Clinton chun cinn tar éis díospóireacht na hoíche agus ‘cúil tuathail’

Is beag seans gur mheall Trump vótaí breise ó dhaoine nach raibh a n-intinn socraithe acu roimh re agus é ag scóráil cúil tuathail go leor

Clinton chun cinn tar éis díospóireacht na hoíche agus ‘cúil tuathail’

Thug Hillary Clinton céim chinniúnach eile aréir ar ais i dtreo an Tigh Bháin – mar Uachtarán an uair seo – nuair a thug sí an bua léi in aghaidh Donald Trump i ndíospóireacht dheireanach na n-iarrthóirí sa bhfeachtas d’uachtaránacht Mheiriceá. 

Tráthúil go maith ba i Las Vegas – croílár dhomhan na dornálaíochta agus an chearrbhachais – a tionóladh an babhta iomrascála seo faoi chathaoirleacht an chraoltóra Chris Wallace as Fox News ach má bhí geallta leagtha ag daoine gur le Trump a bheadh an lá, bhí dul amú orthu.

Ba é barúil na coitiantachta, mar a léirigh pobalbhreitheanna na maidine, gur éirigh le Clinton cás níos láidre a dhéanamh gurb í is oiriúnaí  mar chomharba ar Barack Obama.

Thug díospóireacht na hoíche aréir léargas an-maith ar na héagsúlachtaí ollmhóra idir an bheirt iarrthóirí i dtaca le substaint agus stíl de.

Tugadh deis chothrom don bheirt acu a ndearcadh a léiriú ar chuid de mhórcheisteanna an fheachtais – ina measc, cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta, inimirce, ceart ar sheilbh gunnaí, cúrsaí trádála, cearta ginmhillte, an tslándáil idirnáisiúnta agus oiriúnacht don uachtaránacht.

Ach minic go maith ba le ceisteanna faoina gcuid iompar pearsanta is treise a bualadh buillí – mí-iompar gnéis ar mhná agus seachaint cánach i gcás Trump, scriosadh ríomhphost agus a ceangal le lucht rachmais agus an Clinton Foundation i gcás Clinton.

Ach, leis an meafar spóirt a úsáid, thóg Trump air féin “cúil tuathail” a scóráil minic go leor sa díospóireacht agus cibé seans a bhí aige a lucht tacaíochta féin a choinneáil, is cinnte gur beag seans gur mheall a chuid cainte vótaí breise ó dhaoine nach raibh a n-intinn déanta suas acu roimh thús na díospóireachta.

Mhaslaigh sé an pobal Latino agus é ag trácht ar choirpigh agus ar mhangairí drugaí trí úsáid a bhaint as an nath ‘bad hombres’. Mhaslaigh sé mná i gcoitinne nuair a mhaígh sé go raibh na líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis “largely debunked” agus nuair a dúirt sé, “nobody has more respect for women than I have”. Chuaigh sé níos faide leis an scéal nuair a rinne sé cur síos tarcaisneach ar Hillary Clinton mar “such a nasty woman!”

Ach is nuair a dúirt sé nach dtabharfadh sé aon bharántas go nglacfadh sé le toradh na vótála ar an 8 Samhain a rinne sé an t-ionsaí a ba mheasa ar dhaonlathas Mheiriceá. Ní ghlacfadh sé leis go gcaithfeadh sé géilleadh do thoradh na vótála dá mbeadh an bua ag a chéile comhraic de bharr mímhacántacht agus caimiléireacht na meán cumarsáide. “I will tell you at the time. I’ll keep you in suspense,” a dúirt sé.

Ach ní raibh Hillary Clinton saor ó locht i ndíospóireacht na hoíche aréir ach an oiread agus ba léir go raibh sí míchompordach faoi líomhaintí maidir le híocaíochtaí móra a bheith faighte aici le hóráidí a thabhairt do chorparáidí idirnáisiúnta agus faoina raibh ráite i ríomhphoist fúithi a sceitheadh trí WikiLeaks.

Cheistigh Trump cumas Clinton go rialta agus dúirt má bhí sí chomh maith sin cén fáth nach raibh fiúntas agus toradh níos fearr ar a cuid oibre le 30 bliain anuas sa pholaitíocht.

Os a choinne sin, mheabhraigh Clinton gur ag láithriú an chláir ‘Celebrity Apprentice’ a bhí Donald Trump nuair a bhí sise sa seomra stiúrtha cáiliúla sin ar a dtugtar ‘the situation room’ nuair a maraíodh Osama Bin Laden.

Bhain an bheirt iarrthóirí leas arís as cuid de na línte ab fhearr a bhí acu sa chéad dhá dhíospóireacht le beag is fiú a dhéanamh dá chéile. Bhíodar beirt chomh hullmhaithe chuige seo le dalta ag dul i mbun na Sraitheanna Pictiúr do bhéalscrúdú na hArdteiste.

Meabhraíodh dúinn arís, mar shampla, gur cruach ón tSín agus oibrithe mídhleathacha a d’úsáid Donald Trump agus óstáin á dtógáil aige agus nár íoc sé aon cháin fheidearálach le blianta fada. Dúirt Trump gur coirpeach í Clinton ar cheart cosc a bheith uirthi a bheith san iomaíocht, go mbeadh sí freagrach as geataí na tíre a oscailt gan cheangal d’inimircigh mhídhleathacha agus go gceadódh sí gin naoi mí a ropadh as broinn na máthar.

Caitheadh maslaí go tréan anonn is anall agus ba léir go raibh naimhdeas pearsanta agus nimh sa bhfeoil acu dá chéile.

Ach thar aon ní eile, léirigh díospóireacht na hoíche aréir go bhfuil difríochtaí an-mhór idir an bheirt acu ar na mórcheisteanna polasaí. Sa bhreis air sin, tá cur chuige an-éagsúil acu agus beidh an dá ní sin – substaint agus stíl – le meá ag pobal Mheiriceá sna seachtainí beaga atá amach romhainn.

Más fíor na pobalbhreitheanna, d’fhéadfadh go bhfuil an rogha sin déanta cheana féin ag cuid mhór de phobal vótála Mheiriceá ach cá bhfios cén casadh a thiocfadh ar chúrsaí idir seo agus lá na cinniúna?

Idir an dá linn, tá cinneadh déanta anseo in Éirinn ag an gcomhlacht geallghlacadóirí Paddy Power, geallta a íoc láithreach leo siúd a chuir a gcuid airgid ar Hillary Clinton; is cosúil go gcreideann siadsan ar a laghad go bhfuil an rás seo rite.

 

Fág freagra ar 'Clinton chun cinn tar éis díospóireacht na hoíche agus ‘cúil tuathail’'

  • Seán Ó Floinn

    Bhuel is maith an rud go bhfuil a fhios againn cá seasann Tuairisc.ie ar an gceist. Agus mise ag ceapadh go raibh gá le neodracht nó cothramaíocht tuairime ó na meáin phoiblí a n-íocann an cáiníocóir astu…