Cleasanna Kim Jong-un agus Trump – an cluiche contúirteach sa Chianoirthear

Ní ar a chéile amháin atá cleasa á n-imirt ag Kim Jong-un agus ag Donald Trump, ach orainn ar fad, a scríobhann ár gcolúnaí

Cleasanna Kim Jong-un agus Trump – an cluiche contúirteach sa Chianoirthear

Mar thráchtaire ar chúrsaí idirnáisiúnta, is aoibhinn liom an chaoi ar féidir brath ar an gCóiré Thuaidh chun ábhar colúin a sholáthar go tráthrialta. Mura mbíonn diúracán fadraoin á thástáil acu, bíonn trialacha ar bun le buama hidrigine nó gléas éigin eile a d’fhéadfadh an domhan a scrios, nó tús a chur le sraith eachtraí a scriosfadh é, rud a thugann deis dúinne tráchtairí idirnáisiúnta seanscéal a bhfuil meirg air a núiceáil san oigheann micreathonnach uair amháin eile.

Is aoibhinn liom freisin an tuiscint atá ag ceannaire na Cóiré Thuaidh, Kim Jong-un, ar chúrsaí iriseoireachta. Fágann sé sosanna fada idir na tástálacha ionas go ndéanfaidh an domhan dearmad ar an gCóiré Thuaidh mar scéal agus mar thír, agus ansin séideann sé diúracán i ndiaidh diúracáin san aer. Ciúnas fada agus ansin… búmmm! Teannas agus práinn!

Ach an rud is fearr ar fad faoi scéal na Cóiré Thuaidh i láthair na huaire ná go bhfuil comhábhar nua draíochta ar fáil anois a chuirfidh blas úr ar scéal a atéadh arís is arís eile. Donald Trump is ainm don chomhábhar sin.

Tugann uachtarán Mheiriceá deis dúinne tráchtairí nuachtáin ár gcuid colún a líonadh le frásaí bagracha gan dealramh ar nós ’ní bheadh a fhios ag duine céard a dhéanfadh sé’ agus tugann sé deis dár gcomhghleacaithe ar an teilifís am craolta a líonadh le hiarrachtaí an todhchaí a thuar bunaithe ar iompar na nginearál agus na rúnaithe cosanta – fios againn ar fad inár gcroíthe istigh go mbeidh orainn an scéal seo a atéamh arís eile amach anseo. Is cuma cé chomh minic is a núiceálfar an mhias áirithe seo san oigheann micreathonnach, ní dhéanfar é a ithe.

Óir is cuma cá mhéad tástáil a dhéanfaidh Kim Jong-un, ní bhrúfaidh éinne an cnaipe dearg a mhúchfadh an Chóiré Thuaidh, fios maith acu cén toradh a bheadh air sin. Is deacra fós a shamhlú go mbrúfadh Kim Jong-un féin an cnaipe a chuirfeadh tús le cogadh núicléach: tá a bhfuil uaidh – cosaint ar ionsaí ón taobh amuigh – aige cheana féin. Go deimhin, chaillfeadh sé an chosaint sin, nó scriosfaí í, dá ndéanfadh sé iarracht úsáid fhisiciúil, seachas shíceolaíoch, a bhaint aisti. Ach le go n-oibreoidh an straitéis chliste sin, caithfidh Kim Jong-un a chumas cosanta a chur ar taispeáint go tráthrialta. Alleluia, a deir na tráchtairí, na saineolaithe, ná díoltóirí arm agus, thar aon chleas eile, na polaiteoirí.

Óir is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin, agus is é is mó a bhainfeas tairbhe as na cluichí cogaíochta sa Chianoirthear ná Donald Trump. Na colúin nuachtáin agus an t-am craolta a líonfar le scéal na Cóiré Thuaidh, ní líonfar iad le plé faoi athrú aeráide, faoi chiníochas nó go deimhin faoi cheann ar bith eile de na scéalta a bheadh ina mbagairt do Trump ag baile. 

Oireann an buaileam sciath do Kim Jong-un agus do Donald Trump araon, ach ar chúiseanna éagsúla. Coinneoidh siad orthu lena gcluichí cogaíochta chomh fada agus a oibreoidh an straitéis sin dóibh. 

Le cúnamh Dé, ní bhrúfaidh éinne cnaipe ‘fíordhiúracáin’ trí dhearmad.