Clár tábhachtach ag ‘7 Lá’ i Scoil Éanna, ach sé an trua gan a thuilleadh búis ag TG4 faoi

Is deas mar a d’oir maorgacht halla mór an tí d’ábhar an chláir agus ba dheas leis mar a fuarthas ionchur ón slua go minic le cur leis an méid a bhí le rá ag na cloigne cainte

Screen Shot 2016-03-31 at 12.53.27.png

Craoladh eagrán speisialta de 7 Lá TG4 ó Iarsmalann an Phiarsaigh (nó Scoil Éanna mar a ghlaoití uirthi tráth) Dé Máirt le cíoradh a dhéanamh ar thionchar na Gaeilge ar an Éirí Amach.

Cuireadh tús leis an gclár le seatanna ealaíonta den taobh istigh den fhoirgneamh le tionlacan ó cheol na cláirsí.

Is deas mar a d’oir maorgacht halla mór an tí d’ábhar an chláir agus ba dheas leis go raibh lucht féachana bailithe isteach. Rith sé liom gur rud é sin go mba cheart a dhéanamh níos minice, de réir mar is cuí. Fuarthas ionchur ón slua go minic le cur leis an méid a bhí le rá ag na cloigne cainte.

Bhí go leor aíonna cnuasaithe agus sholáthraíodar cuntais shuimiúla, thaitneamhacha.

Thug an Dr. Regina Uí Chollatáin, an Dr. Micheál Ó Siochrú agus Íte Ní Chionnaith éachtaint  ar ról na Gaeilge agus thug Deirdre Nic Éanruig, Éamon Ó Cuív agus Cathal Mac Suibhne Brugha cur síos ar a ngaolta a bhí páirteach san Éirí Amach. Ina dhiaidh sin thug an Dr. Róisín Ní Ghairbhí léargas ar an bhfís a bhí ag an bPiarsach don scoil a bhí aige i Ráth Fearnáin: ‘poblacht bheag’ neamhspleách ann féin a bhí i ngach dalta aige.

Ina theannta sin bhí tuairiscí cuidsúlacha ó Sheán Mac an tSíthigh, Ailbhe Ó Monacháin (a bhí ag cur síos ar a sheanuncail den ainm céanna) agus Caoimhe Ní Chonchoille.

Cé gur clár uair an chloig a bhí ann mheasas go mb’fhéidir gur deineadh iarracht an iomarca a chlúdach. Ina dhiaidh sin féin, ba chlár tábhachtach don stáisiún é go mórmhór ós rud é go raibh an clúdach ar chomóradh an Domhnaigh agus an Luain tanaí go maith acu.

Is mór an t-iontas mar sin nach raibh níos mó búis faoin leagan speisialta seo de 7 Lá, ná nach raibh a thuilleadh cláracha mar é ar TG4.

I láthair na huaire tá vótaí a gcaitheamh ar shuíomh na hirise Time le teacht ar an 100 duine is údarásaí ar domhan. Cé gur moltóirí aonair a dhéanfaidh an cinneadh deireanach beidh na vótaí seo mar shlat tomhais acu. Agus an colún seo á scríobh tá banríon draig ó Bhaile an Róba i Maigh Eo sa bhfichiú áit, leis an gcéatadán céanna vótaí le Mark Zuckerberg agus leithéidí Angela Merkel, Tim Cook agus Joe Biden ina dhiaidh aniar. Is ait an mac an saol gan aon agó. Thug an clár The Queen of Ireland (RTÉ 2, Dé Domhnaigh) léargas ar conas mar a thit sé seo amach.  Agus Rory O’Neill féin ár dtreorú, tugtar éachtaint ar shaol an fhir faoi leith seo; a shaol pearsanta, a ghairm agus a chuid feachtasaíochta. Radadh os comhair an phobail i gceart é tar éis fothragadh a lean a agallamh ar The Saturday Night Show agus an óráid a thug sé in Amharclann na Mainistreach, a bhfuil geall le 800,000 amharc YouTube faighte aige. Dá bharr bhí sé, dá ainneoin féin ar shlí, ar thosach cadhnaíochta sa reifreann don chomhionannas pósta. Fear caithiseach, deisbhéalach é Rory agus insítear a scéal go macánta agus go mothúchánach. Cuirtear abhaile orainn go paiteanta gur cloch mhíle stairiúil lá an chomhairimh agus léirigh an fháilte a cuireadh roimh Phanti nuair a tháinig sé go Caisleán Bhaile Átha Cliath an meas a bhí air mar aon leis an stádas a bhí bainte amach aige.

Admhaíonn Rory é féin go bhfuil a nasc leis an bhfód dúchais imithe i léig, rud atá intuigthe. Mar sin féin toileann sé seó a dhéanamh ag baile agus seo an chuid is caithisí den chlár. É ag tabhairt faoin marquee, a cuireadh suas go speisialta i gcarrchlós leis an gcomhlacht bonn áitiúil, lena bheirt tuismitheoirí tuisceanacha, geanúla ar gach taobh de. Cad ina thaobh ná beadh sé sa bhfichiú áit?

Fág freagra ar 'Clár tábhachtach ag ‘7 Lá’ i Scoil Éanna, ach sé an trua gan a thuilleadh búis ag TG4 faoi'

  • Feardorcha

    Músaem na bPiarsach atá go hoifigiúil air – in onóir na beirte a ainmníodh é.

  • padraig

    ‘poblacht bheag neamhspleách ann féin a bhí i ngach dalta aige’ sin aidhm amháin a cuireadh i gcrích, ach go háirithe, a déarfadh scata tuismitheoirí leat!

  • eoghan Ó Brolacháin

    Chonaic mé an clár. Bhí sé thar cionn ar fad. Ábhar, tuairiscí agus aoinna spéisiúla agus Páidí Ó Lionaird an-oilte mar is dual dó