CLUICHE CEANNAIS na hÉIREANN: ‘It didn’t matter that I played for Dublin. I was a countryman. I was from the sticks!’

Nuair a d’imir Maigh Eo agus Áth Cliath a chéile sna cluichí leathcheannais sin i 1955 ní raibh dosaen de na 18 club as a dtagann na peileadóirí atá faoi chúram Jim Gavin i gcluiche ceannais na bliana seo bunaithe beag ná mór

CLUICHE CEANNAIS na hÉIREANN: ‘It didn’t matter that I played for Dublin. I was a countryman. I was from the sticks!’

Is furasta a rá gurb é daonra na cathrach agus a bruachbhailte an chúis is mó atá leis an bhforlámhas atá ag Baile Átha Cliath ar chúrsaí peile go náisiúnta le blianta beaga agus laistigh dá gcúige le tamall roimhe sin.

Fós ní insíonn sin an scéal ar fad mar más é sin do shlat tomhais, mínigh forlámhas Chill Chainnigh san iománaíocht sa tréimhse chéanna.

Éascaíonn méadú an daonra an cúram go mór dar ndóigh, díreach mar a dhéanann bánú na tuaithe a mhalairt. Fós, cuma beag nó mór an pháirc ní fhásfaidh an fómhar mura ndéantar an treabhadh agus mura gcuirtear an síol.

Níl tada is fearr a léiríonn an dul chun cinn atá déanta ag an gCumann Lúthchleas Gael i gContae Átha Cliath le leathchéad bliain nó mar sin ná súil ghasta a chaitheamh ar bhabhta leathcheannais sa gcraobh shinsir peile a d’imir siad féin agus Maigh Eo cúpla glúin ó shin agus é a chur i gcomparáid le cluiche ceannais an deireadh seachtaine seo.

Bhíothas taobh le hathimirt nuair a chas na foirne ar a chéile i 1955, coimhlint a bhuaigh Baile Átha Cliath.

Bhí seachtar den fhoireann a bhuaigh an dara cluiche ceannais i ndiaidh a chéile fós ag imirt do Mhaigh Eo – Paddy Prendergast, Seán Flanagan, John McAndrew, Eamonn Mongey, Paddy Irwin, Mick Flanagan agus Tom Langan.

Ba as na clubanna céanna as a dtagann peileadóirí Mhaigh Eo an lae inniu a tháinig bunús na foirne i 1955. Mistéalaigh Chaisleáin an Bharraigh, Baile an Tobair, Stiofánaigh Bhéal an Átha, Béal Átha hAmhnais, Baile an Róba, Crois Mhaoilíona, Clár Chlainne Mhuiris, Oileán Éadaí, Béal Átha na Muice agus Leacain.

Ba as Cumann Naomh Uinsionn dosaen de na peileadóirí a chuaigh chun páirce do Bhaile Átha Cliath – dhá bhliain roimhe sin ba as an gcumann ceathrar déag den fhoireann a d’imir an Cabhán i gCluiche Ceannais na Sraithe.

Ba iad na foirne sin a d’fhógair an t-athrú polasaí a raibh baint an-mhór ag an gcumann céanna, agus go háirithe ag Kevin Heffernan leis, é neadaithe ina gcroíthe gurbh ag fíor-‘Dubs’ amháin a bhí an ceart an geansaí spéirghorm a chaitheamh.

Bhí an báireoir, Paddy O’Flaherty, ar dhuine den triúr nárbh as Naomh Uinsionn dó – le Binn Éadair a d’imríodh seisean agus ba le foireann an Aerchóir a d’imir an lántosach ar chlé, Johnny O’ Boyle.

Eachtrannach amach agus amach a bhí sa tríú duine, an peileadóir lár páirce Séamus McGuinness a d’imir le Cumann Naomh Maur a bhí lonnaithe ar an Ros, 15 míle ó thuaidh de Shráid Uí Chonaill.

Agus é ag cur síos ar an scéal ina dhiaidh, deireadh Mac Aonghusa: “It didn’t matter that I played for Dublin. I was a countryman. I was from the sticks’!

I gcluiche leathcheannais na bliana seo in aghaidh Thír Eoghain ba é Diarmuid Connolly an t-aon imreoir as Naomh Uinsionn a bhí ar liosta imreoirí Bhaile Átha Claith agus tá peileadóirí as 17 club eile ar an liosta sin.

Dá mba é do léamh air sin go raibh cumann Marino gafa i léig, bheadh dul amú ort. Tá craobh shinsir an chontae buaite trí huaire le ceithre bliana ag Naomh Uinsionn agus Craobh na hÉireann buaite acu in 2008 agus in 2014.

Is é atá tarlaithe go bhfuil an fómhar á chur go leanúnach i gceantair agus i bparóistí eile sa gcathair agus sa gcontae.

Nuair a d’imir Maigh Eo agus Áth Cliath a chéile sna cluichí leathcheannais sin i 1955 ní raibh dosaen de na 18 club as a dtagann na peileadóirí atá faoi chúram Jim Gavin i gcluiche ceannais na bliana seo bunaithe beag ná mór.

De na sé cinn eile a sholáthraíonn imreoirí dó, ní raibh Na Fianna agus Fionnbhrú Colmcille ar an bhfód ach le bliain. Ba iad Fine Ghallainn (1884), Cumann Parnell (1893), Naomh Uinsionn (1932) agus Naomh Bríd (1931), na cinn eile.

Is le scór bliain (1998) a bunaíodh an cumann a mhúnlaigh Ciarán Kilkenny i gCaisleán Cnucha, timpeall an ama chéanna ar tháinig Teach Mealóg agus Sráid Synge le chéile. Sa bhliain 1969 a bunaíodh Ciceam Bhaile Munna, an club is mó a bhfuil ionadaíocht acu ar phainéal an lae inniu agus bhí na seascaidí, na seachtóidí agus na hochóidí linn nuair a tháinig Cuala (mar atáid faoi láthair), Naomh Olaf, Naomh Peregrine, Baile Baodáin agus Naomh Jude ar an saol.

Scéal eile atá le haithris ag cumainn na tuaithe i ngach contae – iadsan ag déanamh a ndíchill ag iarraidh maireachtáil, ag cónascadh na bhfoirne faoi aois le clubanna in aice láimhe agus ag súil nach dtiocfaidh an lá a gcaithfear an bhail chéanna a chur ar na cinn fhásta.

Níl a fhios agam cén uair go deireadh a dtáinig club nua glan as an bpíosa chun cinn i Maigh Eo, ná go deimhin i mórán contae nach é. Ach, mar atá léirithe minic go maith acu ón am sin i 1955 nuair a bhuaigh Áth Cliath orthu ,1-8 in aghaidh 1-7, bíonn acmhainn níos fearr ag Maigh Eo ar an anás ná a bhíonn ag go leor.

Sin cúis eile go bhfuil súil agam gur leo a bheidh an lá.

 

Fág freagra ar 'CLUICHE CEANNAIS na hÉIREANN: ‘It didn’t matter that I played for Dublin. I was a countryman. I was from the sticks!’'