Coimeád na síochána mar a bheadh sé as broinn le saighdiúirí na hÉireann

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: In ‘Peacekeepers: The Irish in South Lebanon’, cuireadh béim ar an meas atá ar na hÉireannaigh mar eadránaithe iontaofa agus ar an dainséar ina bhfuilid

Peacekeepers ArmyLebanon

Tá saighdiúirí na hÉireann mar chuid d’fhórsa coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe sa Liobáin ó 1978. Éinne atá faoi bhun daichead bliain d’aois, mar sin, d’fhásamar aníos le pictiúir ar an teilifís de shaighdiúirí ag imeacht agus ag filleadh.

I rith an ama sin do léimeadh an Liobáin go tús na nuachta aon uair a mbíodh tuairiscí léanmhara ann ar an 47 duine a maraíodh. Ansin théití i muinín na míreanna seanchaite arís. Is furasta mar sin neamhshuim agus beagán a dhéanamh de chrógacht agus d’íobairtí na saighdiúirí thar thréimhse 38 bliain. Déanann an clár faisnéise Peacekeepers: The Irish in South Lebanon (RTÉ 1, aréir) iarracht é sin a chúiteamh.

Tráthúil go leor bhí an táirge is déanaí le Jamie Dornan ar taispeáint ag Féile Scannán na Gaillimhe le déanaí agus cad é bús faoi. Baineann an scannán le gaiscí shaighdiúirí na hÉireann le linn an léigir ar Jadotville sa Chongó.

Ceann de théamaí an scannáin agus an chláir ná go ndéanaimid bun thar ár n-acmhainn mar chuid d’fhórsa coimeádta síochána na Náisiún Aontaithe.

Bhí trí ghné ag roinnt le clár na hoíche aréir; cuntas ar an gcoimhlint agus ról na hÉireann, ionchur ó shaighdiúirí na hÉireann roimh, i rith agus i ndiaidh a dtréimhsí dualgais agus léargas ar an ngaol atá cothaithe le muintir dheisceart na Liobáine.

I rith an ama cuireadh béim ar an meas atá ar na hÉireannaigh mar eadránaithe iontaofa agus ar an dainséar ina bhfuilid. 

Tá polaitíocht agus coimhlint na Liobáine casta, cigilteach agus earcaíodh saineolaithe aitheanta cosúil le Lara Marlowe agus Robert Fisk le muid a threorú tríd an oiread agus is féidir. Tugadh chun cuimhne na tragóidí éagsúla; dúnmharaithe Thomas Barrett agus Derek Smallhorne ina measc. Go deimhin ba é seo an chuid ba chorraithí den chlár agus ionchur mothúchánach ón saighdiúir a mhair, John O’Mahony ó Chill Airne, mar aon le cuntas ar cheann feadhna na ndúnmharuithe Mahmoud Bazzi.

Bhí meascán maithe de chloigne cainte againn ar saighdiúirí nó iarshaighdiúirí iad. Bhí Aaron Curley ón nGaillimh againn, fear a lean lorg a athar chuig na Liobáine agus bhí Julie O’Brien ó Chorcaigh a bhí ag dul ar a ceathrú tréimhse dualgais thar lear.

Labhair Tom Clonan go fealsúnach, meáite agus paiseanta faoin ábhar.

Chuireas féin an-suim sa ghaol atá cothaithe le muintir na háite le tarrac ar 40 bliain anuas.

Trádálaí dúchasach amháin ag rá gur bhuail sé le hathair saighdiúir amháin agus go bhfuil sé ag súil le bualadh lena mhac. Patrick baiste ar a mhac ag trádálaí eile agus duine eile ag rá gur bhreá leis canúint Chorcaí fad is atá sé ag aithris uirthi go paiteanta.

Níor sásaíodh mo ghoile anseo, áfach. Theastaigh uaim a thuilleadh a fháil amach faoin dearcadh atá ag an bpobal ar na headránaithe Éireannacha mar aon leis an tionchar a bhí acu ar an áit.

Bhí radharcanna corraitheacha againn ag deireadh an chláir le muintir na saighdiúirí ag cur fáilte abhaile rompu le deora i súile na n-óg.

Faoi mar a dúirt Clonan tá coimeád na síochána anois mar a bheadh sé as broinn le saighdiúirí na hÉireann.

Ábhar bróid.