Cóipeáil, comhtharlú nó comhcheilg?

Chuirfeadh na cosúlachtaí idir na tuarscálacha éagsúla faoi dhul chun cinn na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge amhras ar mhúinteoir géarchúiseach.

“Le gach bó a lao agus le gach leabhar a chóip,” a dúirt Diarmuid Mac Cearbhaill, Ard-Rí na hÉireann, le Colm Cille naofa agus a bhreithiúnas á thabhairt ar an gcéad chás cóipchirte sá tír seo. Go deimhin, seasann dlíthe cóipchirte an lae inniu ar an mbunphrionsabal céanna.

Bheadh amhras ar an múinteoir géarchúiseach faoi obair baile a dhaltaí dá mbeadh an dá aiste chéanna á gceartú aige agus is mó amhras fós a bheadh ar an mbreitheamh léannta faoi ráitis bheirt fhinnéithe a bhí díreach mar a chéile.

Más sin an tslat tomhais – gur peaca í an chóipeáil – cén chaoi ar ligeadh leis na Ranna rialtais í agus a dtuarascálacha á gcur le chéile acu faoin dul chun cinn atá déanta acu maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Is díol spéise go bhfeictear an fhoclaíocht cheanann chéanna sna hailt a bhaineann le “beartas le haghaidh na Gaeilge sa Státseirbhís” in aon cheann déag as dhá cheann déag de thuarascálacha na ranna.

Faoi léitheoirí cliste Tuairisc.ie a fhágfar an breithiúnas ar chóipeáil, comhtharlú nó comhcheilg é sin!

Cé go bhfuil líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa Ghaeilge, níl aon phost sonrach aitheanta i measc na seirbhísí gnó ina bhfuil gá le líofacht sa Ghaeilge faoi láthair. Aithníonn an Roinn, áfach, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na réimsí oibre/poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta)


 

Aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge… I comhréir le beartas an Rialtais aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist/réimsí lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Oideachais agus Scileanna)


 

Cé nach bhfuil poist shonracha ina bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth sainaitheanta ag an Roinn go dtí seo, aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(Roinn an Taoisigh)


 

I dteannta sin, aithníonn an Roinn go bhfuil riachtanas ginearálta ann go mbeidh oifigigh ar fud na Roinne atá in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist/réimsí lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála)


 

Aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa
Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le beartas
an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na
dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Caiteachais Phoilbí agus Athchóirithe)


 

Cé nach bhfuil poist shonracha ina bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth sainaitheanta ag an
Roinn go dtí seo, aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne
sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le
beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht
na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Achmainní Nádúrtha)


 

Aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha  Oifigiúla na poist/réimsí lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil)


 

I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbainfidh riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais)


 

I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist/réimsí lena mbaineann dátheangachas.

(An Roinn Cosanta)


 

Cé nach bhfuil poist shonracha ina bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth sainaitheanta ag an
Roinn go dtí seo, aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne
sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge…I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Sláinte)


 

Cé go bhfuil líon áirithe foirne ag an Roinn atá líofa sa Ghaeilge, níl poist shonracha ina bhfuil líofacht sa Ghaeilge de dhíth sainaitheanta ag an Roinn go dtí seo. Aithníonn an Roinn go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líon áirithe foirne sa Roinn atá líofa sa teanga agus in ann seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge ar fud na Roinne. I gcomhréir le beartas an Rialtais, aithneofar i scéimeanna teanga de chuid na Roinne amach anseo faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla na poist lena mbaineann riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge.

(An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige)