Clásico Chorca Dhuibhne i nGallarus anocht

Tabharfaidh an Daingean agus an Ghaeltacht aghaidh ar a chéile anocht i Sraith an Chontae agus dianchoimhlint eile romhainn más aon chomhartha na cluichí atá imeartha eatarthu le cúpla bliain anuas

Clásico Chorca Dhuibhne i nGallarus anocht

Tá gála eile de Clásico Chorca Dhuibhne chugainn anocht agus an Daingean ag tabhairt aghaidh ar an nGaeltacht i Roinn 1 de Shraith an Chontae. Is i nGallarus a imreofar an cluiche agus tús á chur leis ag 8.00i.n..

Tá ag éirí go maith leis an dá fhoireann sa tsraith go dtí seo i mbliana, An Daingean sa tríú háit agus an Ghaeltacht dhá phointe taobh thiar díobh sa cheathrú háit i láthair na huaire. Comhartha ar an mborradh atá faoi chúrsaí peile sa cheantar le tamall de bhlianta anuas.

Bhí bua iontach ag an nGaeltacht i gComórtas Peile na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh ag tús na míosa agus choinnigh siad orthu ag buachan i Sraith an Chontae ó shin. Dhá chluiche a bhí ag fir na Gaeltachta sa tsraith go dtí seo i mí an Mheithimh agus an bua faighte acu in aghaidh na Mistéalach agus i gcoinne Bhaile an Mhuilinn/Caisleán na Mainge.

Tá dúshlán níos mó rompu anocht, áfach, agus ní mór don Ghaeltacht súil ghéar a choinneáil ar leithéidí Conor Geaney agus Cathal Ó Bambaire, a d’aimsigh ceithre phointe dhéag eatarthu nuair a fuair an Daingean an ceann is fearr ar Ghleann Beithe/Gleann Chárthaigh an tseachtain seo caite.

Níl aon cheann den chúig chluiche atá imeartha ag an Daingean sa tsraith go dtí seo caillte acu, ach dhá chluiche comhscóir, in aghaidh Naomh Muire agus an Teampaill Nua, is cúis leo gan a bheith ar comhchéim leis na Crócaigh ag barr na sraithe faoi láthair.

Ba leis an Daingean a bhí an lá nuair a chas na foirne ar a chéile go deireadh. Cé nach raibh ach farasbarr dhá phointe acu faoi dheireadh an himeartha, 0-18 in aghaidh 1-13, b’fhearr i bhfad An Daingean i rith an chluiche.

Ba iad an Ghaeltacht a thug an svae leo an dá uair roimhe sin ar casadh na foirne ar a chéile, áfach, agus an bua acu i gcluiche cáilithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2016 agus i gCraobh Chiarraí Thiar 2015.

Is léir ó thorthaí na gcluichí idir na foirne lé cúpla bliain anuas nach bhfuil mórán eatarthu agus go mbeidh dianchoimhlint i gCorca Dhuibhne anocht agus cearta maíte ar fáil do na buaiteoirí. Go dtí go n-imreoidh siad a chéile i gCraobh Chiarraí Thiar níos deireanaí sa bhliain ar a laghad…

Fág freagra ar 'Clásico Chorca Dhuibhne i nGallarus anocht'