Cluichí ceannais na Mumhan agus Uladh

I gCúige Mumhan, beidh Kieran Donaghy sa tóir ar bhonn eile agus tabharfaidh Naomh Éanna Omaigh agus Sleacht Néill aghaidh ar a chéile in Ulaidh.

Duine de lucht leanúna na Stacaigh. ©INPHO/Ryan Byrne
Duine de lucht leanúna na Stacaigh. ©INPHO/Ryan Byrne

Cluiche Ceannais Peile Sinsear na Mumhan


Na Stacaigh (Ciarraí) v An Uidhir (Port Láirge) – Páirc Uí Chaoimh (Corcaigh), 2i.n.


Na Stacaigh in aghaidh An Uidhir, curaidh Chiarraí in aghaidh churaidh Phort Láirge.

Agus tú ag breathnú ar na foirne atá roghnaithe, dar leat nach mbeadh mórán de chomórtas ann i gcluiche ceannais na Mumhan an Domhnach seo. Ach is cuma céard iad na hainmneacha atá scríofa ar an gclár oifigiúil, is ar pháirc na himeartha a insítear gach scéal spóirt.

Ba iad An Uidhir an fhoireann deireanach as Port Láirge a chuaigh chomh fada leis seo.

Foireann as Ciarraí a bhí rompu an uair sin chomh maith. I 2006 fuair Crócaigh Chill Airne an ceann is fearr orthu le trí phointe, 2-5 in aghaidh 0-8.

Beidh foireann Benji Whelan ag iarraidh an chailliúint sin a chúiteamh Dé Domhnaigh agus má bhíonn Conor Gleeson, ceann de na himreoirí óga is fearr sa tír os cionn a bhuile, beidh an-deis acu.

Tá cúig phointe aimsithe ag an tosaí óg ón imirt sa trí chluiche is déanaí a d’imir sé, 0-5 i gcluiche ceannais Phort Láirge agus 1-2 in aghaidh Bhaile an Londraigh agus 1-2 arís i gcoinne Creathlach coicís ó shin.

Ag tacú le Gleeson tá roinnt imreoirí a d’imir d’fhoirne peile agus iomána na Déise, Liam Lawlor, Jamie Barron agus an cúpla, Thomas agus Maurice O’Gorman, ina measc.

Seasann ‘Réalt’ amháin amach i measc thosathe Na Stacaigh chomh maith ach ní haon nath ag Kieran Donaghy é an t-ualach sin a iompar. Scóráil an fear mór 1-2 in athimirt chluiche ceannais an chontae in aghaidh Chiarraí Lár chun an craobh a bhuachan do Na Stacaigh don chéad uair le 20 bliain.

Fuair Na Stacaigh an ceann is fearr ar sheaimpíní Chorcaí, Baile an Chollaigh, i gcluiche leathcheannais na Mumhan agus beidh siad ag iarraidh Chraobh na Mumhan a thabhairt leo den chéad uair ó 1976.

D’fhéadfadh Donaghy a bheith imithe go Bostún an tseachtain seo i dteannta na ‘All-Stars’ agus beidh sé ar a dhícheall ag iarraidh a chinntiú gurbh fhiú an íobairt sin.

Tuairim na nGeallghlacadóirí: Na Stacaigh – 1/2, An Uidhir – 7/1, Comhscór – 9/4

Tuairim Tuairisc.ie: Na Stacaigh, ach ní bheidh sé chomh héasaca is a cheaptar


Lán-tosach Naomh Éanna, Ronan O’Neill, roimh chluiche leathcheannais Uladh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty
Lán-tosach Naomh Éanna, Ronan O’Neill, roimh chluiche leathcheannais Uladh. INPHO/Presseye/Lorcan Doherty

Cluiche Ceannais Peile Sinsear Uladh


Naomh Éanna Omaigh (Tír Eoghain) v Sleacht Néill (Doire) – Páirc Lúthchleasaíochta (Ard Mhacha), 3.30i.n.


Dhá foireann iad seo atá ag iarraidh craobh chúige a bhuachan den chéad uair.

Tar éis gur briseadh an mhonaplacht a bhí ag Raonaithe na Croise ar Chraobh Uladh le cupla bliain anuas, cuireadh iontas ar gach duine nuair a bhuail Naomh Éanna iad sa chluiche ceathrú ceannais ag tús na míosa seo.

Cuireadh Naomh Éanna faoi scrúdú arís i gcoinne sheaimpíní Dhún na nGall, Naomh Adhamhnáin, sa chluiche leathcheannais ach arís, bhí fir Thír Eoghan sách láidir don tástáil, agus bua 1-8 in aghaidh 0-8 acu.

Tá Justin agus Joe McMahon i measc na n-imreoirí idirchontae atá acu agus an-chuid taithí dá bharr acu. Anuas air sin, tá imreoirí óga ar an bhfoireann a bhfuil na craobhacha Uladh atá buaite acu ag Mionúr agus ag Faoi-21 mar spreagadh dóibh.

Ach ní hé nach bhfuil imreoirí mór le rá ach Sleacht Néillan freisin.

Tá imreoir lár na páirce Dhoire, Patsy Bradley agus an lánchúlaí Chrissy McKaigue acu agus cuimhnigh gur ar sheaimpíní Uladh 2013, Baile an Doire, a bhuaigh Sleacht Néill i gcluiche ceannais an chondae. Tabharfaidh sé sin misneach dóibh.

Tar éis craobh an chontae a bhuachan, bhuail Sleacht Néill Gaeil an Chabháin agus Cluain Tiobrad chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na deireadh seachtaine seo.

Tabharfaidh buaiteoir an chluiche seo aghaidh ar sheaimpíní na Mumhan, Na Stacaigh nó An Uidhir, i gcluiche leathcheannais na hÉireann i mí Feabhra seo chugainn.


Tuairim na nGeallghlacadóirí: Naomh Éanna Omaigh – 5/6, Sleacht Néill – 6/1, Comhscór – 11/8

Tuairim Tuairisc.ie: Seasfaidh a mbua ar Raonaithe na Croise le Naomh Éanna Omaigh agus beidh an lá leo.


 

 

Fág freagra ar 'Cluichí ceannais na Mumhan agus Uladh'