Coiste Oireachtais ag tacú le moltaí an Choimisinéara maidir le reachtaíocht teanga a láidriú

I ráiteas a d’eisigh an Coiste Gaeilge, Gaeltacht agus Oileán inniu, thacaigh siad le sé mholadh atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga i dtaobh leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla

Coiste Oireachtais ag tacú le moltaí an Choimisinéara maidir le reachtaíocht teanga a láidriú

Aontaíonn an Coiste Oireachtais Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán le tuairimí an Choimisinéara teanga maidir leis an “ngá atá ann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú” trí mholtaí a chuir an Coimisinéir os a gcomhair i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo.

D’eisigh an Coiste ráiteas ar maidin ag tagairt don chruinniú a bhí acu leis an gCoimisinéir Teanga an tseachtain seo. Mhaígh an Coimisinéir ag an gcruinniú sin gur “sop in áit na scuaibe” atá sa chóras earcaíochta don Ghaeilge sa Státseirbhís. Luaitear sa ráiteas sé mholadh de chuid an Choimisinéara Teanga mar gheall ar an reachtaíocht nua, agus deirtear go n-aontaíonn baill an Choiste leis na moltaí sin.

Tá an Coiste ag iarraidh go gcuirfí foráil san Acht a chinnteodh go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ar a dtoil ag oifigigh stáit a oibríonn nó atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Dúirt an Coiste go bhfuil an beart sin “níos tábhachtaí anois ná riamh” agus na pobail Ghaeltachta ag tabhairt faoi phleanáil teanga chun stádas Gaeltachta a choinneáil.

Ghlac an Coiste freisin le moladh an Choimisinéara go gcuirfí córas nua isteach in áit chóras na scéimeanna teanga atá ann faoi láthair agus go mbeadh níos mór seirbhísí, “go háirithe iad sin nach bhfuil ag brath ar acmhainní daonna” ar fáil.

Mhaígh an Coimisinéir ag an gcruinniú go bhfuil “laigí suntasacha” ar chóras na scéimeanna teanga agus nach bhfuil an córas sin ag feidhmiú. Dúirt sé gur in olcas atá an scéal ag dul agus go bhfuiltear ag aontú scéimeanna a bhíonn ag “cúlú ó dhualgais teanga” seachas ag cur le seirbhísí Gaeilge.

“Tá líon na scéimeanna atá fós le daingniú ardaithe 47% ó 2009, in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta dlús a chur le haontú scéimeanna. An t-ábhar is mó imní atá orm faoi chóras na scéimeanna teanga i láthair na huaire ná a laghad a bhíonn geallta i gcuid mhaith acu. Fágann sin gur ann do scéim ach gur beag is fiú í i ndáiríre.

“Ní hin le rá nach mbíonn gealltanais fhiúntacha i roinnt scéimeanna, mar bíonn, ach ar an iomlán is é mo bharúil mheáite nach bhfuil na scéimeanna teanga ag cur go fiúntach le réimse na seirbhísí poiblí atá ar fáil trí Ghaeilge ar aon bhealach,” a dúirt sé.

Tacaíonn an Ciste freisin leis an moladh go ndéanfar rangú ar chomhlachtaí poiblí i gcomhréir leis an gcumarsáid agus leis an idirghníomhaíocht a bhíonn acu leis an bpobal agus na dualgais is troime teanga a chur orthu siúd is mó a bhíonn ag soláthar seirbhísí don phobal.

Thagair an Coimisinéir Teanga do chás Eircode le linn an chruinnithe agus na leaganacha Béarla a chuir Eircode ar shloinnte Gaeilge sna litreacha a raibh na cóid nua phoist á ndáileadh ar mhuintir na hÉireann. Dúirt go Coiste go mba cheart a chinntiú go sonrófar cearta sa reachtaíocht maidir leis an leagan is rogha leis an saoránach, Béarla nó Gaeilge, a bheith in úsáid i gcás ainm agus seoladh an tsaoránaigh sin.

Thacaigh an Coiste leis an moladh go dtiocfadh comhlachtaí poiblí go huathoibríoch faoi réim na reachtaíochta. Faoi láthair, ainmnítear comhlachtaí atá le teacht faoi scáth an Achta agus ní dhearnadh é sin le deich mbliana anuas.

Is é an séú moladh a dtacaíonn an Coiste leis ná go rachfar i ngleic “ar bhealach níos cuimsithí” le seirbhísí stáit a bhíonn á gcur ar fáil go hindíreach go tríú páirtithe.