Cogadh siceolaíoch na bhfíseán fuilteach

Tá cogadh siceolaíoch á fhearadh orainn ar fad, inár nduine is inár nduine, ag an Stát Ioslamach. Ní gá dúinn géilleadh.

key--hand-on-mouse--clicking--work_3256354

Fadó, fadó, nuair nach raibh an duine ach díreach tar éis an uaimh a fhágáil, chuirtí coiriúlaigh agus naimhde an dreama a bhí i gcumhacht chun báis go poiblí. Chaití clocha leo. Chuirtí ar chrois iad. Chrochtaí iad. Dhóití ina mbeatha iad. Agus bhíodh slua i láthair chun lán a gcuid súl a bhaint as an ócáid.

Níor tháinig deireadh le dúil an duine sa dóirteadh fola le linn Ré na hEagnaíochta. Nár tháinig na sluaite amach ag breathnú ar uaisle na Fraince agus na cloigne á mbaint díobh ar an ngilitín?

Seans gur cheap na sluaite seo (nach raibh cluichí ríomhaireachta foréigin acu, tar éis an tsaoil) go raibh siamsaíocht á cur ar fáil dóibh ag na húdaráis, ach ar ndóigh, bhí cogadh siceolaíoch á fhearadh ag na húdaráis chéanna orthusan.

‘Déan rud ar bith nach dtaitníonn linn agus seo a tharlóidh duit’ an teachtaireacht a bhí á tabhairt don phobal aon uair a dhéantaí taispeántas poiblí den bhás.

Cogadh siceolaíoch, go deimhin, atá á fhearadh ag an Stát Ioslamach ar an gcuid eile den domhan le bliain nó dhó anuas agus físeáin fhuilteacha á bhfoilsiú ar an idirlíon acu gach uair a chuireann siad duine dá ngialla chun báis ar bhealach brúidiúil.

Tá an cogadh seo á fhearadh orainn ar fad, inár nduine is inár nduine. Ár n-aigne páirc an áir.

Dá mhéad daoine a bhreathnaíonn ar na físeáin seo, is ea is fearr a éireoidh leis an straitéis.

Admhaím láithreach go mbíonn cathú orm féin aon uair a fheicim nasc chuig ceann de na físeáin seo i dtuairiscí nuachta ar líne. Fiosracht nádúrtha an duine, is dócha.

Ba bheag nach bhfuair an fhiosracht seo an lámh in uachtar ar an instinn nádúrtha eile sin atá ag gach duine – an coinsias – an lá cheana agus nasc romham chuig íomhánna d’fhear i ngaiste, tonn tine ar tí é a shlogadh. Ach dúirt glór éigin go domhain taobh istigh ionam gan chliceáil ar an nasc.

Níor chliceáil.

Thuig mé go bhfaigheadh an Stát Ioslamach bua eile ina gcogadh siceolaíoch dá mbreathnóinn ar a bhfíseán, nó ar íomhánna a baineadh as. Dhéanfainn go díreach an rud a theastaíonn uathu.

Bheadh scéin orm rompu, agus mar a thuigeann gach bulaí, gach sceimhlitheoir agus gach antoisceach, tá dlúthcheangal idir scéin agus urraim.

Agus nílim sásta ligean d’aon antoisceach brúidiúil bua siceolaíoch a bhaint amach orm.

Is lú i bhfad an éifeacht a bheadh ag stráitéis scéine an Stáit Ioslamaigh dá ndiúltóimis ‘freastal’ ar na básúithe seo, ar cosúla iad le híobairtí daoine ná le rud ar bith eile.

Fág freagra ar 'Cogadh siceolaíoch na bhfíseán fuilteach'

  • Iasan Ó Riabhaigh

    Níl focal nó téarma ar bith fágtha chun tuarascáil a thabhairt ar “dhaoine” den chineál seo.
    Caithfidh sléacht ceart a dhéanamh ar Stáit Ioslamach chomh luath agus is féidir.Níl fiú go mbeadh an t-olcas seo le déanamh ag na Sátanaigh,dar liomsa.
    Is Aindiachaí mé amach is amach,ach dá mbeadh aon creideamh ar bith agam,bheinn ag súil go bhfuil áit amháin ann do na daoine seo-Ifreann.