Clár gineolaíochta Chonamara seolta i Maine

An bailiúchán eolais is mo ar domhan faoi ghineolaíocht mhuintir Ghaeltacht Chonamara seolta i bPortland. Lorg an Mheáinoirthir agus na hÁise i ngineolaíocht Chonamara – go háirithe ar chósta thiar Chonamara.

MichaelBrennanCrop-1024x1020
Méara Phortland, Michael Brennan, a sheol an clár taighde sa Maine Irish Heritage Centre i bPortland an tseachtain seo caite.

I bPortland i Stát Maine sna Stáit Aontaithe atá an bailiúchán eolais is mo ar domhan faoi ghineolaíocht mhuintir Ghaeltacht Chonamara – ar bhun eolaíochta – dá chur i dtoll a chéile.

Ní nach ionadh, taispeáneann an t-eolas atá faighte go dtí seo i Maine go bhfuil cuimse de mhuintir Chonamara fite fuaite ina chéile ó thaobh gaoil de.

Ach léiríonn sé freisin go bhfuil lorg an Mheáinoirthir agus na hÁise i ngineolaíocht Chonamara – go háirithe ar chósta thiar Chonamara.

Tá figiúirí idir 3% agus 7% de seo feicthe i roinnt samplaí DNA.

Sheol Méara Phortland, Michael Brennan, an clár taighde seo sa Maine Irish Heritage Centre i bPortland an tseachtain seo caite. Bhí an Stairí Stáit i Maine, Earle G. Shettleworth, Jr. ina chuideachta.

Ba thráthúil gurb é an Braonánach a bhí ann mar gurb as ceantar Chuan na Beirtrí Buí cuid dá shliocht; ba de shloinne Mhaoilchiaráin as ceantar Gaeltachta Inis Niaidh a sheanmháthair.

Tárlaíonn sé freisin gurb é Michael Brennan an chéad Mhéara a tógadh ar mhóta i measc an phobail i gcathair Phortland le céad bliain.

Tá sé ráite gur socraíodh an uair sin go n-éireofaí as na toghcháin phoiblí mar go raibh sé ina imní i measc sheandream na cumhachta i bPortland go dtoghfaí Méara de shliocht na hÉireann. Bhí go leor as Éirinn ag dul go Portland sa 19ú céad agus mhair an imirce sin go dtí tuairim 1940.

B’iad muintir Chonamara ba thréine i measc na n-imirceoirí sin.

Tá os cionn 250 sampla DNA tógtha anois ag baill Ionad Oidhreachta na hÉireann i bPortland ó dhaoine i nGaeltacht Chonamara agus ó shliocht mhuintir Chonamara i Stát Maine.

Bhí grúpa as an Ionad i gConamara arís le gairid agus iad ag tógáil tuilleadh samplaí sa gceantar – sin chomh maith le bheith ag bailiú eolais ó mhuintir na háite.

Tá an bailiúchán eolais ag méadú as éadan san Ionad Oidhreachta i bPortland agus tá cuid mhór de stair mhuintir Chonamara féin i Stáit Maine fréamhaithe san Ionad.

I 2003 a rinneadh forbairt ar an Maine Irish Heritage Centre nuair a múnlaíodh seaneaglais Naomh Dominick ina ionad oidhreachta.

Ba é St Dominicks – a tógadh i dtosach in 1833 – Teach Pobail mhuintir Chonamara i Maine ar feadh achair an-fhada.

Shocraigh an Eaglais i Maine cúig bliana déag ó shin go ndúnfaí é mar nach raibh na hacmhainní acu lena choinneáil ag imeacht.

Ba ansin a shocraigh grúpa de shliocht na hÉireann i bPortland – de bhunadh Chonamara a bhformhór – go bhféachfaí le greim a choinneáil ar an bhfoirgneamh agus ionad oidhreachta a dhéanamh de.

Tá ceangal déanta anois idir an Maine Irish Heritage Centre agus tionscnaimh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna i gConamara.

Leag Méara Bhoston, Marty Walsh an bhunchloch don Ionad i gCarna, le gairid.