Club Leabhar 1916: ‘Sa Bhearna Bhaoil’ le Cormac Ó Comhraí

Tá áthas ar Tuairisc.ie an ceathrú leabhar ó ‘Club Leabhar 1916 Tuairisc.ie’ a fhógairt – ‘Sa Bhearna Bhaoil’ le Cormac Ó Comhraí. Sa tsraith seo foilsítear sliocht as leabhar a bhaineann le hÉirí Amach na Cásca 1916

Club Leabhar

Sa Bhearna Bhaoil
Le Cormac Ó Comhraí
Cló Iar-Chonnacht, 2016

Tréimhse chorraithe shuaite ba ea na deich mbliana idir 1913 agus 1923 do mhuintir na Gaillimhe, idir chathair agus chontae. Tháinig athrú ó bhonn ar shaol polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta an réigiúin agus cuireadh todhchaí an iarthair ar mhalairt treo.

Tháinig meath ar an bPáirtí Rialtais Dúchais, an príomhpháirtí náisiúnach sa tír, agus forás dá réir ar Shinn Féin – agus ar an IRA. Lean Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha. Sa leabhar seo, cíortar an chaoi a ndeachaigh na mórathruithe náisiúnta seo i bhfeidhm ar Ghaillimh: an glacadh a bhí leo, an dream a thacaigh leo agus iad siúd a chuir ina n-aghaidh.

Tugtar cuntas ar na léirsithe agus an scliúchas a bhain leis an bhfeachtas frithearcaíochta le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Scrúdaítear Éirí Amach na Cásca i nGaillimh agus ról Liam Uí Mhaoilíosa ann.

Déantar cur síos cuimsitheach ar Chogadh na Saoirse agus ar an gCogadh Cathartha, agus cuirtear príomheachtraí agus príomhcharactair na coimhlinte ar gach aon taobh inár láthair.

Tá an t-údar tar éis tarraingt ar réimse leathan foinsí, idir fhoilsithe agus neamhfhoilsithe, i leabharlanna agus in aircíví abhus agus thar lear agus tá comaoin faoi leith curtha aige orainn as an ngné ríthábhachtach seo de scéal na hÉireann a chur os ár gcomhair.


Sliocht as an leabhar Sa Bhearna Bhaoil le Cormac Ó Comhraí

Ansin, Luan Cásca, tháinig casadh eile sa scéal. Tháinig eolascinnte go raibh na hóglaigh i mBaile Átha Cliath ag troid. Labhair Kenny arís in aghaidh éirí amach, ag rá nach raibh an t-am feiliúnach. Níorbh eisean an t-aon duine a bhí drogallach: is cosúil go raibh an éiginnteacht ar fad ag cur as do néaróga Larry Lardner agus tá an chuma ar an scéal nach raibh an Maoilíosach féin in ann cinneadh a dhéanamh ar cheart éirí amach. Ba é Mattie Neilan as Droichead an Chláirín a rinne suas a intinn: mhol seisean éirí amach. Shocraigh an Maoilíosach iarracht a dhéanamh deisceart an chontae a ghabháil le hóglaigh eile an chontae, ag díriú ar línte cumarsáide a scrios. Chuir sé teachtaireachtaí go Cinn Mhara, Órán Mór, Gaillimh, Maigh Cuilinn, Baile Chláir agus an Caisleán Gearr.

Seachas sna ceantair timpeall ar Órán Mór agus ar Dhroichead an Chláirín, níor ghlac formhór na n-óglach sa gcontae páirt san éirí amach. ‘What’s the use against the army without guns?’ a dúirt an poblachtánach Pádraig Ó Droighneáin i Maigh Cuilinn nuair a tugadh an teachtaireacht dó. Cé go luaitear Ó Droighneáin mar chaptaen ar na hóglaigh ann, dar le cuntas a scríobh Morgan Davoren sna 1960idí, ní raibh aon ról mór ag Ó Droighneáin sna hóglaigh. Is de bharr an IRB agus a chuid oibre i gConradh na Gaeilge a bhí cáil air agus chuaigh teachtaireacht Uí Mhaoilíosa chuige trí thimpiste. Sa gcathair ní raibh Tom Courtney in ann óglaigh a aimsiú a d’iompródh teachtaireachtaí dó. Seans, fiú, go ndeachaigh captaen sa gcathair isteach sna constáblaí speisialta a bunaíodh chun cabhrú le fórsaí na Corónach.

