CLUICHE CEANNAIS PRO 12: Bua don Arm Dearg ach saothróidh siad é!

Tá coimhlint a bheas thar a bheith iomaíoch agus lán le díocas ón tús romhainn i gcluiche ceannais an Pro 12 idir Cúige Mumhan agus Scarlets.

CLUICHE CEANNAIS PRO 12: Bua don Arm Dearg ach saothróidh siad é!

INPHO/Morgan Treacy

Lig foireann Chúige Laighean a gcuid maidí le sruth ar an Aoine seo caite in ainneoin a gcáil mar rogha na coitiantachta roimh thús an chluiche leathcheannais. Go deimhin féin bhí a rás rite ag leath ama cé go raibh imreoir sa mbreis acu don dara leath ar fad toisc go bhfuair Steff Evens cárta dearg díreach roimh dheireadh an chéad leatha.

Ní raibh fir Leo Cullen in ann leas a bhaint as na buntáistí a bhí acu agus iad ag imirt san RDS agus bhí bua mór ag na Scarlets (27 – 15) agus áit sa gcluiche ceannais acu den chéad uair riamh dá bharr.

D’éirigh leis na Scarlets trí úd a aimsiú agus iad ag imirt i gcoinne na Laighneach, rud a léiríonn an cumas iontu agus a fhíochmhaire is a bhíonn siad agus iad ar an ionsaí. Ní hamháin sin, ach cheil siad an liathróid agus úid ar na Laighnigh, rud a chuir le frustrachas lucht leanta fhoireann Átha Cliath agus iad ag breathnú ar lagiarracht a bhfoirne.

A mhalairt de scéal a bhí sa gcluiche leathcheannais eile a bhí á imirt an Satharn seo caite idir na Muimhnigh agus na hOspreys ar Pháirc Thuamhan. Ach an oiread leis na Scarlets, d’éirigh leis na Muimhnigh trí úd a aimsiú iad féin agus cheil siad an liathróid go huile agus go hiomlán ar na cuairteoirí. Go deimhin níor éirigh leis na hOspreys ach trí phointe a fháil in ochtú nóiméad imeartha.

Seans go raibh na Muimhnigh ag súil le tástáil níos fearr roimh an gcraobhchluiche ná mar a tugadh dóibh i gcluiche ar bhuaigh siad go héasc é, 23 – 3.

Pé scéal é, caithfidh siad teacht ar phlean imeartha chun an fhoireann seo as an mBreatain Bheag a shárú. Is léir nach mbeidh tada éasca ag baint leis mar dhúshlán agus beidh dian-anailís á déanamh ar chuile ghné d’imirt na Scarlets le cúpla cluiche anuas.

Beidh na Scarlets ar an obair chéanna. Feicfidh muid linn cén plean nó seift a bheas ag an mbeirt bhainisteoirí.  Ach is cinnte go bhfuil sár-bhunábhar againn do choimhlint a bheas thar a bheith iomaíoch agus lán le díocas ón tús. Tá mise cinnte nach mbeidh ceachtar de na foirne seo sásta orlach amháin féin a ghéilleadh don fhreasúra. Má tá buntáiste ag ceachtar de na foirne a bheas ag imirt sa gcraobh, seans gur ag an Muimhnigh atá sé. Beidh sé éasca ag a lucht leanta dílis agus glórach tacú leo I Staid Aviva agus ná cuir sprid ná tionchar ollmhór Axel Foley, a bhásaigh ag tús an tséasúir seo, as an áireamh ach oiread.

Tá mise ag tuar bua, más ar éigean féin é, don Arm Dearg ach saothróidh siad é!

Fág freagra ar 'CLUICHE CEANNAIS PRO 12: Bua don Arm Dearg ach saothróidh siad é!'