Cluichí Ceannais Chorn Mhic Ghiobúin le himirt i nGaillimh in 2017

OÉ Gaillimh atá roghnaithe mar óstach don chomórtas Ardoideachais don bhliain seo chugainn agus na cluichí leathcheannais agus ceannais le himirt mí Feabhra

Cluichí Ceannais Chorn Mhic Ghiobúin le himirt i nGaillimh in 2017

Tá sé fógartha go reáchtálfar cluichí leathcheannais agus ceannais Chorn Mhic Ghiobúin in OÉ Gaillimh an t-earrach seo chugainn.

Is ar an Aoine an 24 Feabhra agus an Satharn 25 Feabhra a imreofar na cluichí sa chomórtas iomána d’fhoirne Ardoideachais Roinn 1. Imreofar cluichí leathcheannais agus ceannais Chorn Uí Riain agus Chorn Uí Mheaghair do na foirne ó Roinn 2 agus Roinn 3 an deireadh seachtaine céanna i nGaillimh.

Is iad Coláiste Mhuire Gan Smál curaidh Chorn Mhic Ghiobúin na bliana seo agus spreagadh maith acu óna himreoirí idirchontae a bhí acu, Ronan Maher, Niall O’Meara (Tiobraid Árann), Cian Lynch, Declan Hannon (Luimneach) agus Colm Galvin ina measc. Fear na Gaeltachta, Maidhc Ó Conghaile, as cumann Micheál Breathnach in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, a bhí sa chúl acu.

Bhí am breise ag teastáil do Choláiste Mhuire Gan Smál chun Ollscoil Luimnigh a shárú sa chluiche ceannais agus meastar go mbeidh an dá fhoireann chéanna i measc roghanna na coitiantachta arís in 2017. Beidh an fhoireann bhaile ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh chomh maith agus ba i nGaillimh a bhí na comórtais nuair a d’éirigh an dá bhua is deireanaí a bhí acu le OÉG sa chomórtas seo, i 1980 agus 2010.

Déanfar an tarraingt do na craobhacha ar fad an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Cluichí Ceannais Chorn Mhic Ghiobúin le himirt i nGaillimh in 2017'