CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN: An mhuinín ag Tiobraid Árann ach an díocas ar Chill Chainnigh

Casfaidh na sean-naimhde ar a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann tráthnóna agus cé go mbíodh an lámh in uachtar ag Tiobraid Árann go stairiúil sna cluichí eatarthu, tráth na cinniúna is deacair imreoirí Cody a chloí

CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN: An mhuinín ag Tiobraid Árann ach an díocas ar Chill Chainnigh

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá seanchleachtadh ag Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann bheith ag imirt a chéile i gcluiche ceannais na hÉireann faoin tráth seo. Is é cluiche an lae inniu an 20ú huair ag na foirne aghaidh a thabhairt ar a chéile sa chluiche ceannais, an cúigiú huair ó 2009.

Cé go bhfuil easpa spéise léirithe ag cuid den phobal sa choimhlint áirithe seo toisc go bhfuil sé feicthe chomh minic cheana againn, níl aon dabht ann ach gurb iad na foirne is fearr sa tír a bheidh ag dul chun páirce tráthnóna. Ní ar fhoirne Brian Cody agus Michael Ryan atá an locht nach raibh Gaillimh, Port Láirge ná Luimneach in ann an ceann is fearr a fháil orthu.

Tosach Thiobraid Árann Séamus Callanan Pictiúr: INPHO/James Crombie
Tosach Thiobraid Árann Séamus Callanan Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá sé ráite le tamall nach í seo an fhoireann is láidre a bhí ag Cill Chainnigh in imeacht na mblianta agus nach bhfuil ionadaithe faighte acu do leithéidí Henry Shefflin, JJ Delaney agus Tommy Walsh. B’fhéidir nach bhfuil, ach tá siad fós i bhfoisceacht 70 nóiméad de Chraobh na hÉireann a bhuachan trí huaire as a chéile, éacht ar leith.

Is é an díocas síoraí chun imeartha a bhíonn ar na Cait an bua is mó atá acu. Mar a chonaiceamar i gcoinne Phort Láirge sna cluichí leathcheannais, éiríonn leo teacht aniar a dhéanamh i gcónaí, fiú nuair a bhíonn siad ar an dé deiridh.

É sin ráite, is cinnte gur cailliúint mhór é Michael Fennelly. Nuair a rinne Cill Chainnigh teacht aniar iontach chun an ceann is fearr a fháil ar Ghaillimh sa chluiche ceannais anuraidh, ba é neart agus obair fhear Bhaile Héil ba mhó ba chúis leis an aiséirí.

Tá ag éirí go hiontach le Michael Breen i lár na páirce do Thiobraid Árann i mbliana. Fear mór láidir eile é Breen, agus is mór an trua nach bhfeicfidh muid é féin agus Fennelly in adharca a chéile tráthnóna.

Shane Prendergast Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne
Shane Prendergast. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Beidh coimhlintí suimiúla eile ar fud na páirce, ach beidh tábhacht ar leith ag baint leis an gcoimhlint idir Joey Holden agus Seamus Callanan. Is minic ráite é go bhfuil Cill Chainnigh lag ina líne lánchúl agus go bhfuil easpa taithí ar Holden agus Shane Prendergast sa chúinne. Féach ina dhiaidh sin, gur fánach na tosaithe a fuair an ceann is fearr orthu go fóill, ar aon nós.

Chruthaigh Holden go maith agus é ag marcáil Joe Canning, fear mór láidir eile, agus beidh go leor ag brath ar an gcaoi a n-éireoidh leis in aghaidh Callanan.

Cé nach bhfuil Craobh na hÉireann buaite uair amháin ag na Tiobradaigh le 15 bliana anuas, fós féin ní bhíonn aon easpa féinmhuiníne orthu. Creideann siad i gcónaí gur acu a bheidh an bua, fiú nuair a bhíonn siad ag imirt in aghaidh na gCat.

Is mó cluichí atá buaite acusan in aghaidh iománaithe Chill Chainnigh ná a bhuaigh Cill Chainnigh orthu.

Tá forlámhas ag Cill Chainnigh orthu le roinnt blianta anuas, áfach, agus is é an bua i gcluiche ceannais 2010 an t-aon bhua a bhí ag na Tiobradaigh orthu le naoi gcluiche. Ní bheidh lá amhrais orthu ach go gcuirfidh siad an scéal sin ina cheart tráthnóna ach, is maith cleasach iad na Cait. Is iomaí foireann rompu a d’fhoghlaim gur deacair Cill Chainnigh a chloí.

Rogha Tuairisc.ie: Cill Chainnigh

Fág freagra ar 'CLUICHE CEANNAIS NA hÉIREANN: An mhuinín ag Tiobraid Árann ach an díocas ar Chill Chainnigh'