Cluichí Leathcheannais na hEorpa agus gan tásc ar Ghael

Níor éirigh le haon fhoireann ón tír seo a bhí ag imirt i mbabhtaí leathcheannais na hEorpa i gCorn na gCuradh ná i gCorn an Dúshláin, an comórtas sóisearach a bhaint amach i mbliana

Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: ©INPHO/Dan Sheridan

Seans gur cúis náire do Chúigí na hÉireann go bhfuil scíth acu arís an deireadh seachtaine seo.

Ba iad na Connachtaigh, an t-aon fhoireann a bhain na babhtaí ceathrú ceannais amach ach bhí an-mhí-ádh orthu siúd nár éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Grenoble coicís ó shin.

Fágann sin go bhfuil an comórtas sinsearach, Corn na gCuradh, fágtha faoi fhoirne Shasana agus na Fraince. Tá thrí fhoireann Shasanacha sna babhtaí leathcheannais. Beidh Saracens, foireann a d’imir ach a chaill sa gcluiche ceannais in 2014, ag imirt sa mbaile i gcoinne Wasps, foireann eile as Londain, foireann a fuair greim ar an gcorn in 2004 agus 2007 ar an Satharn. Ar an Domhnach, beidh Leicesters Tigers, dream a bhuaigh é in 2001 agus 2002 i gcoinne Racing 92 na Fraince, foireann nár éirigh leo an gradam seo a bhaint amach fós. Seans go mbeidh na Francaigh ag súil go mbeidh tionchar dearfach ag an iar-All Black agus an leathchúl amuigh is fearr ar domhan, Dan Carter ar thoradh na coimhlinte seo.

B’fhéidir gur splanc dhóchais do na Gaeil nár éirigh le haon fhoireann as Albain ná as an mBreatain Bheag an chéim seo den chomórtas a bhaint amach ach oiread. Níl mise róchinnte gur mórán sóláis dúinn a bheith i measc na gcaillteoirí ach is ina measc atá muid.

Mar a dúirt mé roimhe seo níor éirigh linn áit a fháil i measc na bhfoirne sóisearacha i gCorn an Dúshláin ach oiread. Tá muid sa mbád céanna leis na hAlbanaigh an babhta seo. D’éirigh le dhá fhoireann as an bhFrainc agus ceann as Sasana agus an Bhreatain Bheag an chéim seo den chomórtas áirithe seo a bhaint amach. Ar an Aoine beidh Harlequins Londan, foireann atá faoi stiúir Chonor O’Sea ag tabhairt faoi Grenoble na Fraince, dream atá faoi stiúir Éireannaigh eile, Bernard Jackman. Ar an Satharn beidh Montpellier na Fraince sa mbaile agus iad i gcoinne Dragons na Breataine Bige.

Ach an oiread leis na foirne atá ag imirt i gCorn na gCuradh, is deacair bua a shamhlú d’aon fhoireann nach bhfuil buntáiste an bhaile acu.

Fág freagra ar 'Cluichí Leathcheannais na hEorpa agus gan tásc ar Ghael'