Oifig Choimisinéara Teanga na Breataine bige á cur de dhroim seoil agus a cúram le haistriú go dtí an rialtas

Tá sé i gceist ag rialtas na Breataine Bige ‘Coimisiún na Breatnaise’ a chur ar bun in áit Oifig an Choimisinéara Teanga

Oifig Choimisinéara Teanga na Breataine bige á cur de dhroim seoil agus a cúram le haistriú go dtí an rialtas

Meri Huws

Tá freagracht iomlán as cur chun cinn na Breatnaise á glacadh chucu féin ag Rialtas na Breataine Bige agus deireadh á chur le hOifig an Choimisinéara Teanga sa tír sin.

Tá sé i gceist ag Rialtas na Breataine deireadh a chur le hOifig an Choimisinéara Teanga sa Bhreatain Bheag agus faoin Rialtas a bheidh sé feasta an reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm sa tír sin.

Tá sé i gceist ag rialtas na Breataine Bige ‘Coimisiún na Breatnaise’ a chur ar bun in áit Oifig an Choimisinéara Teanga leis an teanga a chur chun cinn agus leis na “caighdeáin teanga”, a leagann dualgais ó thaobh na Breatnaise ar chomhlachtaí, a chur I bhfeidhm.

Faoin gCoimisinéir Teanga Meri Huws a bhí an obair sin go dtí seo.

Foilsíodh an moladh radacach seo i bPáipéar Bán a seoladh ag an Eisteddfod, macasamhail Oireachtas na Samhna, inniu.

Dar leis an Ollamh Colin Williams, sochtheangeolaí aitheanta ó Ollscoil Caerdydd, gur maith an rud é go bhfuil an Rialtas “ag glacadh lánfhreagrachta den chéad uair riamh” as an teanga, ach dúirt sé “go n-inseoidh an aimsir an mbeidh feidhmiú an phlean inchurtha leis an reitric”.

Dúirt Williams le Tuairisc.ie go mb’fhearr leis féin go mbeadh Coimisinéir Teanga agus Coimisiún Teanga “fíorláidir” ann agus go raibh an baol ann go mbraithfeadh daoine feasta nach bhfuil aon “ionadaí neamhspleách acu a bhfuil an chumhacht aige gníomhú”.

Dúirt an sochtheangeolaí go raibh na hathruithe seo “dosheachanta ar shlí” mar gurb í tuairim an phobail agus acu siúd ar spéis leo cás na teanga go raibh “an iomarca éiginnteachta” maidir le cé air a bhí cúraimí na teanga agus go raibh an córas “ag cur mearbhall ar dhaoine”.

Dúirt sé go raibh mothú láidir ann go raibh béim rómhór ar reachtaíocht seachas ar chur chun cinn na teanga agus go raibh gá le cur chuige nach mbeadh chomh “casta céanna”.

Dúirt Williams nár theastaigh oifig an Choimisinéara Teanga riamh ó Pháirtí an Lucht Oibre agus go mba léir “nach mairfeadh an oifig i bhfad dá bharr sin”.

Ní cathair mar a tuairisc í an reachtaíocht teanga sa Bhreatain Bheag, dar leis an Ollamh Williams.

“Tá an argóint ann go bhfuil tús áite á thabhairt do chosaint cheart na ngnólachtaí móra gan seirbhísí a chur ar fáil sa mBreatnais seachas do chosaint cearta teanga an phobail sa chúirt.

“Bhíomar ag súil go gciallódh na caighdeáin teanga go gcinnteofaí cearta teanga an phobail agus go bhféadfaí seasamh leis na cearta sin sa chúirt, ach ní mar sin a tharla.”

Maítear sa Pháipéar Bán go mbraitear nach bhfuil dóthain cothromaíochta idir obair an Choimisinéara i leith na reachtaíochta teanga agus ról an Choimisinéara i gcur chun cinn na teanga ar bhonn níos leithne ná sin.

“Is dóichí ná a mhalairt, mar a tharla san am a chuaigh thart, má leantar leis an socrú reatha, go mbeidh obair an Choimisinéara i leith na teanga a chur chun cinn teoranta mar gheall ar an obair a bhaineann le córas na gCaighdeán,” a deirtear sa Pháipéar Bán.

Dúirt an tAire Breatnaise Alun Davies go bhfuil sé ag iarraidh go mbeadh an córas nua “chomh héifeachtach agus is féidir” agus sprioc leagtha síos ag an rialtas go mbeidh milliún cainteoirí Breatnaise sa tír faoin mbliain 2050.

Tá imní léirithe ag an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith Gymraeg, áfach, faoina bhfuil i ndán do chearta na gcainteoirí Breatnaise.

Colin H Williams

Mhaígh an eagraíocht go bhfuil na moltaí nua á gcur chun cinn le “obair na státseirbhíseach a dhéanamh níos éasca”. Dúirt cathaoirleach Cymdeithas, Heledd Gwyndaf, nár chreid sí go mbeadh an chumhacht chéanna ag an gCoimisiún is atá ag an gCoimisinéir agus go mbeadh “coimhlint leasa” ag baint le hobair eagraíochta a bheadh ag cur na teanga chun cinn agus ag cur na gcaighdeán teanga i bhfeidhm ag an am céanna.

Tá na moltaí cáinte freisin ag Alun Ffred Jones, cathaoirleach Plaid Cymru, a mhaígh go raibh “teipthe go hiomlán ar an rialtas an teanga a chur chun cinn” agus gurbh amhlaidh a bheadh faoin gcóras nua.

Tá Meri Huws ina Coimisinéir Teanga sa Bhreatain Bheag ó cruthaíodh an post cúig bliana ó shin. Bíonn sí i láthair ag Comhdhálacha na gCoimisinéirí Teanga agus tá cuairteanna go leor tugtha aici ar an tír seo.

Chuir Huws fáilte inniu roimh an bpróiseas comhairliúcháin atá fógartha i dtaobh phlean an Rialtais agus roimh an scéala go mbeifear ag leanúint le córas na gcaighdeán teanga. Chuir sí fáilte “i bprionsabal” roimh an bplean go mbeadh aon eagraíocht amháin freagrach as cur chun cinn na teanga agus an reachtaíocht teanga. Dúirt sí, áfach, go gcaithfí dóthain acmhainní a chur ar fáil dona leithéid d’eagraíocht agus go gcaithfí a neamhspleáchas a chinntiú.

Is é an moladh deireadh a chur lena hoifig an moladh is conspóidí sa pháipéar bán agus go leor cáinte déanta air ar na meáin shóisialta sa Bhreatain Bheag agus i dtíortha eile ó tháinig an scéala chun solais inniu. 

Dúirt an tOllamh Colin Williams go raibh an baol ann faoin gcóras nua go gcuirfí an Bhreatnais “in aon bhosca mór amháin agus go ndéanfadh gach duine eile seachas an tAire agus na státseirbhísigh a bhí freagrach as an mbosca dearmad ar an teanga”.

“Ar deireadh thiar, ní hé an córas is tábhachtaí ach na daoine a thugann feidhm don chóras agus toil na ndaoine sin seasamh le cearta an phobail agus na hacmhainní a chur ar fáil chuige sin,” a dúirt Colin Williams.

Fág freagra ar 'Oifig Choimisinéara Teanga na Breataine bige á cur de dhroim seoil agus a cúram le haistriú go dtí an rialtas'