Cluichí ceannais na mBan sna cúigí le craoladh ar Youtube ag TG4

Is é seo an chéad uair a bheidh na ceithre chluiche ceannais cúige á gcraoladh beo agus cuirfear tús leis an gclúdach Dé Domhnaigh

Cluichí ceannais na mBan sna cúigí le craoladh ar Youtube ag TG4

Cora Staunton (Maigh Eo) agus Fiona Hudson (Baile Átha Cliath). Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Craolfar beo cluichí ceannais na gcúigí uile i gCraobh Shinsir Peile na mBan den chéad uair an mhí seo chugainn agus é fógartha ag TG4 agus Cumann Pheil na mBan go mbeidh na cluichí á gcraoladh acu ar YouTube.

I measc na bhfoirne a bheidh le feiceáil agus na cluichí ceannais á n-imirt sna chéad chúpla seachtain de mhí Iúil, beidh Dún na nGall, Gaillimh, Maigh Eo, Ciarraí agus Port Láirge.

Cuirfear tús leis an mbeochraoladh an Domhnach seo nuair a imreofar cluiche ceannais Uladh idir mná Thír Chonaill agus mná Mhuineacháin. An tráthnóna céanna, tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar a gcomharsana, Maigh Eo, i gcluiche ceannais Chonnacht i gCaisleán an Bharraigh.

An Satharn ina dhiaidh sin, ar an 8 Iúil, beidh Port Láirge ag iarraidh Craobh na Mumhan a thabhairt leo den chéad uair ó 2002 agus iad i gcoinne Chiarraí. Lá arna mhárach, Dé Domhnaigh an 9 Iúil, imreoidh Baile Átha Cliath agus an Iarmhí i gcluiche ceannais Laighean.

Chuir Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an mbeochlúdach.

“Is iomaí forbairt shuntasach déanta againn ar ár gclúdach ar Chraobh TG4 i bPeil na mBan ó thosaigh muid air, seacht mbliana déag ó shin agus is deas linn an ceann is deireanaí seo – beochlúdach ardchaighdeáin ar YouTube ar na Cluichí Ceannais Cúige i ngrád na sinsear. 

“Tabharfaidh na cluichí seo tuairim mhaith don lucht leanta faoina bhfuil amach romhainn sa gCraobh sa Samhradh,” a dúirt Alan Esslemont.

D’fháiltigh Ard-Stiúrthóir an LGFA, Helen O’Rourke, freisin roimh an fhorbairt seo agus mhol TG4 as na cluichí craoibhe seo a chraoladh beo. “Cuirfear suim ar leith sna cluichí seo ina bhfuil ocht bhfoireann chumasacha páirteach. Den chéad uair ó 2003, níl Corcaigh cáilithe do Chluiche Ceannais na Mumhan agus i gcúige Laighean, tá mná Átha Cliath ar thóir an séú craobh as a chéile,” a dúirt Ard-Stiúrthóir an LGFA, Helen O’Rourke.

Ní hé seo an chéad uair ar chraol TG4 cluichí beo ar Youtube agus bhain siad leas as an gcainéal ar líne do chluichí i gCraobh Faoi-21 Peile na hÉireann, i Sraith Peile na mBan agus i Sraith Camógaíochta cheana féin i mbliana

Fág freagra ar 'Cluichí ceannais na mBan sna cúigí le craoladh ar Youtube ag TG4'