‘Stunt’ a bhí i léirsiú An Dream Dearg ag Caisleán Hillsborough — Allister

Dúirt ceannaire an TUV go mbeadh an Státrúnaí James Brokenshire amaideach dá rachadh an ócáid a bhí ar siúl ag a áras cónaithe inné i bhfeidhm air

‘Stunt’ a bhí i léirsiú An Dream Dearg ag Caisleán Hillsborough — Allister

Ní raibh i léirsiú ‘An Dream Dearg’  ag Hillsborough Castle an tseachtain seo ach ‘stunt’ ina ndearnadh ‘éileamh ionsaitheach’ d’Acht Gaeilge ó thuaidh, dar le ceannaire an TUV, Jim Allister.

Dúirt Allister inniu gur cheart diúltú go láidir dá leithéid de ‘chleas’.

Dé Máirt, chuaigh toscaireacht ón Dream Dearg agus baill eile de phobal na Gaeilge, daltaí scoileanna lán-Ghaeilge agus a dtuismitheoirí ina measc, chuig Hillsborough Castle i gContae an Dúin, áras oifigiúil cónaithe James Brokenskire, le litir a thabhairt ar láimh dó.

Bhí os cionn 60 duine i láthair ag an ócáid, agus bhí litir ag an uile dhuine acu – litir dá gcuid féin, nó litir oifigiúil ‘An Dream Dearg’ –ag éileamh ar Brokenshire bualadh le hionadaithe ó phobal na Gaeilge chun reachtaíocht teanga a phlé. Thuill an ócáid go leor poiblíochta don fheachtas ar son Achta Gaeilge ó thuaidh, ach ní mó ná sásta a bhí ceannaire an TUV leis an aird a tugadh ar an scéal.

“Caithfear cur go láidir in aghaidh na n-éileamh ionsaitheach seo. Is léir gurb í bunsprioc an Achta Gaeilge an státseirbhís a fholú, teach fuar a chruthú ann d’aontachtaigh, agus tús áite a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu.

“Bhainfeadh sé an bonn de chultúr na Breataine i dTuaisceart Éireann go deo agus d’fhágfadh sé Tuaisceart Éireann mar áit faoi leith sa Ríocht Aontaithe atá báúil do chultúr Gaelach. Bheadh an Státrúnaí thar a bheith amaideach dá rachadh an chleas seo i bhfeidhm air,” a dúirt JIm Allister.

Thug urlabhraí ón Dream Dearg le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon ráiteas le déanamh ag an ngrúpa faoin méid a bhí le rá ag Allister.

Dúirt Gráinne Ní Ghilín, ón Dream Dearg, an tseachtain seo nach féidir le Rialtas Westminster “a beith ar an imeall a thuilleadh” agus go bhfuil sé “thar am acu” na dualgais atá orthu i leith na teanga a chomhlíonadh.

“Tháinig pobal na Gaeilge inniu chun tábhacht an phobail san fheachtas seo a threisiú arís eile, agus chun ról Rialtas na Breataine a athlua go soiléir. Tagann an t-éileamh don Acht Gaeilge díreach ónár sráideanna, ónár ndaoine óga, ónár dtuismitheoirí agus ónár scoileanna.

“Tá pobal na Gaeilge i ndiaidh an feachtas seo a thiomáint go croílár an dioscúrsa pholaitiúil agus ba mhian linn í a choinneáil ansin go mbainfear ár gcearta amach sa reachtaíocht,” a dúirt Gráinne Ní Ghilín.

Fág freagra ar '‘Stunt’ a bhí i léirsiú An Dream Dearg ag Caisleán Hillsborough — Allister'