Coiste Oireachtais don Ghaeilge nach mór deimhnithe agus vóta sa Dáil amárach

Tá bunú buanchoiste don Ghaeilge luaite i measc na moltaí i dtuarascáil deiridh an Fhochoiste um Athchóiriú na Dála

Dail_Chamber

Tá sé ionann is cinnte anois go mbeidh coiste nua don Ghaeilge mar chuid den 32ú Dáil agus vóta le bheith sa Dáil amárach faoi bhunú coistí nua Oireachtais. Tá an Fochoiste um Athchóiriú na Dála freagrach as clár a aontú a athróidh an chaoi a bhfeidhmíonn an Dáil agus tá bunú buanchoiste don Ghaeilge luaite i measc na moltaí ina dtuarascáil deiridh.

Tá sé mhórathrú ar nósanna na Dála leagtha amach sa cháipéis nua, ina measc bunú Choiste na Gaeilge.

Bhí Buan-Choiste Oireachtais don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i measc na n-éileamh réamhthoghcháin a bhí ag Conradh na Gaeilge le linn fheachtas an Olltoghcháin níos luaithe i mbliana, agus bhí sé ar cheann de na rudaí a d’éiligh Fianna Fáil ar Fhine Gael agus na cainteanna faoi bhunú Rialtais ar bun.

Caithfear vóta amárach, Dé Máirt, le glacadh leis an gcoiste nua nó diúltú dó.

I measc na n-athruithe eile a luaitear sa cháipéis tá bunú Coiste Ghnó na Dála, a thabharfaidh níos mó cumhachta don Dáil a gnó féin a riaradh.

Athrófar na rialacha a bhaineann le ‘grúpaí’ sa Dáil, agus beidh cead anois níos mó ná ‘grúpa teicniúil’ amháin a bheith ann. Táthar ag súil go gcabhróidh sé seo le Teachtaí Dála neamhspleácha agus páirtithe beaga a theacht le chéile agus níos mó ama a fháil le labhairt sa Dáil.

Tá athrú beartaithe freisin ar leagan amach sceideal an lae i dTithe an Oireachtais ionas go mbeidh baill na gcoistí éagsúla in ann freastal ar sheisiúin Dála agus cruinnithe coistí araon, in áit iallach a bheith orthu ceann amháin a roghnú thar an gceann eile.

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais don Ghaeilge nach mór deimhnithe agus vóta sa Dáil amárach'