Coiste rialtais na Gaeilge an t-aon choiste rialtais nach raibh cruinniú acu fós

22 cruinniú ar fad a bhí ag na coistí rialtais eile eatarthu agus an chéad chruinniú den choiste Gaeilge beartaithe don tseachtain seo chugainn

Coiste rialtais na Gaeilge an t-aon choiste rialtais nach raibh cruinniú acu fós

Pictiúr: RollingNews.ie/GIS

Is é an Coiste Ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta, a bhfuil an Taoiseach ina Chathaoirleach air, an t-aon choiste Rialtais nár tháinig le chéile fós. 22 cruinniú ar fad a bhí ag na coistí rialtais eile eatarthu.

Dheimhnigh an Taoiseach sa Dáil an tseachtain seo gur casadh gach Coiste eile Rialtais, seachas coiste na Gaeilge, le chéile ó cuireadh tús leis an 32ú Dáil níos túisce i mbliana. Tá deich gCoiste Rialtais ann agus cúraimí éagsúla orthu, ó chúrsaí tithíochta go cúrsaí Brexit. Ó tháinig an Dáil le chéile i mBealtaine na bliana seo, tá na Coistí sin tar éis 22 cruinniú a bheith acu.

Is é an Coiste Tithíochta is minice a casadh ar a chéile go dtí seo, agus ocht gcinn de chruinnithe acu. Chruinnigh an Coiste Sláinte ceithre huaire, agus bhí dhá chruinniú araon ag an gCoiste Beartas Sóisialta agus an Coiste Athchóirithe na Státseirbhíse. Cruinniú amháin a bhí ag gach aon cheann de na coistí eile Rialtais seachas an Coiste Ealaíon, Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá a chéad chruinniú beartaithe den choiste Gaeilge beartaithe don tseachtain seo chugainn, ar an Déardaoin an 13 Deireadh Fómhair.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo i mí an Mheithimh nach raibh cruinniú ag an gCoiste Gaeilge agus Gaeltachta le 15 mí. Tá 18 mí anois ann ó bhí cruinniú ag an gCoiste ar an 30 Márta 2015, sular scoireadh an 31ú Dáil.

Ba é an cruinniú sin an t-aon chruinniú a tionóladh anuraidh den choiste, a bunaíodh chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Sé cinn de chruinnithe ar fad a bhí ag an gCoiste ó thús 2013 i leith.

Déanann an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht maoirseacht, i gcomhar le hAire na Gaeltachta, ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Is é an Coiste Rialtais ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht an coiste is sinsearaí sa státchóras atá ag plé le cás na teanga. Tá an Taoiseach ina chathaoirleach ar an gcoiste agus bíonn idir Airí agus státseirbhísigh shinsearacha ó na ranna rialtais ag freastal ar na cruinnithe a bhíonn aige.

I mí Iúil na bliana seo, cuireadh cúram na n-ealaíon le cúraimí an Choiste. Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Roinne Gaeltachta an uair sin go mbeadh an coiste rialtais, a bunaíodh chun plé go sonrach le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ag déileáil feasta le gnóthaí ealaíon chomh maith.

Dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív ag an am nach mbeadh sa choiste feasta ó thaobh na Gaeilge de ach “leithscéal de choiste” agus nach mbeadh an Ghaeilge ach ina “driobaillín” ann.

“Ag am go bhfuil an Dáil ag tabhairt aitheantas aisti féin don Ghaeilge le coiste nua Oireachtais, tá an Rialtas ag dul glan in aghaidh na Straitéise. Bunaíodh an coiste faoi chathaoirleacht an Taoisigh mar chuid de mhór-iarracht náisiúnta ar son na Gaeilge agus le go mbeadh údarás an Taoisigh ag an obair.

“Cuir seo le gach rud eile a tharla don Ghaeilge – ceapadh Aire Sóisearach seachas Aire Sinsearach, mar shampla – agus is léir cén dearcadh atá ag an Rialtas seo. Tá an Straitéis stróicthe as a chéile acu,” a dúirt Ó Cuív.

Fág freagra ar 'Coiste rialtais na Gaeilge an t-aon choiste rialtais nach raibh cruinniú acu fós'