ÍOSLÓDÁIL SEO: Clár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2016…

Cuirfear tús le Comórtas Peile na Gaeltachta 2016 anocht i mBaile Bhuirne agus beidh Tuairisc.ie i láthair...

Beidh 24 foireann ar Bhaile Bhuirne an deireadh seachtaine seo agus Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil ar an mbaile.

Cuirfear tús leis na cluichí anocht agus an fhoireann baile Naomh Abán ag tabhairt aghaidh ar Lios Póil sa chraobh shóisir. Leanfaidh na cluichí ar aghaidh go dtí an Luan, nuair a imreofar cluichí ceannais na gcraobhacha sinsear, sóisear agus Peil na mBan.

Beidh sibh in ann imeachtaí an deireadh seachtaine agus an t-aicsean ar an bpáirc a leanúint ar líne le Tuairisic.ie agus muid ag tuairisciú ó Chorcaigh ar ár leathanach Twitter agus ar an suíomh féin, áit ina mbeidh tuairisc ar chluichí an Luain.

Idir an dá linn tá clár na gcluichí thíos dóibh siúd atá ag iarraidh fáil amach cén uair a bheidh na foirne ag dul chun páirce. Cliceáil ar an íomhá thíos chun é a mhéadú.

 PDF anseo

Fág freagra ar 'ÍOSLÓDÁIL SEO: Clár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2016…'