Club Leabhar 1916 – Súil ar Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire

Mar ghníomh omóis dá chairde a bhí páirteach san Éirí Amach agus chun leithscéal a ghabháil leo, a chum Pádraic Ó Conaire Seacht mBua an Éirí Amach

Club Leabhar

Mar is léir ar an teideal, Seacht mBua an Éirí Amach, baineann an cnuasach seo le hÉirí Amach na Cásca 1916. I ngach scéal tagann imeachtaí an Éirí Amach aniar aduaidh ar na pearsana agus athraíonn a saol ó bhonn dá bharr.

Bhí an t-údar,  Pádraic Ó Conaire, an-ghníomhach i gConradh na Gaeilge agus ina theannta san bhí sé ina bhall des na hÓglaigh agus de Bhráithreachas na Poblachta sarar fhág sé Londain chun filleadh ar Éirinn sa bhliain 1915. Cé go raibh, áfach, agus cé go raibh sé mór leosan a bhí laistiar d’imeachtaí Sheachtain na Cásca, níor ghlac sé aon pháirt san Éirí Amach i mBaile Átha Cliath. Is amhlaidh a bhí sé ag taisteal i gCúige Uladh an tseachtain sin, ag soláthar abhair don gClaidheamh Soluis ar staid na Gaeilge in Oir-Thuaisceart na tíre. Is mar ghníomh omóis dá chairde a bhí páirteach sa chath – agus chun leithscéal a ghabháil leo – a scríobh sé na scéalta i ndiaidh na n-imeachtaí.  Go deimhin, d’fhéadfaí an sliocht seo as ‘M’Fhile Caol Dubh’ a shamhlú mar thagairt dá chás féin:

Ach bhí súil ag a chairde uile lena mhalairt, tráth. Cíbé áit a rachas tú faoi láthair, má bhíonn daoine ag cur síos ar an Éirí Amach ann cluinfear an cheist: Céard a tharla don Bhúrcach Dubh? Cén bhaint a bhí aige leis na gníomhartha iontacha a rinneadh le linn na Cásca 1916?

Sa bhliain 1918 a foilsíodh Seacht mBua an Éirí Amach. Ní raibh aon cheann des na scéalta i gcló roimhe sin.

Tá meascán den ghreann agus den ghruaim sa leabhar seo. Scéilíní grinn is ea ‘Anam an Easpaig’ agus ‘Rún an Fhir Mhóir’, mar shampla. Tá an greann bunaithe ar mhíthuiscint sa dá chás ach tá casadh chun na dáiríreachta sa deireadh, casadh a tharlaíonn de bharr an Éirí Amach. Dhá chuid d’aon scéal amháin is ea ‘Ceoltóirí’ agus ‘Díoltas’. Muintir an Tí Mhóir atá faoi chaibidil anso – mar atá sa scéal ‘Beirt Bhan Misniúil’. Ní minic a phléann litríocht na Gaeilge le saol na haicme seo ach tugtar léargas báúil dúinn ar an slí gur chuaigh imeachtaí an Éirí Amach i bhfeidhm ar dhaoine a cheap go raibh a saol beag beann ar na himeachtaí sin. Má tá ‘Bé an tSiopa Seandachta’ pas beag simplí mar scéal, tá léiriú cumasach ar mhearbhall intinne an G-man, sa deireadh. Cé go dtagann an t-Éirí Amach aniar aduaidh ar na pearsana ag deireadh ‘M’Fhile Caol Dubh’, tagraítear d’imeachtaí na Cásca i dtosach an scéil sa tslí go mbíonn an dráma pearsanta – an grá mealltach, fealltach atá ag Eibhlín don ‘bhfile’ – fite fuaite le dráma 1916 tríd síos. Is scéal den scoth é seo i measc scothscéalta Uí Chonaire.

Is ilghnéitheach an dream a cuirtear os ár gcomhair sna scéalta seo – easpag, fear an Tí Mhóir, bean mheánaicmeach ó bhruachbaile galánta i mBaile Átha Cliath, bleachtaire, feirmeoir; ach níl fear ná bean acu nach díol trua é nó í ar deireadh. Chuaigh imeachtaí na Cásca i bhfeidhm ar shaol gach duine acu agus dá thoradh san, nochtadh tréithe iontu ná samhlófaí leo.  Is é Éirí Amach na Cásca raison d’être an leabhair seo, ach i bhfocail an údair féin ‘… [is] é an duine féin tobar gach feasa agus ithir gach iontais.’