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Colm coille friochta agus spionáiste sleabhctha'