Clásal rúndachta 10 mbliana sna téarmaí faoinar dhíol ÚnaG Arramara Teoranta

Tugadh le fios do Bhord an Údaráis go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”

Clásal rúndachta 10 mbliana sna téarmaí faoinar dhíol ÚnaG Arramara Teoranta

Feamainn14-3608

Coimeádfar na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir ‘clásal rúndachta’ sa chomhaontú díolacháin.

Tá sé tugtha le fios i miontuairiscí chruinnithe de chuid Bhord an Údaráis, atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, go bhféadfadh “iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don Údarás dá scaoilfí aon eolas faoin gcomhaontú”.

Ní deirtear cérbh iad na “iarmhairtí tromchúiseacha” sin,  ach bhí na socruithe chomh leochaileach sin gur iarradh ar bhaill bhord an Údaráis na doiciméid a bhain leis an díolachán a cuireadh ar fáil dóibh do chruinniú an bhoird ar 1 Márta 2013 a thabhairt ar ais arís don bhfeidhmeannas roimh dheireadh an chruinnithe.

Dúirt iarchomhalta a thug 25 bliain ar Bhord an Údaráis le Tuairisc.ie nach cuimhin leis ach aon uair amháin eile ar tharla a leithéid roimhe seo.

Léiríonn miontuairiscí ó chruinniú eile go ndearna trí chomhlacht eile tairiscintí le Arramara Teoranta a cheannach sa tréimhse ceithre mhí i ndiaidh don bhord cinneadh a dhéanamh an comhlacht feamainne a dhíol le Acadian Seaplants i Márta 2013.

Cuireadh in iúl do bhord an Údaráis i mí Iúil 2013 go raibh litir faighte ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ó Phríomhfheidhmeannach Fiontraíocht Éireann ag léiriú imní faoin díolachán.

Tá cúis an imní sin faoi cheilt le dúch dubh sa chóip de na miontuairiscí atá curtha ar fáil do Tuairisc.ie ach deirtear sna cáipéisí go gcuireann litreacha mar seo moill ar an bpróiseas díolacháin agus “nach bhfuil Acadian Seaplants Ltd., (ASL) sásta leis an mhoill”.

Moladh ag an gcuinniú céanna go seolfaí litir ón mBord “ag léiriú a n-imní faoin mhoilleadóireacht agus go bhfuil faitíos orthu go bhfuil baol ann go dtitfidh an próiseas óna chéile”.

Cuireadh in iúl do chruinniú mhí Aibreáin 2013 go raibh comhfhreagras faighte ag comhaltaí an bhoird ó chomhlachtaí eile san earnáil feamainne a bhí lonnaithe in Éirinn ag léiriú a míshástachta le cinneadh an Údaráis a scaireanna in Arramara Teo a dhíol le Acadian Seaplants Ltd agus ag cur i leith an Bhoird nach raibh an t-eolas iomlán faighte acu chun an cinneadh sin a dhéanamh, agus nach raibh siad ag cloí leis na treoirlínte sa Chód Cleachtais um Rialachas Comhlachtaí Stáit.

Tugadh le fios ag an gcruinniú céanna go raibh freagra cuimsitheach le chur chuig Ard-Rúnaí na Roinne Gaeltachta ar na líomháintí a bhí déanta. Dúradh chomh maith go mbeadh an Roinn ag cur faoi bhráid an Ard-Aighne cáipéis a bhain le gealltanas ó Acadian Seaplants Ltd maidir le praghas agus soláthar feamainne do chustaiméirí Éireannacha Arramara Teo.

Thabharfadh “breithiúnas” an Ard-Aighne “an compord” go raibh “seasamh gnó, dlíthiúil agus polaitiúil sásúil ag an togra”.

Feamainn14-3610
Arramara Teoranta. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

An mhí dár gcionn tugadh le fios do Bhord an Údaráis go raibh aighneachtaí curtha ag na comhlachtaí Éireannacha a bhí míshásta leis an bpróiseas díolacháin chuig an Údarás Iomaíochta agus chuig an Coiste Cumasc agus Éadálacha ach dúradh “nár dhóigh leis an bhfeidhmeannas go raibh aon chás le freagairt”.

Léiríonn na miontuairiscí freisin gur cheadaigh Bord Údarás na Gaeltacht deontas “i leith an chláir infheistíochta caipitil” d’Aramara Teoranta i Márta 2013 sular dhíol siad an comhlacht.

