‘Feall millteach’ ar bhunchuspóir TG4 iad cláracha Béarla spóirt

Deir Feargal Mac Amhlaoibh, a bhí ina chathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse, a d’éiligh os cionn scór blianta ó shin go mbunófaí seirbhís teilifíse trí Ghaeilge, gur “ait leis” an treo a bhfuil an stáisiún anois ag dul

‘Feall millteach’ ar bhunchuspóir TG4 iad cláracha Béarla spóirt

Tá beirt a raibh baint lárnach acu leis an bhfeachtas stáisiún lán-Ghaeilge a bhunú míshásta leis an scéal go bhfuil cláracha spóirt atá go huile is go hiomlán i mBéarla á gcraoladh ar TG4.

Dúirt Feargal Mac Amhlaoibh, a bhí ina chathaoirleach ar an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse, a d’éiligh os cionn scór blianta ó shin go mbunófaí seirbhís teilifíse trí Ghaeilge, gur “ait leis” an treo a bhfuil an stáisiún anois ag dul, agus go bhfuil sé “deacair a mheas cá háit go díreach a chríochnóidh siad”.

Dúirt sé gur “feall millteach” ar bhunchuspóirí TG4 a bhí sa chraoladh beo i mBéarla amháin a rinne TG4 ar na cluichí ceannais i gComórtas Náisiúnta Leadóige na hÉireann i gClub Leadóg Léana FitzWilliam tráthnóna Dé Sathairn

Tá roinnt cláracha beo spóirt i mBéarla amháin craolta ag TG4 le tamall, ach deir lucht an stáisiúin Ghaeilge nach bhfuil aon athrú polasaí i gceist lena gcraoladh.

Ba é Con Murphy, iarchraoltóir le RTÉ, a chuir cluichí ceannais na mban agus na bhfear i láthair i mBéarla agus ba é an tráchtaire de chuid Newstalk Oisín Langan a bhí i mbun na tráchtaireachta i mBéarla.

Rinne TG4 tráchtaireacht i mBéarla amháin cheana féin i mbliana ar chluichí i Sraith Chispheile na hÉireann, agus ar chomórtais lúthchleasaíochta. Bhí clár iomlán i mBéarla chomh maith acu faoi Chorn Sóisir an FAI.

Dúirt Mac Amhlaoibh le Tuairisc.ie go dtéann a leithéid de chlár “i gcoinne aidhmeanna TG4” agus gur chóir go mbeadh “freagra níos iomláine” faoin gcleachtas ón gcraoltóir Gaeilge.

Dúirt sé chomh maith go raibh sé in amhras faoi “ról na Gaeilge i ndéantús roinnt cláracha” ar TG4 agus go raibh sé “thar am é seo a fhiosrú chomh maith”.

“Ní bheinn sásta leis sin a bheag ná a mhór, níl aon leithscéal sásúil ann dó sin, is airgead TG4 atá á chaitheamh, acu féin nó ag comhlacht éigin, agus téann sé glan in aghaidh na haidhme atá acu. Caithfidh go bhfuil polasaí éigin teanga acu ach is léir nach raibh ag an gclár seo.

“Ní féidir leo a rá nach bhfuil na tráchtairí ann mar bhí tráchtairí le Gaeilge ann do Wimbledon cúpla bliain ó shin. Tá mé bréan a bheith ag caint faoina leithéid, agus tá súil agam go mbeidh raic faoi seo. Is ait liom é,” a dúirt Feargal Mac Amhlaoibh.

Dúirt Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge agus duine de na daoine a thug seal i bpríosún mar chuid d’agóid na gceadúnas teilifíse in aghaidh a laghad Gaeilge a bhí le cloisteáil ar RTÉ , go dtagann an cleachtas nua salach ar aidhmeanna an stáisiúin.

Dúirt an t-iarléachtóir cumarsáide le Tuairisc.ie nár cheart go mbeadh stáisiún atá á mhaoiniú leis an nGaeilge a chur chun cinn ag cur an airgid sin amú ar chláracha nach bhfuil aon Ghaeilge  orthu ar chor ar bith.

Dúirt urlabhraí ó TG4 le Tuairisc.ie níos luaithe an tseachtain seo nár fhág an craoladh ó Chraobhchomórtais Oscailte na hÉireann as Club Leadóige Léana Mhic Liam i mBaile Átha Cliath go raibh aon athrú tagtha ar pholasaí teanga an stáisiúin.

Dar le Feargal Mac Amhlaoibh nach “leathscéal ar bith é a rá gur tarlúintí ‘aon uaire'” a bhí i gceist leis na cláracha spóirt i mBéarla. “Is feall milllteach é seo ar bhunchoincheap TG4, a osclaíonn na doirse don a thuilleadh cláracha a bheith inghlactha ag an stáisiún,” a dúirt sé.

“Níl sé ceart ná cóir ó thaobh mhisean TG4 de, más ann dó in aon chor, cláracha spóirt dá leithéid a chraoladh go hiomlán as Béarla. Glactar leis nach bhfuil aon dul as agallaimh a dhéanamh i mBéarla ó am go ham le linn cláir, ach ní raibh aon dealramh leis an gclár leadóige seo a bheith go hiomlán i mBéarla,” a dúirt an té a bhí ina chathaoirleach ar an bhFeachtas Násiúnta Teilifíse.

Chaill TG4 cearta craolacháin do chomórtas leadóige Wimbledon sa bhliain 2015, ach roimhe sin thuill an clúdach Gaeilge a rinne an stáisiún ar chúrsaí leadóige cuid mhór dea-phoiblíocht don chraoltóir agus foilsíodh, mar shampla, ailt ar nuachtáin Bhéarla faoi théarmaíocht Ghaeilge na leadóige.

Cé go bhfuil cláracha agus scannáin Bhéarla á gcraoladh ar TG4 ó bunaíodh é, tá nós seanbhunaithe ann go mbeadh aon tráchtaireacht nó láithreoireacht bheo i nGaeilge amháin. Cáineadh an stáisiún dhá bhliain ó shin mar gheall ar an gcur chuige dátheangach a bhain le cur i láthair an chláir Fleadh TV.

Fág freagra ar '‘Feall millteach’ ar bhunchuspóir TG4 iad cláracha Béarla spóirt'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ba chóir don té atá freagrach ag an gcinneadh seo éirí as a phost le TG4 agus ligean do dhuine nach náir leis an Ghaeilge dul i mbun an chúraim.

  • Pól Réamonn

    Fógraí i mBéarla, scannáin i mBéarla agus tráchtaireachta spóirt i mBéarla, cad é an cuspóir TG4?