Cois Fharraige molta mar láthair do Chomóradh an Ghorta Mhóir 2019

Tá díomá ar an Teachta Dála Éamon Ó Cuív nach i gCúige Chonnacht a bheidh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir an bhliain seo chugainn agus gur i gCúige Mumhan a bheidh sé don dara bliain as a chéile

Cois Fharraige molta mar láthair do Chomóradh an Ghorta Mhóir 2019

Tá molta ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go roghnófaí Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe do Chomóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir in 2019.

Dúirt an Teachta Ó Cuív leis an Aire Oidhreachta, Heather Humphreys, go raibh díomá air gur “briseadh an nós” anuraidh an Comóradh Náisiúnta a bhabhtáil ó chúige go cúige agus gur i gCúige Mumhan a bheidh an ócáid ar siúl arís in 2018. I mBaile an Gharraí i gContae Thiobraid Árann a bhí an comóradh náisiúnta i mbliana agus i gCorcaigh a bheidh sé in 2018.

Mhol Ó Cuív gur i gCois Fharraige nó i gceantar Gaeltachta eile i gCúige Chonnacht  a bheadh an ócáid in 2019.

“Ar chúis éigin, beidh Comóradh Náisiúnta an Ghorta Mhóir i gCúige Mumhan arís an bhliain seo chugainn, théadh sé i gcónaí idir na ceithre chúige. Bhí tionchar ag an nGorta Mór ar an oileán ar fad, ní rud áitiúil a bhí ann. An bhfuil cúis ar leith ann gur bhris tú an nós sin agus gur roghnaíodh Corcaigh don bhliain seo in áit láthair éigin i gCúige Chonnacht?” a dúirt Ó Cuív de Humphreys.

Dúirt sé gur buaileadh Cúige Chonnacht go dona le linn an Drochshaoil agus go bhfuil cuntais léanmhara ann ó cheantar Chois Fharraige agus áiteanna iargúlta eile sa chúige faoin tréimhse sin i stair na hÉireann.

Dúirt an tAire Humphreys leis an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas gur chinn an coiste atá i gceannas an chomórtha ócáid na bliana seo chugainn a reáchtáil i gCorcaigh in 2018 mar gheall ar ócáidí eile a bheidh á reáchtáil san ollscoil ansin le comóradh a dhéanamh ar an nGorta Mór.

“Is bliain ar leith í an bhliain seo chugainn i gCorcaigh, tá ócáid beartaithe do UCC, agus tá iarracht mhór déanta acu ócáidí speisialta a sheoladh le heolas a thabhairt don phobal faoin nGorta Mór agus lena aird a mhealladh chuig an stair sin, agus tá sé tábhachtach go ndéanfaidh muid é sin,” a dúirt sí.

Gheall an tAire go raibh sé i gceist aici filleadh ar an nós an comóradh a bhogadh ó chúige go cúige arís in 2019.

Dúirt Ó Cuív go raibh sé ag súil go mór le comóradh na bliana sin a fheiceáil i gCúige Chonnacht agus mhol ceantar Gaeltachta mar láthair.

“Ní maith liom an cinneadh [a rinneadh maidir le 2018] ach glacaim leis. Tá mé ag súil le comóradh i gCúige Chonnacht in 2019. Molaim go roghnófaí ceantar Gaeltachta do 2019. Is féidir meath na Gaeilge a cheangal go dlúth leis an nGorta Mór sna ceantair sin,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt Humphreys nach bhféadfadh sí féin aon tionchar a imirt ar an bhfochoiste a bhíonn ag plé le roghnú na láithreach don chomóradh d’ainneoin gurb í cathaoirleach an choiste a bhíonn ag plé leis an gcomóradh trí chéile, ach dúirt sí go gcuirfeadh sí moladh Uí Chuív ar aghaidh chuig an bhfochoiste a shocraíonn láthair na hocáide.

Fág freagra ar 'Cois Fharraige molta mar láthair do Chomóradh an Ghorta Mhóir 2019'