Coirceoga cniogtha i gCorca Dhuibhne ag galar na mbeach

As céad is fiche coirceog beach níl ag Seán Ó hIarlaithe, beachadóir ó Pharóiste an Fheirtéaraigh, anois ach cúig cinn

Coirceoga cniogtha i gCorca Dhuibhne ag galar na mbeach

Beachadóir is ea Seán Ó hIarlaithe i bParóiste an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne gur bhuail galar ó fheithidí Varroa a chuid beacha. As céad is fiche coirceog beach níl aige anois ach cúig choirceog agus “is dócha”, ar sé, “gur gearr go mbeidh siad san marbh chomh maith”.

An bhfuil leigheas ann? Tá sórt leigheas ar fáil agus éiríonn leat na beacha ar fad beagnach a choimeád beo séasúr amháin, ach beidh ort saithe eile a bheith agat don séasúr nua. Súnn an fheithid an neart as na beacha agus diaidh ar ndiaidh faigheann siad bás.

Meastar gur ón tSeapáin a tháinig an galar a leath trasna na hÁise agus na hEorpa agus a tháinig go dtí an Bhreatain i 1992.

Is Sasanach go raibh an galar ar chuid dá choirceoga a tháinig anall go hÉirinn tríd an dTuaisceart a thug an galar go hÉirinn. Chuir sé fé i gcontae Shligigh. Bheartaigh sé go luath bogadh go buan go Ceanada agus dhíol sé na coirceoga sular imigh sé. Nuair a ceistíodh é fé cé a cheannaigh na coirceoga uaidh, ní déarfadh sé cé hiad. “Is mar sin a tháinig an galar millteanach chugainn,” arsa Seán.

Tá trialacha ar siúl sa Ghearmáin agus i gCalifornia le leigheas a aimsiú. Tá California ag brath go mór ar na beacha dá dtorthaí agus measa. Níl an galar san Astráil. Gach bliain tugtar soláthairtí móra ón Astráil go dtí ceannaitheoirí i gCalifornia. Bíonn toradh maith acu ach tar éis na chéad bhliana bíonn an galar ar ais agus caitear ualach beacha ‘glana’ eile a fháil.

Rud eile a tharlaíonn de thoradh an ghalair go bhfágann na beacha an choirceog uaireanta agus bailíonn siad go léir leo. Deir Seán go bhfuil taighde ar bun fé seo chomh maith féachaint cad is bun leis an dtréigint nó an chuid den ghalar é.

Bhíos ag caint le beirt ón gceantar nár mhaith leo a n-ainm a lua agus chuireadar in iúl go bhfuil fearas beag leighis BioDot, mar a bheadh bonn crochta ar do mhuineál, a deintear sa Ghearmáin, an-áisiúil. Tá na ‘boinn’ seo ar fáil ón nGearmáin nó ó bhean leighis i gCiarraí. Deir na daoine seo go meastar gur truailliú leictreomhaighnéadach (electromagnetic smog) atá ann a bhuaileann daoine áirithe mar iad féin agus a chuireann teitheadh ar bheacha as a gcoirceoga chomh maith.

Dúirt an bheirt liom “murach an áis  bheag seo”, an BioDot, go mbeadh a saol ina chíor thuathail.

Tá ceann dos na boinn ceangailte ag Seán Ó hIarlaithe ar choirceog féachaint cad é an toradh.

“Feicfear conas mar a bheidh acu sa bhfadtréimhse,” arsa Seán.