Bheadh an deontas sin le n-íoc thar thréimhse cúig bliana. Tá an tsuim airgid a bhí i gceist curtha faoi cheilt sa chóip de na miontuairiscí atá curtha ar fáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.

Tugadh le fios i miontuairiscí eile a bhaineann le cruinniú i mí na Bealtaine 2013 go raibh sé i gceist go dtabharfadh toscaireacht ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus ón Údarás cuairt a ar ionad Acadian Seaplants Ltd i gCeanada ar dhátaí a bhí fós le socrú.

Míníodh do chruinniú de Bhord an Údaráis  ar 20 Meán Fómhair 2013 gur chas feidhmeannaigh ón Údarás le feidhmeannaigh ón gcomhlacht Acadian Seaplants Ltd. i gCeanada an tseachtain roimhe sin. Míníodh go raibh an comhlacht i gCeanada sásta dul chun cinn le ceannach an chomlachta cé go raibh siad “buartha faoin soláthar teoranta feamainne atá ann i gcomhthéacs iomaíocht ar an gcladach in aeráid neamhrialaithe”.

Deirtear sna miontuairiscí:

“Treisíodh gurbh acmhainn luachmhar a bhí san fheamainn agus an ghéarghá a bhí le córas ceart rialacháin lena chinntiú gur féidir an fheamainn a bhaint ar bhealach inmharthanach. Cuireadh in iúl don chruinniú go bhfuil córas dlí leagtha síos maidir le baint feamainne ach nach gcuirtear i bhfeidhm é, agus go bhfuil gá anois leis sin a cheartú.”

Léiríodh imní ag an gcruinniú boird seo go mbeadh aon chóras rialacháin a chuirfí i bhfeidhm cothrom (de bharr go gcreideann na bainteoirí feamainne “gur leo féin an fheamainn”) agus “tugadh soiléiriú gur leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an fheamainn (de réir comhairle ón Ard-Aighne)”.

Tar éis an scéal a bheith pléite le Foras na Mara, cuireadh béim arís ag cruinniú mhí na Nollag 2013 ar “córas rialaithe ceart” do bhaint na feamainne, “chun todhchaí na hearnála a chinntiú agus a fhorbairt”.

Tuairiscíodh don Bhord ar an 2 Febhara 2014 go raibh próiseas díolacháin Arramara Teo fós “leochaileach” agus “treisíódh nár chóir aon rud a rá sna meáin faoi”.

udaras_051-1024x681

Ag an gcruinniú boird ar an 28 Márta 2014 tugadh le fios do na baill go raibh iarratas déanta ag an gcomhlacht chuig an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil an tseachtain roimhe sin ag lorg ceadúnas bainte feamainne don chósta ó Bhéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo, go Baile Uí Bheachain, Co. an Chláir, agus go raibh tús curtha le feachtas eolais do na bainteoirí feamainne faoi seo.

“Treisíodh an tábhacht a bhaineann le ceadúnas a bheith ann chun todhchaí earnáil na feamainne a chinntiú. Nótáladh go raibh sé tábhachtach go láimhseálfaí an scéal go cúramach sna meáin agus scaipeadh cóip de phreasráiteas a bhí le tabhairt do na meáin tar éis an chruinnithe,” a deirtear sna miontuairiscí.

Ag an gcéad chruinniú eile den Údarás séanadh go raibh aon bhaint ag “díol na scaireanna in Arramara Teoranta leis na ceadúnais”. Dúradh anois go gcaithfeadh an tÚdarás “fanacht amach as an gceist sin”.

Dúradh leis an gcruinniú céanna gur leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil “thart ar 98% den chladach ach gur rud faoi leith é má bhí cearta bainte feamainne ag dul leis na teidil atá ag daoine ar a gcuid talún”.

Ag an gcruinniú i mí na Bealtaine 2014 bhí caint arís faoi chúrsaí rúndachta agus “treisíodh” go raibh na sonraí maidir leis an socrú díolacháin “go hiomlán faoi rún”.

Tugadh le fios ag cruinniú speisialta de bhord an Údaráis a tionóladh ar 12 Meitheamh anuraidh go raibh iarratas faighte ó Acadian Seaplants Ltd “cuireadh a thabhairt don Taoiseach nuair a bheadh úinéireacht nua na cuideachta a fógairt”.

Fág freagra ar 'Clásal rúndachta 10 mbliana sna téarmaí faoinar dhíol ÚnaG Arramara Teoranta'