‘Clár corraitheach, cumasach faoi ‘Citizen journalist’

Chuir ‘Veronica Guerin: A Legacy’ abhaile ar ár léirmheastóir nach bhfuil mórán athruithe ó thaobh na mbuíonta coiriúlachta

Veronica Geurin

Cúpla lá ó shin chuala ar an nuacht go raibh buíon coirpeach i mBaile Átha Cliath imithe i muiníl a chéile faoi cé acu dá gcéilithe comhraic ba cheart a chur de dhroim seoil anois. Cad a bhí le déanamh ach gáire dóite a dhéanamh. Táimid tite chomh mór sin isteach in umar aimléise na coiriúlachta go bhfuil na buíonta geall le bheith gan smacht agus go bhfuilid, dá réir, oiriúnach ar aon rud a dhéanamh.

Dá bharr sin tá tráthúlacht léanmhar ag baint leis an gclár faisnéise seo faoi Veronica Guerin (Veronica Guerin: A Legacy, RTÉ1, Dé Luain), a thagann os ár gcomhair 20 bliain i ndiaidh a dúnmharaithe ar dhébhealach Nás na Rí.

Bhain an dúnmharú brúidiúil sin creathadh, ní hamháin as iomairí na hiriseoireachta, na polaitíochta agus na coiriúlachta, ach as muintir na hÉireann ar fad. ‘Má táid sásta iriseoir a mharú, táid oiriúnach ar dhuine ar bith a mharú’ tuairim coitianta na tréimhse.

Spreagadh na polaiteoirí chun gnímh agus bhí bunú (CAB) i measc na ngníomhartha a chinntigh gur thosaigh an bhróg ag teannadh ar na buíonta.

Ar an drochuair tá , faoi mar a deir Graham Turley (fear céile Veronica) go léargasach,  rudaí chomh olc is a bhíodar riamh.

Tugann an clár cumasach, corraitheach seo cuntas ar shaol agus ar shaothar Veronica.

Is cuid den tsraith ‘Legacy’ é agus beidh cláir fé PJ Mara agus Terry Wogan chugainn amach anseo. Anuraidh ba iad Páidí Ó Sé, Tony Ryan agus Brian Lenihan a bhí idir chamáin agus mheall na cláir sin, ceann Pháidí ach go háirithe, moladh ó mhórán.

Tosnaítear an clár seo le mír nuachta faoin gcluiche a bhí in ainm is a bheith ar siúl idir an Ghearmáin agus Sasana oíche an lae úd, 26 Meitheamh 1996. Tagairt chaolchúiseach dá suim sa sacar.

Sa chéad chuid tugtar cuntas ar a gaiscí sacair, tús a caidrimh le Graham, a suim sa pholaitíocht, a cairdeas le muintir Haughey srl.

Bhíos an-tógtha le Conor Haughey óir labhair sé go deisbhéalach, neamhbhalbh.

Tugtar chun cuimhne gaiscí iriseoireachta atá ligthe i ndearmad: a hagallamh eisiacha leis an Easpag Éamon Casey agus a scéal eisiach faoin útamáil a bhain le heiseachadadh Brendan Smyth.

Ní nach ionadh déantar an-trácht ar a laethanta mar iriseoir imscrúdaitheach leis an Sunday Independent mar a thosaigh sí ag dul sa tóir ar na mangairí drugaí go neamheaglach, críochnúil.

Bhí na tuairiscí seo ceannródaíoch, pearsanta agus thar a bheith léargasach. ‘Citizen Journalist’ á baisteadh uirthi le meas agus gean.

Níor mhaolaigh a dúthracht nuair a caitheadh piléir lena teach agus léi féin, nó nuair a thug John Gilligan crústáil di. Ba léir go raibh sí i ndainséar. Is mór an t-iontas, ag féachaint siar, nár deineadh a thuilleadh ó thaobh slándála agus níor deineadh ról slándála agus coimirce an Sindo a chíoradh chun mo shástachta.

Tá meitheal cloigne cainte earcaithe, Anne Harris, Matt Cooper, Paul Williams, Nora Owen agus Ruairí Quinn ina measc, lena gcuntais agus léargais féin a thabhairt.

Ba iad na míreanna le Cathal, mac Veronica, na cinn ba chorraithí. Labhair sé go deisbhéalach, grámhar agus fealsúnach faoin tragóid seo a bhuail é nuair nach raibh sé ach sé bliana d’aois. Bhainfeadh na radharcanna dó ag an tsochraid deoir as an gcloch ghlas.

Clár corraitheach, cumasach ach cuireann sé abhaile ort nach bhfuil mórán athruithe ó thaobh na mbuíonta coiriúlachta.

Fág freagra ar '‘Clár corraitheach, cumasach faoi ‘Citizen journalist’'