COGAR ANOIS: An tseachtain seo…Ciarán Kilkenny

Freagraíonn Ciarán Kilkenny na ceisteanna is práinní agus is tromchúisí atá ag dó na geirbe ag Tuairisc.ie

 

Ciaran Kilkenny 30/6/2013
Ciarán Kilkenny ©INPHO/James Crombie

1.Dá mbeadh seans agat freastal ar aon ócáid spóirt ar domhan, cén ceann a roghnófá?

Ba bhreá liom freastal ar throid mhór dornálaíochta. Tá an-mheas agam ar dhornálaithe agus bíonn an chuma ar na troideanna móra gurb iontach an   t-atmaisféar é.

2. Céard é an rud is mó a chuireann eagla ort?

Íde béil ó mo mhamó!

 3. Cén duine is cáiliúla a bhfuil a (h)uimhir i do fón póca?

Bernard Dunne.

4. Henry Shefflin nó Colm ‘Gooch’ Cooper?

Shefflin.

5.Céard é an rud is greannmhaire nó is aistí atá feicthe agat ar an bpáirc imeartha?

Duine de mo chairde ag fáil sliotair sna magairlí maidin fhuar Earraigh!

6. Dá mbeifeá in ann dul siar sa stair agus rud amháin a athrú, céard a dhéanfá?

Ní ligfinn do mhuintir Chill Chainnigh tosnú leis an iomáint a imirt.

7. Dá mbeadh cead agat bainisteoir a roghnú ar d’fhoireann, cé a phiocfá – duine daonna nó carachtar as leabhair nó scannáin san áireamh?

Gandalf.

8. Cén t-imreoir is measa a chas duit maidir le bheith ag cabaireacht agus ag cur as duit ar pháirc na himeartha?

Shane Heffernan – St. Oliver Plunetts/Eoghan Rua.

8. Rachel Wyse nó Marty Morrissey?

Marty.

10. Cé acu is measa, dar leat, seasamh roimh bhuille éirice de chuid Anthony Nash gan chamán, nó íde béil a fháil ó Davy Fitz?

Íde béil ó Davy, déarfainn, ach tá súil agam nach mbeidh orm déileáil le ceachtar den da cheann acu go brách!

Fág freagra ar 'COGAR ANOIS: An tseachtain seo…Ciarán Kilkenny'