Coinníollacha agus cearta d’oibrithe bochta i dtionscal an fhaisin

An ligfimid don tuiscint nua ar fhaisean níos eiticiúla agus níos inbhuanaithe teacht idir muid agus margadh maith, a fhiafraíonn ar gcomhfhreagraí

Hands Kids

 Is dócha gur ar stíl, ar dhearadh agus ar phraghas is mó a smaoiníonn an mhórchuid againn agus muid ag ceannach ball éadaigh nua. Is maith linn ar fad margadh maith a aimsiú anois is arís agus ní chaithimid mórán ama ag cur na ceiste orainn féin – cén fáth a bhfuil an treabhsar, sciorta nó léine seo chomh saor sin?  An bhfuil an baol ann go ndearnadh dúshaothrú ar na hoibrithe sa mhonarcha a rinne an ball éadaigh seo nó gur baineadh úsáid as modhanna déantúsaíochta a rinne dochar don timpeallacht?

Tá fás ag teacht le roinnt blianta anuas ar an ngluaiseacht atá iarraidh go mbeadh saol an fhaisin níos eiticiúla agus níos inbhuanaithe. 

Baineadh stangadh as an domhan mhór in Aibreán 2013 leis an scéal ón mBanglaidéis gur maraíodh 1,200 duine agus gur gortaíodh breis agus 2,000 eile ansin – oibrithe i dtionscal an fhaisin ar fad – i dtragóid nuair a thit an foirgneamh ina raibh said ag obair anuas ina mullach. 

Ar phá shuarach a bhí na hoibrithe ag obair agus iad ag táirgeadh t-léinte, léinte allais agus treabhsair le díol i siopaí in iarthar an domhain.

Bhí lochtanna bunúsach ar struchtúr an fhoirgnimh féin agus cuireadh cúpla urlár breise leis –  gan aon chead pleanála – agus nuair a thit sé ní raibh aon deis éalaithe ag na hoibrithe bochta laistigh.

Thart ar €35 go €40 a bhí á fháil acu mar phá in aghaidh na míosa agus bhain na tuairiscí faoi sin agus faoin mbaol a bhain leis na coinníollacha oibre acu creathadh as daoine ar fud an domhain.

Is cosúil go dtógann sé tragóid ar scála ollmhór mar sin le muid a dhúiseacht in amanna.

Baintear úsáid as an téarma “faisean eiticiúil” anois le cur síos ar dhearadh, tairgeadh, díol agus ceannach ar bhealach a thugann cothrom na féinne d’oibrithe – saor ón sclábhaíocht – agus atá déanta ar bhealach nach ndéanann dochar don dúlra ná don timpeallacht.

Nuair a thráchtar ar “fhaisin inbhuanaithe” bítear ag tagairt don amhábhar a dhéantar as snáithíní nádúrtha (cadás, mar shampla) a fhástar ar bhealach tuisceanach nach scriosann an timpeallacht nó ar bhunábhar gur féidir é a athchúrsáil.

An gcreidfeá go n-úsáidtear os cionn 2,500 lítear uisce le t-léine amháin a tháirgeadh? Agus ní thugann sin san áireamh na ceimiceáin agus na dathanna a scaoiltear ar ais amach sa timpeallacht le linn an phróisis déantúsaíochta.

Ach de réir a chéile, tá daoine ar fud na háite ag fáil beagán níos tuisceanaí faoi na buntáistí sóisialta, timpeallachta, trádála agus tráchtála a bhaineann le faisean eiticiúil agus inbhuanaithe. Is í an cheist mhór, an ligfidh siad don tuiscint nua sin teacht idir iad agus margadh maith?

Tá díospóireacht níos mó ná riamh faoi phá agus coinníollacha na n-oibrithe, faoi thruailliú agus faoin ábhar ar fad a chríochnaíonn i lárionaid dramhaíola mar thoradh ar na scéalta uafáis sin ón mBanglaidéis agus áiteanna eile. 

HM Conscious Exclusive Collection 15

I measc na gcomhlachtaí atá tar éis dul i ngleic leis an ábhar seo tá H&M a bhfuil earraí á gcur ar fáil acu faoin mbranda “Conscious Exclusive”  a ghealltar a bheith déanta go heiticiúil agus as ábhar inbhuanaithe. Sa bhreis air sin, tá dearbhán ar fiú €5 á thairiscint ag an gcomhlacht dóibhsean a thugann éadach ar ais chucu le hathchúrsáil. Glacfaidh siad le héadach ó dhéantóirí ar bith agus ní hiad a gcuid táirigí féin amháin a ghlacann siad ar ais.

San iris idirnáisiúnta Journal of Fashion Marketing and Management, dúirt grúpa taighdeoirí a rinne scrúdú ar fhaisean eiticiúil gur gá tabhairt faoi fheachtas oideachais agus eolais “to mitigate the prevailing throwaway culture and raise consumer awareness of ethical issues facing the fashion industry”.

Ach tá feabhas beag teoranta tagtha ar chúrsaí sa Bhanglaidéis le trí bliana anuas. Tá níos mó monatóireachta á dhéanamh ar mhonarchana. Tá aitheantas éigin á thabhairt do chearta oibrithe agus méadú tagtha ar phá go dtí c. €70 sa mhí. Deirtear go bhfuil riaradh agus feistiú níos fearr ar na hionaid oibre agus daoine in ann dul i ngleic níos fearr le fadhbanna le leictreachas nó tinte iontu. Chomh maith leis sin, tá oiliúint áirithe faighte ag úinéirí na monarchan lena chur in iúl dóibh go bhfuil a gcuid díolachán ag brath ar dhea-cháil na tionsclaíochta sa tír.

Ach tá cuid mhaith le déanamh fós ann. Chruthaigh taighde a rinne Ollscoil Nua-Eabhrac sa Bhanglaidéis i mí na Nollag anuraidh nár chuir ach ocht gcinn de mhonarchana ansin ina gceart na lochtanna a bhí aimsithe i gcigireacht a rinneadh ar 3,415 ionad oibre. Níl an obair ach ina tús.

Níl ann ach glúin amháin ón uair nach bhfaca éinne fadhb ar bith le duine a chaitheadh cóta fionnaidh – go deimhin, ba chomhartha faisin, stíle agus saibhris é. Ach is beag fáilte a bheadh roimh dhuine sa chomhluadar agus a leithéid á chaitheamh aige anois. Athraíonn an dearcadh ar an bhfaisean más go mall féin é.