Clúdach Charlie Hebdo: créacht agus cneasú

Tá cartún den fháidh Mohamed ar chlúdach Charlie Hebdo arís. Ar cheart go mbeadh?

Charlie Hebdo 3

Tá Charlie Hebdo ar na seilfeanna arís.

Dé Céadaoin, díoladh cúig mhilliún cóip d’iris nach ndíoltaí ach seasca míle cóip di in aghaidh na seachtaine de ghnáth.

Agus tá cartún den fháidh Mohamed ar an gclúdach – cúis an achrainn ar fad.

Arbh é sin an cinneadh ceart?

Ar ndóigh, ba é sin an cinneadh ceart.

Céard eile a d’fhéadfadh a bhfuil fágtha d’fhoireann Charlie Hebdo a dhéanamh?

Dá staonfaidís ó chartúin faoin bhfáidh Mohamed a fhoilsiú, níorbh fhiú cac an diabhail an argóint ag an iris – agus ag mórchuid polaiteoirí agus tráchtairí san Iarthar – go bhfuil saoirse na cainte agus na tuairimíochta i mbaol.

Níos measa fós, mura bhfoilseofaí cartún faoin bhfáidh Mohamed ar eagrán na seachtaine seo de Charlie Hebdo, thabharfaí le fios ní amháin d’antoiscigh Mhoslamacha ach do sceimhlitheoirí den uile chineál go raibh an cath buaite acu.

Go bhfaigheann foréigean an lámh in uachtar ar dhaonlathas má bhíonn an foréigean sách gránna.

Ní hionann sin is a rá, áfach, gur chiallmhar an bheart ag Charlie Hebdo cartúin a mhaslódh go leor daoine a fhoilsiú an chéad lá riamh, blianta ó shin.

Tá líne thanaí idir an aoir agus an masla ar son an mhasla. Fiú más rud é gur fhan an iris ar an taobh ceart den líne sin den chuid is mó, trasnaíodh an líne, dar liom, go háirithe sa stíl chiníoch inar léiríodh Moslamaigh i gcartún na hirise go fisiciúil.

Ar an lámh eile, d’fhéadfaí a mhaíomh gur cheart don phobal Moslamach a bheith ábhairín níos réchúisí faoin gceist seo ar fad. Nach ndearna Críostaithe gáire faoi Monty Python’s Life of Brian?

Cé nach amhlaidh a bhí i gcónaí, tá aoir agus magadh faoi chúrsaí creidimh coitianta go leor san Eoraip sa lá atá inniu ann agus ní dóigh liom gur cheart go ndéanfaí eisceacht do reiligiún áirithe amháin. B’ionann sin agus a rá go bhfuil tuairim lucht leanta an reiligiúin sin níos tábhachtaí ná tuairim lucht leanta aon reiligiún eile, ná go deimhin tuairim dhaoine nach bhfuil creideamh ar bith acu.

Ceist chasta í ceist na gcartún. Is beag idir greann agus gortú, idir cinsireacht agus ciníochas.

Deich mbliana ó shin, rinneadh búistéireacht ar an scannánaí Ollainneach Theo van Gogh i lár chathair Amsterdam. An fáth: gearrscannán a bhí déanta aige faoin Ioslám a mheas mórchuid Moslamach a bheith maslach. Scaoil antoisceach Moslamach ocht n-urchar le Van Gogh sula ndearna sé sceanartáil air.

Deich mbliana níos déanaí, níl an chréacht seo i sochaí na hÍsiltíre cneasaithe. Créacht níos fuiltí fós (de bharr líon na ndaoine a dúnmharaíodh) an chréacht atá anois i gcliabhrach na Fraince agus, go deimhin, na hEorpa. Tógfaidh sé blianta fada, na scórtha b’fhéidir, uirthi cneasadh.

Ar an ábhar sin, in ainneoin go measaim nach raibh rogha ag Charlie Hebdo ach cartún den fháidh Mohamed a fhoilsiú an tseachtain seo, ceapaim gur chiallmhar an bheart é do thráchtairí agus do pholaiteoirí na hEorpa gan a thuilleadh salainn a chuimilt i gcréachta (atá líonmhar go leor) an phobail Mhoslamaigh.

Ní toisc go bhfuil cúpla gealt le gunnaí ina measc, ach toisc gur daoine iad a bhfuil an meas céanna tuillte acu agus atá ag duine ar bith eile.

Fág freagra ar 'Clúdach Charlie Hebdo: créacht agus cneasú'