COGAR ANOIS… le Ciarán Flaherty

Is é fear Fhear Manach, Ciarán Flaherty, atá ag freagairt na gceisteanna tromchúiseacha de chuid Tuairisc.ie an tseachtain seo

Imreoir Fhear Manach, Ciarán Flaherty (ar chlé), atá ag freagairt na gceisteanna dúinn inniu
Imreoir Fhear Manach, Ciarán Flaherty (ar chlé), atá ag freagairt na gceisteanna dúinn inniu

1. Dá mbeadh seans agat freastal ar aon ócáid spóirt ar domhan, cén ceann a roghnófá?
Cluiche ceannais Chorn Rugbaí an Domhain.
2.  Céard é an rud is mó a chuireann eagla ort?
An scrúdú Yoyo [tástáil chorpacmhainne].
3. Cén duine is cáiliúla a bhfuil a (h)uimhir i do fón póca?
Barry Mulrone, ach tá mé ag súil le huimhir James Allen a fháil go luath.
4. Henry Shefflin nó Colm ‘Gooch’ Cooper?
Gooch.
5. Céard é an rud is greannmhaire nó is aistí atá feicthe agat ar an bpáirc imeartha?
Níor tharla sé ar an bpáirc ach chonaic mé fear ag cuimilt Deep Heat timpeall ar a mhagairlí tar éis dúinn cluiche a bhuachan. Sin é an ceiliúradh a bhí aige.
6. Dá mbeifeá in ann dul siar sa stair agus rud amháin a athrú, céard a dhéanfá?
Scór Aidan Breen i gcoinne Ollscoil na Banríona i gCorn Mhic Cionnaith a chur ar ceal. Ní admhaíonn sé go raibh sé ag iarraidh an liathróid a chur isteach chuig Dean Quigley.
7. Dá mbeadh cead agat bainisteoir a roghnú ar d’fhoireann, cé a phiocfá – duine daonna nó carachtar as leabhair nó scannáin?
Gandalf the Grey – bíonn sé san áit cheart ag an am ceart i gcónaí chun gach duine a thabhairt slán. Níl droch-chuma ar a fhéasóg ach an oiread.
8. Cén t-imreoir is measa a chas duit maidir le bheith ag cabaireacht agus ag cur as duit ar pháirc na himeartha?
Clucker [Ryan McCluskey]; ní dhúnann sé a bhéal, is cuma má tá tú ag imirt ina aghaidh nó ag imirt leis.
9. Rachel Wyse nó Marty Morrissey?
Braitheann sé céard atá i gceist – Rachel don dathúlacht, Marty don chlár éadain snoite, mahagaine atá aige.
10. Cé acu is measa, dar leat, seasamh roimh bhuille éirice de chuid Anthony Nash gan chamán, nó trí nóiméad i gcoinne Kieran McGeeney i gcaighean UFC?
Céard faoi seo, tugann Nash faoi McGeeney le camán agus níl mise ach ag breathnú orthu?

Fág freagra ar 'COGAR ANOIS… le Ciarán Flaherty'