Club Leabhar 1916: 30 bliain ó shin shamhlaigh Pádraig Standún conas a bheadh in ‘A.D. 2016’…

Nuair a thug sé faoi ‘A.D. 2016’, theastaigh ó údar ‘Súil le Breith’ leabhar de chineál eile ar fad a scríobh…

Club Leabhar

Thosaigh mé ar m’úrscéal A.D 2016 (Cló Chonamara, 1988) i 1984 tar éis do Phríomh-Aire na Breataine Margaret Thatcher beag is fiú a dhéanamh d’úrscéal George Orwell – 1984.

Dúirt sí gur teip iomlán a bhí i leabhar Orwell mar nár fíoraíodh rud bith a thuar sé. Bhí dóthain ar eolas agam ó mo staidéar ar an mBíobla le tuiscint nárbh ionann tairngreacht agus an saol atá le teacht a thuar i gcónaí. Foláireamh a bhí ann go minic: ‘Má leanann muid orainn mar atáimid, tá sé seo siúd nó eile le dul ag tarlú.’

Foilsíodh mo chéad úrscéal Súil le Breith (Cló Chonamara 1983) an fómhar roimhe sin ag Oireachtas na Ceathrún Rua. Leabhar conspóideach go maith a bhí ann ag an am, agus bhí an díolachán go maith. Theastaigh uaim leabhar de chineál eile ar fad a scríobh, agus thaitin an leagan amach a bhí ag George Orwell liom. Cén bhliain a roghnóinn? Bhreathnaigh mé chun chinn. Céard faoi 2016? Céard a bheadh le comóradh? An mbeadh deireadh le feachtas buamála an PIRA? An mbeadh glacadh ar bith le héileamh na náisiúnaithe? Céard faoi dá mbeadh athbheochan na Gaeilge agus aontacht na tíre, tarlaithe idir an dá linn?

Bhí fear darbh ainm Mac Ádhaimh ina Thaoiseach agam. Cé nach bhfuil an post sin bainte amach ag ceannaire Shinn Féin go fóill, is beag duine a cheapfadh deich mbliana fichid ó shin go mbeadh sé i nDáil Éireann le hál chomh mór in ina thimpeall. Ach an oiread lena cuid tuairimí féin faoi George Orwell, ní raibh muid i bhfad tar éis ‘Out, out, out’ Mhaggie Thatcher a chloisteáil nuair a thosaigh mé ar an úrscéal sin in Eanach Mhic Dheirg i 1984. Cé a chreidfeadh ag an am go mbeadh Comhaontú Aoine an Chéasta ann taobh istigh de chúig bliana déag?

Mar fhear creidimh, mar shagart, bhí suim faoi leith agam i gcúrsaí eaglasta, agus is ag díriú ar Aoine an Chéasta dá chuid féin a bhí an carachtar, Pádraig, é ag an aois a bhfuil mise anois, 70, agus é ag tabhairt aghaidh ar an gcomóradh i mBaile Átha Cliath. Tá a fhios aige go bhfuil péist na hailse á hiompar ina bholg aige, agus tá sé ag breathnú siar ar a shaol agus é ag siúl leis ar an gcosán atá tógtha san áit a mbíodh an bóthair iarann. Tá na sean-stáisiúin traenach ina bhfuil sé ag cur faoi san oíche ina stáisiúin ar thuras a chroise. Is pearsana eile ina thríonóid iad beirt de na daoine a chastar air ar an mbealach, Ardeaspag Thuama, agus othar sa Teach Síciatrach i mBéal Átha na Sluaighe. Sin iad na roghanna nár ghlac Pádraig leo ina óige, na bóithre nár thóg sé, cé gur beag aiféala atá anois air.

Ní raibh sé de shamhlaíocht ionam an dul chun chinn atá déanta ag an teicneolaíocht a thuar: fón i chuile phóca, táibléad i chuile lámh, gan trácht ar an méid táibléidí de chineál eile atá i ngach bolg. Shílfeá ag an am gur clúdach do shúil thinn a bheadh in iPad (eye-pad). Ní fhaca mé na scannail mhóra a rinne scrios ar an Eaglais Chaitliceach ag teacht, nó an borradh atá tagtha faoi na pobail sna paróistí atá ag cabhrú leis na sagairt ach an oiread. Níor ardaíodh bratach na láimhe deirge ós cionn an GPO Luan Cásca, ach ardaíodh an cheist faoi cén chaoi an nglacfaí le traidisiúin na Breataine in Éire Aontaithe.

Fág freagra ar 'Club Leabhar 1916: 30 bliain ó shin shamhlaigh Pádraig Standún conas a bheadh in ‘A.D. 2016’…'