Cloigne, cogadh, ‘the ruin of grammar’ agus ‘the coarsening of syntax’

LÉIRMHEAS LEABHAIR: Déanann úrscéal nua Ismail Kadare, The Traitor’s Niche (Harvill Secker), cur síos iontach ar an bplúchadh impireachta agus cuirfidh an té a bhfuil Gaeilge aige suim go háirithe ina cur síos ar an tslí a gcuirtear deireadh le teangacha dúchais

Cloigne, cogadh, ‘the ruin of grammar’ agus ‘the coarsening of syntax’

Caithfidh muid labhairt faoi chloigne. Faoin chloigeann a ghearrtar den cholainn. An dícheannadh. Gnás an-choitianta a bhí ann lá den tsaol. Seans gur léigh tú scéal faoin dícheannadh i seantéacs nó i leabhar staire. Ach bíodh geall go bhfuil dearmad déanta agat den phléisiúr a bhain an Gael as cloigeann a namhad a stoitheadh dá cholainn. Níl dearmad ar fad déanta againn den ghnás; tá sé luaite san úrscéal ar dóigh sin, An Fear Dána le hAlan Titley. Ach tá Titley eolach ar stair na hÉireann, murab ionann agus mórán de ghlúin phinn Dhuibhlinn a Ceathair.

Cuireann úrscéal nua Ismail Kadare, The Traitor’s Niche (Harvill Secker), an dícheannadh i lár an aonaigh. In Impireacht na nOtamánach atá scéal Kadare suite. Ní bhacann Kadare le mórán eolais a thabhairt dúinn ar an tréimhse bheacht. Tá a fhios ag an léitheoir gurb ann do bhancanna, do charráistí agus caiple, d’iriseoirí agus do nuachtáin, go bhfuil na Gréagaigh faoi chois agus go bhfuil Napoléon ar shlí na fírinne. Níl Kadare chomh drochmhúinte sin go dtabharfadh sí cruinn duit ach tuigeann tú as an scéal gur sa chéad leath den 19ú haois atáimid agus go bhfuil Impireacht na nOtamánach agus an t-ollSabhdán in Iostanbúl i mbarr a réime go fóill.

Ionad beag in Iostanbúl is tús leis an aistear seo, is ann atá Almóir an Fhealltóra, cuasán sa chearnóg ina gcuirtear cloigeann – agus an cloigeann amháin – de naimhde an tsabhdáin. Tugann an cloigeann is déanaí ábhar cainte do lucht an mhargaidh. Is de réir an chloiginn a mheasann siad cúrsaí polaitíochta na himpireachta: “The head was establishing its rapport with the crowd. Its glassy eyes sought human eyes.”

Léiríonn an cloigeann gan chorp cumhacht an tsabhdáin; léiríonn sé go bhfuil sé ag cur smachta ar a naimhde, go bhfuil sé in ann breith an bháis a thabhairt ar na daoine is céimiúla ar domhan.

Daoine de chéim níos ísle a thugann aire don cheann; daoine de chéim níos ísle a bhaineann pléisiúr as cloigeann na namhad a thabhairt a fhad leis an almóir, as aire laethúil a thabhairt don cheann sa chuasán. Cloigne as an Albáin atá ag soláthar cloigne don chuasán an t-am seo. Tá cogadh sa tír sin arís, tír dhúchais Kadare. Tá cloigeann an ghinearáil ar theip air sa chogadh san Albáin in Almóir an Fhealltóra. Ní fada go mbaintear a cheann as an almóir agus cloigeann an fhealltóra a chur ina áit. Ní fada go ruaigtear a chloigeann siúd as an chuasán agus cloigeann an ghinearáil a chloígh é a chur ina ionad. Sea, is cuma bua nó díomua faoi réimeas an tsabhdáin – ní fada go mbaineann sé an cloigeann díot ar chúis amháin nó ar chúis eile.

Lena linn sin ar fad, cuireann Kadare síos ar an chogaíocht, ar an ár a dhéantar ar dhaoine, ar an scrios a dhéantar ar an talamh: “Flocks of ravens and magpies swirled over the dark earth pocked with shell holes, here and there forming crazy patterns … Everyone knew what a wife’s miscarriage meant, and so could easily grasp the disaster of a miscarriage of the harvest.”

(Tá an íomhá sin ag teacht le tuairiscí a bhí ann ag deireadh fheachtas Eilís I in Ulaidh, an gorta a lean Cogadh na Naoi mBliana. An san Albáin nó in Éirinn atá muid?)

Éiríonn an nasc idir tíortha beaga agus plúchadh impireachta níos láidre. Scríobhann Kadare roinnt leathanach ar stoitheadh teanga atá ar chur síos chomh healaíonta, chomh fíor, ar ról teanga i saoirse an phobail nach dtig leat gan smaoineamh ar chás na hÉireann. Tá roinn ar leith ag an sabhdán le deireadh a chur le teangacha dúchais: “The process started with the interruption of a language’s natural development – reducing it to a kind of mush, like the language spoken by a backward child – and then continued with its further erosion. All the stages of its degradation were noted in a special file: an annual comparison of dictionaries, in which words grew rarer like leaves in November; the ruin of grammar, the withering of particles, especially prefixes, the coarsening of syntax. The language began to thicken and stutter.”

(Nach maith mar a aithníonn muid an ‘mush’ céanna?)

Ní doiligh The Traitor’s Niche a léamh. Níl focail mhóra anseo a chuireann an léitheoir i dtreo an fhoclóra nó a thugann le fios duit go bhfuil tú bómánta. Níl smaointe casta teibí le fáil anseo nó is scéalaí ábalta é Kadare; tuigeann sé gur ag caint leat atá sé; ní do bhodhrú. Scéal atá ann, comhrá idir údar agus léitheoir, scéal a aithneoidh tú, scéal impireachta agus smachta, scéal faoi dhaoine gan chumhacht agus iad ag iarraidh bheith beo agus scéal faoi shaoirse nó, ar a laghad, scéal faoi dhaoine atá ag iarraidh gan dearmad a dhéanamh go raibh saoirse acu lá den tsaol.

“Ismail Kadare is Albania’s best-known novelist and poet,” a scríobhtar ar chúl an leabhair. San Albáinis a scríobhadh an t-úrscéal an chéad lá riamh. Sin agat fear a thug a cheann leis!