CLUICHE CEANNAIS RUGBAÍ AN DOMHAIN FAOI 20: Mic Tíre óga ag súil leis na Sasanaigh a shéideadh san aer

Tá sé léirithe ag na Gaeil go bhfuil imreoirí acu a bhfuil plean imeartha acu agus iad in ann cloí leis freisin, mar a chonaic muid agus iad i gcoinne na mBaby Blacks

INPHO/Ryan Byrne
INPHO/Ryan Byrne

Is annamh a tharlaíonn aon rud nár tharla riamh cheana, ach sin díreach a tharla i gcás fhoireann faoi 20 rugbaí na hÉireann. Coicís ó shin fuair siad an ceann is fearr ar fhoireann rugbaí faoi 20 na Nua-Shéalainne, curaidh an domhain ag an ngrád seo. Is fiú a mheabhrú freisin gur éirigh leis na hAll Blacks greim a fháil ar an ngradam seo ceithre bhabhta ó thús an chomórtais naoi mbliana ó shin. 

Roimh na ‘Baby  Blacks’ a chloí, fuair na ‘wolf pups’ mar a thugtar ar na Gaeil faoi 20, an ceann is fearr ar fhoireann faoi 20 na Breataine Bige, curaidh na 6 Náisiún faoi láthair, sa gcéad chluiche de chomórtas rugbaí an domhain 2016 atá á imirt i Manchain Shasana i mbliana. Chinntigh na hÉireannaigh go mbeadh an lámh in uachtar acu sa ngrúpa nuair a bhuaigh siad ar an tSeoirsia. D’fhág na trí bhua sin go mbeadh áit ag na Gaeil i gcluichí leathcheannais an chomórtais don dara huair ó thosaigh an comórtas. D’éirigh leo dul chomh fada céanna sa chomórtas dhá bhliain ó shin nuair a bhí sé á imirt san Iodáil ach fuair na Sasanaigh an lámh in uachtar (42 – 15) orthu ar an ócáid sin.

Dé Luain seo caite thug na ‘wolf pups’ faoin Airgintín sa gcéad cheann den dá chluiche leathcheannais i gCorn an Domhain na bliana seo. Den chéad uair riamh d’éirigh leo a chinntiú gurb iad a bheadh ag imirt sa gcluiche ceannais an Satharn seo. Go deimhin ní mórán d’ullmhúchán a thug na Pumas óga do na  Gaeil, níor éirigh leo ach úd amháin a aimsiú agus ba mhó baint a bhí ag botún a rinne na Gaeil leis sin ná tada eile. D’éirigh leis na Gaeil ceithre úd mhaithe a aimsiú sa gcluiche (37-7).

Sasana agus an Afraic Theas a d’imir sa gcluiche leathcheannais eile, dhá fhoireann a thug an teideal leo cheana féin. Bhí an lá leis na Sasanaigh gan mórán stró (39-17 ) agus is iad a bheas i gcoinne na nÉireannach sa chluiche ceannais an Satharn seo. Níl aon dabht ann ach gurb iad na Sasanaigh rogha na coitiantachta don chluiche seo. Is acu atá buntáiste an bhaile agus beidh slua ollmhór ag tacú leo. Tá cleachtadh maith acu ar a bheith ag imirt as gcraobhchluiche agus d’ardaigh siad leo an corn roimhe seo.  

Mar sin féin is fiú a lua nach ionann an comórtas seo agus aon chomórtas eile mar nach mbíonn na himreoirí céanna ag imirt ach ar feadh bliain amháin nó dhá bhliain i gcás imreoirí eisceachtúla. Fágann sin nár cheart go mbeadh mórán idir na foirne. Tá sé léirithe ag na Gaeil go bhfuil imreoirí acu a bhfuil plean imeartha acu agus iad in ann cloí leis freisin, mar a chonaic muid agus iad i gcoinne na mBaby Blacks.

Tá taispeántas iontach den imirt aonair agus an imirt foirne tugtha ag go leor Éireannach óg sa gcomórtas go dtí seo. Tá drogall orm mallacht an tráchtaire a chur orthu ach má imríonn leithéidí an fhrapa, Andrew Porter, uimhir 8 Max Deegan, an leathchúlaí amuigh, Johnny McPhilips agus an lánchúlaí Jacob Stockdale, mar a d’imir said go dtí seo is cinnte nach mbeidh lá bog ag na Sasanaigh. 

Is fiú tagairt faoi leith a dhéanamh do cheannasaíocht James Ryan, captaen na foirne, rud atá lárnach sa scéal seo. Ní hamháin gur captaen iontach é, is imreoir dara sraith den chaighdeán céanna le leithéidí Paul O’Connell é freisin. Ní dóigh go mbeidh sé i bhfad nó go mbeidh sé féin agus cúpla imreoir eile ón bhfoireann seo ag imirt don fhoireann shinsearach. 

Idir an dhá linn, tá an t-ochtó nóiméad rugbaí is tábhachtaí dár imir siad riamh rompu an Satharn seo. 

Creid uaim é, ba mhór an dul amú a bheadh ort an cluiche seo a chailliúint (é beo ar TG4) agus dul amú níos mó ná sin ort mura dtabharfá seans do na Gaeil. 

Fág freagra ar 'CLUICHE CEANNAIS RUGBAÍ AN DOMHAIN FAOI 20: Mic Tíre óga ag súil leis na Sasanaigh a shéideadh san aer'