Cluichí Oilimpeacha agus cuimhne ar Chonnolly: an bhfuil Boston ag iarraidh a bheith sa rása?

Seans go dtabharfar chun cuimhne arís saol agus scéal James Brendan Connolly má théann Boston san iomaíocht leis na cluichí Oilimpeacha a reáchtáil sa gcathair sin in 2024

Cluichí Oilimpeacha agus cuimhne ar Chonnolly: an bhfuil Boston ag iarraidh a bheith sa rása?

JBC_portrait_bowtie_ca_1912

Seo leis, é ligthe amach go breá, a lámha scartha amach ag cur fuadair faoina cholainn agus amhóg mhór tógtha aige i dtreo na spéire. Dealbh atá ann ach tá beocht ann; dealbh a thugann chun cuimhne an chéad laoch Meiriceánach sna cluichí Oilimpeacha. Sin é an dealbh de James Brendan Connolly ar Pháirc Joe Moakley, nó Páirc Cholumbus mar a thugtaí air, i gceantar South Boston.

In uachtar na páirce poiblí seo – buailte ar Carson Beach atá an chuid íochtarach – atá an dealbh seo; tá an Saunders Stadium díreach lena thaobh. Ní dóigh go dtugann na céadta a théann an bealach chuile lá mórán suntais don dealbh anois ach seans go dtabharfar chun cuimhne aríst saol agus scéal James Brendan Connolly má théann Boston san iomaíocht leis na cluichí Oilimpeacha a reáchtáil sa gcathair sin in 2024. Ba é James Brendan Connolly a bhuaigh an chéad chraobh ag na Cluichí Oilimpeacha nua-aoiseacha a tosaíodh sa nGréig in 1896.

Ba as Inis Mór in Árainn iad tuismitheoirí James Brendan Connolly – b’shin iad Seán Ó Conghaile agus Áine Ní Dhónaill, roimh phósadh di. Rugadh James Brendan ar Gold and East Street i gceantar mór na nÉireannach i South Boston in 1868. Bhí a mhianach lúthchleasaíochta le tabhairt faoi deara ag éirí aníos dó agus bhí sé cumasach meabhrach ag dul chun na scoile dó freisin; bhain sé áit amach in Ollscoil Harvard.

Bhí ag éirí thar cionn leis mar lúthchleasaí freisin agus bhí a intinn leagtha aige ar a dhul chuig na Cluichí sa nGréig in 1896. Ní raibh Harvard sásta scaoileadh leis agus d’fhág Connolly slán leis an gcoláiste uilig. Laoch Meiriceánach a bhí an ann nuair a d’fhill sé; buaiteoir sa comórtas bpreab-coisméig-léim (Triple jump), an dara háit aige sa léim ard agus an tríú háit sa léim fhada.

An chéad rogha ag Boston ar iarratas Oilimpeach Mheiriceá

D’fhéadfadh sé anois go mbeadh cuid de na Cluichí Oilimpeacha féin á reáchtáil naoi mbliana ó inniu fíorghar don áit a bhfuil dealbh James Brendan Connolly. Thug an Coiste Oilimpeach sna Stáit Aontaithe an chéad rogha do Bhoston le hiarraidh a thabhairt faoi reáchtáil na gCluichí in 2024. Ní shin le rá go n-éireoidh le Boston mar beidh coimhlint mhór idirnáisiúnta ann. Ach, ait go leor, tá ceist eile ann fiú sula dtosóidh an choimhlint sin i gceart …agus ceist, gan dabht, a chuirfeadh iontas ar James Brendan Connolly a rinne an t-aistear achrannach don Ghréig in 1896. D’fhéadfadh sé nach ngabhfadh Boston san iomaíocht beag ná mór, beag beann ar chinneadh Choiste Oilimpeach Mheiriceá i bhfabhar na cathrach sin san Eanáir seo caite.

‘Speáin pobalbhreith san Aibreán go raibh 50% de mhuintir Bhostúin in aghaidh na gCluichí Oilimpeacha a thabhairt chun na cathrach sin; bhí 40% ar a shon agus 10% idir eatarthu. D’athraigh Coiste Bhoston a gcompás roinnt le tamall anuas agus tá moltaí ann go mbeadh na himeachtaí roinnte ar fud Stát Mhassachusetts. Is cosúil go bhfuil níos mó tacaíochta ag an moladh sin; mar shampla in oirdheisceart an Stáit tá 66% den phobal i bhfabhar na gCluichí de réir pobalbhreithe. Mar a tharlaíonn sé, tá daoine ansin clamhsánach nach bhfuil seirbhís traenach idir iad féin agus Boston; is cosúil go gceaptar go mbeadh seans ar infreastruchtúr níos fearr dá mbeadh cuid éigin de na Cluichí ar bun sa gcuid sin den Stát. Ach ní traenacha ach boinn na gcos a bhí mar armlón ag Coiste Bhoston nuair a cuireadh a gcás os comhair Choiste Oilimpeach na Stát Aontaithe.

Dúirt coiste Bhoston go bhféadfaí na Cluichí Oilimpeacha a eagrú i mBoston sa gcaoi agus go bhféadfadh daoine a dhul ó hionad go hionad de shiúl a gcos. Chuaigh Méara Bhoston, Marty Walsh go California le cur leis an gcás a bhí ag an gcathair agus bhí toradh ar an turas. Fuair Boston an ceann is fearr ar Los Angeles, ar San Francisco agus ar Chicago sa gcoimhlint; bhí tacaíocht láidir ann do Chluichí Oilimpeacha na gccos agus bheadh Boston sa gcoimhlint do Chluichí Oilimpeacha na bliana 2024 mar ionadaithe ar na Stáit Aontaithe.

Ach, is cosúil gur mó suim a bhí i gCluichí na gCos i gCalifornia ná a bhí i mBoston féin.

Coisméigeacha agus cosa i dtaca i mBoston

Níorbh fhada gur thosaigh conspóid faoi tháillí móra a bhí á n-íoc le cathaoirleach an Choiste, John Fish, fear a bhfuil comhlacht ollmhór tógála aige i mBoston. Bhí an Méara, Marty Walsh, ina measc siúd a labhair amach agus dúirt an Méara gur shíl sé go bhféadfadh John Fish obair na gCluichí Oilimpeacha a dhéanamh in aisce. Níorbh fhada gur cuireadh Fish go leataobh. Bunaíodh coiste frith-Oilimpeach i mBoston agus tá cruinnithe achrannacha tarraingthe sa gcathair. De réir pobalbhreitheanna, is í an chontúirt go mbeadh costais mhóra ar an gcathair agus ar cháiníocóirí an imní is mó atá ar dhaoine; bhí fiacha fanta ar chuile chathair a reáchtáil na Cluichí ó 1960 i leith.

Ach caithfear a chur sa gcomhaireamh freisin gur cathair dheisiúil go maith í Boston agus go bhféadfadh daoine a bheith drogallach faoin lear tógála a bheadh ar bun agus an t-athrú a chuirfeadh an tranglam agus an trácht ar an saol. Tá fear gnó darb ainm Steve Pagliuca ina cheannasaí ar Choiste na gCluichí i mBoston anois agus tá plean nua le foilsiú i dtús mhí Iúil. Muna mbeidh fáilte réasúnta láidir roimh an bplean seo, d’fhéadfadh sé gurbh fhearr do Bhoston gan aon choisméig eile a thógáil i dtreo na gCluichí Oilimpeacha.

B’ait an rud é sin 120 bliain ó léim James Brendan Connolly as South Boston – agus do bhunadh Oileáin Árann – isteach i leabhra staire na gCluichí Oilimpeacha.