An Stát ag loic ar pháistí faoi mhíchumas, dar lena dtuismitheoirí. Tá an ceart acu

Is é 'Enough is Enough' an mana simplí a chum tuismitheoirí a thugann aire do pháistí agus do dhaoine fásta atá faoi mhíchumas coirp nó intinne

An Stát ag loic ar pháistí faoi mhíchumas, dar lena dtuismitheoirí. Tá an ceart acu

Argóint eile faoi chúrsaí uisce is mó a tharraing aird na bpolaiteoirí agus na n-iriseoirí i dTeach Laighean le cúpla lá anuas. Ach bhí cúis imní níos géire ag cur as do na sluaite a bhí i mbun máirseála i mbailte éagsúla Dé Luain.

Is é ‘Enough is Enough’ an mana simplí a chum tuismitheoirí a thugann aire do pháistí agus do dhaoine fásta atá faoi mhíchumas coirp nó intinne. Is leor an scéal a d’inis fear amháin a bhí i mbun agóide i gCorcaigh mar chur síos ar a gcás.

Tá pairilis cheirbhreach (cerebral palsy) ar a mhac atá 21 bliain d’aois. Tugann a thuismitheoirí aire dó 24/7. Faoiseamh óna gcúram ní bhfuair siad le trí bliana anuas, toisc nach gcuirtear faoiseamh ná seirbhísí éagsúla eile ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ar shroichint 18 bliain d’aois dóibh.

Cuireann pairilis cheirbreach isteach ar smacht na hinchinne ar úsáid agus ar ghluaiseacht an choirp. Ní chiorraíonn an phairilis saol duine, ach ní féidir í a leigheas.

Cibé cabhair agus tacaíocht atá de dhíth ar dhaoine a bhfuil pairilis cheirbreach orthu (ní hionann a tionchar i ngach cás), bíonn an tacaíocht sin riachtanach go héag. Más tuismitheoir a bhíonn i mbun an chúraim mar sin, bíonn ar dhaoine eile dul ina bhun luath nó mall.

Is léir mar sin an tairbhe a bhainfeadh tuismitheoirí nó cúramóirí eile as faoiseamh rialta óna gcúram. Is léir freisin an tairbhe a bhainfeadh an stát as córas a chuideodh leo leanúint lena gcúram chomh fada agus is féidir.

Samhlaigh, a léitheoir dhil, an tionchar a bheadh ag saothar leanúnach ortsa, dá mairfeadh do shaothar ó Dhomhnach go Domhnach, gan oiread agus briseadh lae ná oíche a fháil ó obair gan chúiteamh.

Cliseann an córas orainn rómhinic,” a dúirt máthair a bhí i mbun máirseála i Sligeach le RTE.

Go minic, ní féidir teacht ar sheirbhís, nó más féidir, ní foláir íoc as, is é sin más acmhainn do thuismitheoirí íoc as. Ní chuirfimid suas leis seo níos mó,” a dúirt sí, “enough is enough!

Tá na bearnaí sa chóras dochosanta, agus ní dhearna Enda Kenny aon iarracht iad a chosaint nuair a chuir Micheál Martin ceisteanna faoi agóid na dtuismitheoirí air sa Dáil Dé Céadaoin.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil mar shampla go raibh 4,640 páiste faoi mhíchumas ag fanacht ar thástáil teiripe saothair le breis agus bliain. Bhí an scéal amhlaidh, a dúirt sé, ainneoin é a bheith leagtha amach san Acht Míchumais, atá i bhfeidhm ó 2005, go dtairgfí tástáil do chách faoi cheann trí mhí, ar a mhéid. Rinne sé cur síos i bhfigiúirí ar mhoill nó ar bhearnaí eile sna seirbhísí atá ag freastal, nó atá in ainm is a bheith ag freastal, ar pháistí atá faoi mhíchumas.

Dúirt an Taoiseach (aire: béarlagair romhat) go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte i mbun atheagair chun “conair shoiléir amháin cur ar aghaidh (‘a single clear referral pathway‘)” a thairiscint do gach páiste.

D’admhaigh Enda Kenny nach raibh cúrsaí “sásúil” faoi láthair. Focal níor dhúirt sé faoi atheagrú a chiorródh tréimhsí feithimh, nó a chuirfeadh faoiseamh, a cheiltear ar thuismitheoirí faoi láthair, ar fáil dóibh.

Tá gach córas daonlathach ag brath ar thoil an mhóraimh. Ach dá bhfiafrófaí den phobal ar chóir córas a reáchtáil ionas go mbeadh tacaíocht bhunúsach (ar a laghad) ag daoine atá faoi mhíchumas, agus ag daoine a thugann tacaíocht dóibh saor in aisce, cé mhéad duine a déarfadh ‘ní cóir’?

Ní raibh na sluaite tuismitheoirí a bhí ag máirseáil Dé Luain chomh líonmhar ná chomh glórach leis na dreamanna a mháirseáil in aghaidh na dtáillí uisce. Ach is treise agus is tábhachtaí a gcás ó thaobh  daonnachta de. Gan trácht ar chearta daonna.

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'An Stát ag loic ar pháistí faoi mhíchumas, dar lena dtuismitheoirí. Tá an ceart acu'

  • Seán Mac Gearailt

    A Chathail,
    Níl sa pholaitíocht ar fad ach cluiche agus cur i gcéill. Go dtí go mbeidh na polaiteoirí freagrach as a ndéanann siad (nó as an méid nach ndéanann siad) ní thiocfaidh feabhas ar chursaí. Níl airgead ann le haghaidh seo is siúd; ach bí cinnte go bhfuil an t-airgead ann chun ardú tuarastail na bpolaiteoirí a íoc.

    Cad chuige airí rialtais ? Cad a dhein Shane Ross nuair bhí aighneas na mbusanna ann ? Bhí sé ar nós Pontius Pilate; ní bhaineann seo liomsa. Tá an port céanna ag an Aire Sláinte; an HSE atá freagrach as an bpraiseach i gcúrsaí sláinte. Níl fhios ag an Aire Dlí agus Cirt céard tá ar siúl ina roinn go dtí go gcloiseann sí faoi chursaí ar RTÉ. N’fheadar cé tá in ainm is a bheith i gceannas ar chúrsaí tithíochta. Cad is feidir a rá faoi na “costaisí” a íoctar leo go léir.

    I ndeireadh an lae ba mhór an sábháilt airgid fáil réidh leo ar fad.