Dar le Thomas ‘Sweeney’ Newell, óglach as an gCaisleán Gearr, níor tháinig ach óglach amháin as an gcathair amach chun páirt a ghlacadh san éirí amach. Rinne Colm Ó Gaora iarracht dul chuig campa lucht an éirí amach trí Chunga Fheichín ach gabhadh é. D’fhág triúr óglach, Tom Kilgarriff, Michael Ronan agus Willie McGill, an Dún Mór chun a bheith páirteach sa troid ach nuair a stop siad i dTuaim le dul ag faoistin gabhadh taobh amuigh den ardeaglais iad

An chéad eachtra mhór san éirí amach i nGaillimh ná ionsaí ar bheairic Dhroichead an Chláirín. Gortaíodh óglach amháin, Mick Callanan. Gortaíodh póilín amháin freisin, an Constábla Manning, nuair a casadh ar ghrúpa óglach é agus teachtaireacht aige don bheairic. Rinne sé iarracht a ghunna a tharraingt amach agus lámhachadh sa ngiall é. Thriail sagart stop a chur leis an troid ach dhiúltaigh Ó Maoilíosa mura mbeadh na póilíní sásta géilleadh, rud nach raibh. Chruinnigh complachtaí an Óráin Mhóir agus Mhearaí le chéile agus faoi cheannas Mike Athy agus Joe Howley ionsaíodh an bheairic in Órán Mór. Rinne grúpa faoi smacht Martin Costello as Órán Mór iarracht teach ina raibh póilín ag fanacht a ghabháil freisin. Gortaíodh óglach amháin. Theip ar an dá iarracht agus bhog na hóglaigh i dtreo Dhroichead an Chláirín. Rinneadh iarracht amháin eile an bheairic ansin a ghabháil. Theip orthu.

Rinne Ó Maoilíosa agus Athy ionsaí ar ghrúpa saighdiúirí a tháinig amach leis an gCigire Contae Edward M. Clayton leis an méid a bhí ag tarlú a fhiosrú. Scaoil óglaigh Chinn Mhara urchair leis na póilíní ina gceantar féin. Ar a mbealach chun casadh le tuilleadh de lucht an éirí amach, chas óglaigh ón gCaisleán Gearr agus Baile Chláir ar ghrúpa mór RIC agus roinnt saighdiúirí ag an gCarn Mór faoi cheannas an Chigire Ceantair George Heard as Gaillimh. Bhrúigh Heard constábla darbh ainm Patrick Whelan roimhe chuig balla a raibh óglaigh taobh thiar de. ‘Surrender, boys. I know you all,’ a dúirt Whelan leo. Thosaigh an dá ghrúpa ag scaoileadh lena chéile, agus maraíodh Whelan. Bhain mionghortú do dhuine de na hóglaigh, Michael Rafferty, san eachtra chéanna.

Ina dhiaidh sin, níor casadh an dá fhórsa ar a chéile ach ar chúpla ócáid ghairid. Ní raibh ceachtar den dá thaobh sách láidir ná sách muiníneach astu féin le fogha a thabhairt faoin namhaid san áit a raibh siad láidir. Chaith na hóglaigh tréimhsí i gcúpla ionad, ina measc, bhí an coláiste talmhaíochta in aice le Baile Átha an Rí.  Bhris na hóglaigh isteach i mbeairicí folmha agus léigh siad comhaid rúnda na bpóilíní. Socraíodh imeacht ón gcoláiste talmhaíochta toisc é a bheith ródheacair an áit a chosaint dá dtiocfadh fórsa mór amach ina n-aghaidh. Uaidh sin bhog siad go Caisleán Mhaigh Fhód. Ina dhiaidh sin arís ar aghaidh leo go Baile na Creige in aice le hArd Raithin. Bhí ráflaí seasta ann faoi aonaid mhíleata a bheith ag teacht as cathair na Gaillimhe. Tháinig Tom Kenny isteach sa gcampa ag déanamh cur síos ar naoi gcéad saighdiúir i mBéal Átha na Sluaighe agus iad lena n-aghaidh a thabhairt siar.

Chuaigh an Maoilíosach i gcarr i dtreo an fhórsa seo agus fuair sé amach nach raibh bunús ar bith leis an scéal. Socraíodh gur cheart deis a thabhairt do na gnáthóglaigh an campa a fhágáil. Thosaigh roinnt acu ag imeacht. Léim Mattie Neilan suas le brat na poblachta, ag glaoch amach, ‘Stand fast, Clarenbridge, stand fast.’ Dúradh gur fhan gach duine den 74 fear as Droichead an Chláirín. D’fhág cúpla céad an campa ach tháinig roinnt acu ar ais an mhaidin dár gcionn.