Coiste Cróinéara Denis Donaldson curtha siar den chúigiú huair déag

Dúirt an Cróinéar go raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh dul chun cinn á dhéanamh sa chás seo agus cuireadh siar an coiste cróinéara go Meán Fómhair.

Denis Donaldson
Denis Donaldson: Pictiúr: Photocall Ireland

 

I Leitir Ceanainn tráthnóna, cuireadh siar coiste cróinéara fá bhás Denis Donaldson den chúigiú huair déag. Fuair Donaldson, a bhí mar bhall sinsearach de Shinn Féin, bás ina theach i gClochar Corr, ceantar iargúlta in aice na nGleanntach i nDún na nGall, ar an 4ú Aibreán 2006.

Scaoileadh ceithre urchar leis. Tamall sular maraíodh é, tháinig sé chun solais go raibh Denis Donaldson ag feidhmiú mar spíodóir do M15 agus theith sé go Dún na nGall. Bhris an Sunday World an scéala go raibh cónaí air i dteach beag gan uisce reatha ná leictreachas mí sular maraíodh é.

Inniu thug an Ceannfort Michael Finan eolas don Chróinéar, an Doctúir Denis McCauley, go raibh na Gardaí go fóill ag fiosrú bás Donaldson. Tá Gardaí ag comhoibriú le fórsa póilíní eile taobh amuigh den Stát, a dúradh, agus táthar ag fanacht ar ábhar a theacht ón fhórsa sin, a chuideos le fiosrúchán na nGardaí.

Dúirt an Cróinéar go raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh dul chun cinn á dhéanamh sa chás seo agus cuireadh siar an coiste cróinéara go Meán Fómhair. I ráiteas a d’eisigh an comhlacht dlí, Madden Finucane, thar ceann muintir Donaldson, dúradh go raibh an teaghlach thar a bheith míshásta go gcuirfí siar an coiste seo arís, don 15ú huair. Tá an teaghlach den bharúil go léiríonn moilleadoireacht na nGardaí agus an easpa dul chun cinn sa chás seo, nach bhfuil siad ag cosaint cearta muintir Donaldson. Cuireadh i leith na nGardaí sa ráiteas fosta go raibh siadsan ag diúltú dialann phearsanta a bhí ag Denis Donaldson a thabhairt do Ombudsman na bPóilíní. Tuigtear go bhfuil ábhar sa dialann seo a chuideodh le bás Donaldson a fhiosrú.

Ní raibh teaghlach Denis Donaldson, ná a ndlíodóir i láthair inniu. Ní le dímheas i leith an Chróinéara a bhí seo amhlaidh, a dúradh, ach de bharr nach mbeadh aon rud ag tarlú sa chás. Ba i Samhain 2007 a fosclaíodh an coiste cróinéara seo den chéad uair. Cé gur gabhadh beirt i nDún na nGall maidir le fiosrúchán dúnmharaithe an spíodora cúpla bliain ó shin. Níl aon duine cúisithe as an dúnmharú go dtí seo.

Is ar an 2 Meán Fómhair a bhéas an coiste cróinéara ar bun arís.

Fág freagra ar 'Coiste Cróinéara Denis Donaldson curtha siar den chúigiú huair déag'