Coicís scíthe agus machnaimh ag bainisteoirí na gCúigí

Is cinnte go mbeidh foirne bainistíochta na gCúigí ag baint leas as an sos le snas a chur ar chúrsaí

Anthony Foley before the match 15/2/2014
Anthony Foley ©INPHO/Billy Stickland

Tá coicís scíthe, más féidir scíth a thabhairt air, ag foirne na gCúigí, gan cluichí Pro 12 acu arís go dtí an deireadh seachtaine, an 13/14 Feabhra. Ní hé an scéal céanna ag na himreoirí é. Thug Joe Schmidt 46 acu le chéile an Luan seo caite mar chuid den réamhphainéal is mó a tháinig le chéile ariamh le réiteach don chomórtas 6 Náisiún a bheas linn faoi cheann seachtaine.

Tá beirt imreoirí gan caipíní idirnáisiúnta sa bpainéal seo, Jack Coen na Laighneach agus frapa Chonnacht, Nathan White. Is cinnte go raibh leathshúil ag Schmidt ar an gCorn Domhanda nuair a chuir sé fios ar an líon seo imreoirí. Ach is na hIodálaigh as baile ar an 14ú lá den mhí seo chugainn an chéad chúram atá air na laethanta seo. Beidh sé suimiúil cé mhéad de na himreoirí a bheas fós san ionad traenála ag Teach Carlton i gContae Chill Dara, ag deireadh na seachtaine seo chugainn nuair a fhógróidh Schmidt baill na foirne a bheas ag tabhairt faoin Iodáil.

Ach fiú muna bhfuil aon chluiche acu, is cinnte go mbeidh foirne bainistíochta na gCúigí ag baint leas as an sos le snas a chur ar chúrsaí.

Tá go leor machnaimh le déanamh ar stádas na Mumhan ag Axel Foley, fios aige go bhfuil an-bhrú orthu anois an Pro 12 a bhuachtáil. Mar bharr ar na deacrachtaí atá ag Foley agus ag foireann na Mumhan, léiríonn an líon beag, deichniúr imreoirí ón gCúige atá ar an bpainéal idirnáisiúnta cé chomh fada siar agus atá an Cúige tite faoi láthair.

Bhí cúrsaí sách dona do na hUltaigh le cúpla seachtain.  Ach oiread le Cúige Mumhan, theip orthu cáiliú do na babhtaí ceathrú ceannais do Chorn na gCuradh, agus ní bheidh fáil acu go ceann cúpla seachtain eile ar Paddy Jackson, de bharr eisean a bheith gortaithe. Is deacair dá bhrí sin iad a fheiceáil i measc na gceithre fhoireann a bheas ar bharr tábla an Pro 12, agus a bheas ag imirt sna babhtaí leathcheannais. Meabhraigh freisin nár éirigh ach le hochtar imreoirí ón gCúige áit a fháil ar phainéal Joe Schmidt.

Beidh Cúige Laighean agus Cúige Chonnacht breá sásta gur éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar an bhfreasúra agus iad ag imirt as baile an deireadh seachtaine seo caite, áit sna babhtaí ceathrú ceannais den Chomórtas Eorpach cinntithe acu anois.

Mar sin féin, tá neart údair ag an dhá thaobh feabhas a chur orthu féin. Cinnte ba bhreá le Pat Lam Corn an Dúshláin a bhuachtáil. Ach is cinnte freisin gur tábhachtaí fós ná sin do Chuige Chonnacht críochnú sa 6ú háit nó níos airde ná sin ar thábla an Pro 12. Má éiríonn leo é sin a dhéanamh, beidh dul chun cinn déanta acu faoi Lam agus an conradh nua trí bliana a fuair an tseachtain seo caite tuillte go maith aige.

I gcampa na Laighneach, tá a fhios ag Matt O’Connor go bhfuil brú damanta ar a chúram anois mar gur ag an bhfoireann seo atá an t-aon seans atá ag aon fhoireann ón tír seo corn sinsearach a aimsiú. Beidh gá le feabhas ollmhór más leo sin a dhéanamh, go háirithe san áireamh má chuirtear an dá phointe dhéag sin a d’fhág siad ina ndiaidh agus iad i gcoinne Wasps an Satharn seo caite.

Ní mórán deis cleachtaithe a bheas acu le linn na coicíse sosa seo, mar go bhfuil 24 imreoir ón gCúige ag traenáil leis an bhfoireann idirnáisiúnta. Tá súil agam go mbeidh Ian Madigan ag cleachtadh a chuid ciceála.

 

Fág freagra ar 'Coicís scíthe agus machnaimh ag bainisteoirí na gCúigí'