‘Coilíneacht Chonamara’ – An Piarsach ar an gCaiseal agus i gCarna

Bhí Pádraig Mac Piarais ar dhuine de dhream beag daoine a shocraigh saoire a chaitheamh sa nGaeltacht - coilíneacht Chonamara a thug siad orthu féin

03-pearseTá a fhios ag fia agus ag fiolar faoi seo gur i 1903 a tháinig Pádraig Mac Piarais go Ros Muc den chéad uair ach an bhfuil mórán daoine ann arb eol dóibh go raibh sé ar an gCaiseal agus i gCarna an bhliain roimhe sin?

Pádraic Óg Ó Conaire, an scríbhneoir as Ros Muc, a thug an t-eolas sin in alt leis a foilsíodh san Irish Press roinnt mhaith blianta ó shin.

Bheadh muinín agat as eolas Phádraic Óig mar fear a bhí ann a raibh eolas pearsanta aige ar an bPiarsach de bharr gur chaith sé seal i gColáiste Éanna.

Dream beag daoine a shocraigh saoire a chaitheamh sa nGaeltacht. Bhí Pádraig Mac Piarais ina measc. Coilíneacht Chonamara a thug siad orthu féin.

Seo leis an gcoilíneacht ar thraein na maidine, an naoú lá fichead de Mhárta 1902, i dhá charráiste a bhí curtha in áirithe dóibh, a dúirt Pádraic Óg. Sa Zetland Arms Hotel ar an gCaiseal a chuireadar fúthu ar 30 scilling sa tseachtain.

Ní bheadh sé éasca an uair sin lóistín cóiriúil a fháil in áit ar bith sa limistéar, a dúirt sé, “mar nach raibh aon Bhord Fáilte ar an saol ná aon rialtas a bheadh ag sluaisteáil deontas ar óstáin sa nGaeltacht.”

Ba le Johnny Ó Lochlainn an t-óstán ar shiopa agus tábhairne aige é ar ndóigh. Ba dhuine mór le rá Johnny sa limistéar tíre seo, mar ba ghníomhaire imirce agus Justice Of The Peace é.

Bhí sé mórálach as a chuid Béarla; ní nárbh ionadh mar ba í teanga an airgid í.

Leagadar amach turais dóibh féin mar leanas: an chéad cheann siar don Chlochán, lá dá raibh an seisiún ceathrúnach ar siúl ann

Go Carna an tríú lá d’Aibreán. Bhí cúirt i gCarna an lá sin agus fear teanga ag gníomhú ann. Ní bhíodh focal Gaeilge ag an ngiúistís agus ba ríbheag an méid múinteoirí náisiúnta a bhí i gConamara an tráth úd a bheadh in ann an cat a chur amach i nGaeilge.

Ar theacht ar ais as Carna dhóibh an tráthnóna sin chuadar chuig ‘American Wake’, áit a mbailíodh comharsana agus gaolta ag cur slán agus beannacht leis an té a bhíodh ag dul go Meiriceá.

Chuadar go Cloch na Rón ar an gceathrú lá den mhí.

‘Bail ó Dhia ort,’ arsa an Piarsach le fear a bhí ag briseadh cloch ar thaobh an bhóthair, mála ar a ghuaillí le beagán teasa a choinneáil ina cholainn ocrach.

Is beag nár thit an casúr as láimh an bhochtáin nuair a chuala sé an Ghaeilge.

‘Go mba é dhuit agus don chlann a bheas agat,’ ar seisean.

An cúigiú lá dhreapadar Cnoc an Chaisil óna bhfuaireadar deis sciar maith de dhúiche álainn Chonamara a fheiceáil.

Seanmóir Bhéarla a bhí le cloisteáil acu i mBéal an Átha Fada ar an Domhnach.

Bhíodh seanmóir Ghaeilge ar an gCaiseal an tráth úd, rud nach bhfuil anois.

Thugadar cuairt ar an Líonán, an Choill Mhór agus ar chairéal an mharmair i Lios Uachtair, agus chuaigh ar thuras bádóireachta amach go hArdoileán, ar chósta an Chlocháin, oileán suntasach i ngeall ar a bhfuil d’iarsmaí na seanaimsire ann.

Is ann atá Naomh Feichín curtha, de réir an tseanchais.

An Canónach Mac Ailpín, sagart paróiste an Chlocháin, a sholáthair bád dóibh. Agus chuaigh ina gcuideachta an bheirt séiplíneach agus an Dochtúir Ó Guairim.

Bhí dinnéar breá tacúil réidh ag an gCanónach rompu ar theacht ar ais dóibh.

Fad is a bhí siad ar an gCaiseal bhíodh rang Gaeilge agus díospóireacht agus cluichí cártaí acu san óstán. Bhí boiscín nó ‘kitty’ ar an mbord agus aon uair a sciorradh focal Béarla ar aon duine, chaithfeadh sé pingin a chur sa gcití.

Bhíodh Johnny Ó Lochlainn ina gcuideachta agus tharla go mba JP é, sciorradh corrfhocal Béarla air, ach d’íocadh sé an fhíneáil go fonnmhar.

Coicís a chaith siad i gConamara, iad fíorshásta lena gcuairt.

Logo 1916 wide