Cluichí ceannais na gCúigí

Breathnaíonn Tuairisc.ie chun cinn ar Chluiche Ceannais Peile Chonnacht agus Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan atá ar siúl an Domhnach beag seo.

Cillian O'Connor 19/10/2014
Lántosach Bhaile an Tobair, Cillian O’Connor, a bhfuil scrios déanta aige sa chraobh i mbliana. INPHO/Ryan Byrne

Dé Domhniagh, 23 Samhain

Cluiche Ceannais Peile Sinsear Chonnacht

Cora Finne (Gaillimh) v Baile an Tobair (Maigh Eo) – Páirc Mhic Éil (Maigh Eo), 2i.n.

30 cúl san iomlán atá faighte ag an dá fhoireann seo sa trí chluiche craoibhe is déanaí a d’imir siad. 16 cúl do Chora Finne agus 14 ceann do sheaimpíní Mhaigh Eo.

Cé go bhfuil siad ag aimsiú cúig chúl an cluiche ar an méan, ní dóigh liom go bhfeicfidh muid chomh minic sin an brat glas sa chluiche seo. É sin ráite, leiríonn an méid cúl atá aimsithe go dtí seo acu cé chomh dainséarach agus cé chomh stuama i mbun scórála is atá siad.

D’aimsigh Cora Finne seacht gcinn de na cúil sin sa léasadh a thug siad do sheaimpíní Liatroma, Achadh Mhaoláin, i gcluiche leathcheannais an chúige. Bhuaigh foireann oirthear na Gaillimhe craobh an chontae go héasca chomh maith, agus farasbarr 18 gcúilín acu sa chluiche ceannais in aghaidh Naomh Mícheál.

Tá an fhoireann lán d’imreoirí a chaith geansaí na Gaillimhe agus is iad Michael Lundy agus Gary Sice an bheirt atá i gcroílár na n-ionsuithe uile.

Cuireadh scrúdú níos déine ar Bhaile an Tobair sular bhain siad áit sa chluiche ceannais amach.

Bhuail siad Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh, a chaill cluiche ceannais na hÉireann i mbliana, chun craobh Mhaigh Eo a bhuachan don triú huair ó 2010.

Le Jason Gibbons, Alan Dillon agus Cillian O’Connor, tá imreoirí móra le rá acu, chomh maith le meascán maith d’imreoirí óga agus imreoirí a bhfuil taithí acu.

Tháinig siad slán as an gcluiche géar, crua a bhí acu in aghaidh Naomh Bríd i gcluiche leathcheannais Chonnacht agus seasfaidh an choimhlint sin leo.

Bhuail Cora Finne ar Bhaile an Tobair le haon phointe amháin, 2-7 in aghaidh 1-11, sa chluiche leathcheannais i 2011 agus breathnaíonn sé nach mbeidh oiread na fríde eatarthu i gcluiche an Domhnaigh.

Tuairim na nGeallghlacadóirí: Cora Finne – 4/9, Baile an Tobair – 9/4, Comhscór – 15/2.

Padraic Collins parades with his team before the game 5/10/2014
Podge Collins, a bheidh ag iarraidh dearmad a dhéanamh ar chailleadh na seachtaine seo caite. INPHO/James Crombie

 

Cluiche Ceannais Iomána Sinsear na Mumhan

Creathlach (An Clár) v Cill Mocheallóg (Luimneach) – Pairc na nGael (Luimneach), 2i.n.

Anois agus Creathlach curtha as craobh peile na Mumhan, beidh siad ag díriú go hiomlán ar an iomáint. Is í an cheist ná an mbeidh siad in ann an chailiúint in aghaidh An Uidhir an deireadh seachtaine seo caite a chur díobh nó an bhfaighidh an tuirse an ceann is fearr orthu agus iad ag imirt cluiche don 15ú seachtain as a chéile, idir pheil agus iomáint.

Bhain Creathlach áit amach i gcluiche ceannais na Mumhan tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Sháirséalaigh Dhúrlas Éile agus Baile Gunnair Phort Láirge níos luaithe sa chomórtas.

Cé go bhfuil foireann sách óg acu, tá taithí ag an-chuid imreoirí ar bheith ar an stáitse mór. Ar ndóigh bhuaigh leithéidí Podge Collins, Conor McGrath agus Conor Ryan Craobh na hÉireann leis an gClár i 2013.

Níl aon easpa taithí ag Cill Mocheallóg ach an oiread. I measc na n-imreoirí is fearr atá acu, tá Gavin O’Mahony, Andrew O’Shaughnessy, agus Graeme Mulchay, chomh maith le duine nó beirt eile, a bhfuil geansaí Luimnigh caite acu le blianta beag anuas.

I gcluiche ceannais Luimnigh, d’imir siad i gcoinne fhoireann Liam Downes agus Shane Dowling, na Piarsaigh, a bhuaigh an chraobh anuraidh, ach is iad Cill Mocheallóg a chroch leo an corn i mbliana nuair a bhí an fheadóg dheireanach séidte.

Bhí gá acu le ham breise ina mbua in aghaidh Sháirséalaigh Chorcaigh i gcluiche leathcheannais na Mumhan. Ach d’éirigh leo an beart a dhéanamh sa deireadh i sárchluiche, 3-22 in aghaidh 3-20.

Mar a luadh, níl an staid seo sroichte ag Creathlach riamh cheana agus tá sé os cionn deich mbliana ó bhuaigh foireann as an gClár, Droichead Abhann Ó gCearnaigh i 2000, Craobh na Mumhan.

Cé gur bhuaigh Na Piarsaigh craobh an chúige anuraidh agus i 2011, níl sé buaite ag aon fhoireann eile as an gcontae sin ó bhuaigh Cill Mocheallóg Craobh na Mumhan fiche bliain ó shin.

Tuairim na nGeallghlacadóirí: Creathlach – 4/5, Cill Mocheallóg – 5/4, Comhscór – 8/1.

Fág freagra ar 'Cluichí ceannais na gCúigí'