Clár cainte Béarla le craoladh beo ag TG4 ar Facebook ar mhaithe le ‘poiblíocht’

Craolfar ‘Mná sa Spórt: Dúshláin agus Deiseanna’ beo ar leathanach Facebook TG4 an Satharn beag seo agus an cur i láthair amháin a bheidh i nGaeilge

Clár cainte Béarla le craoladh beo ag TG4 ar Facebook ar mhaithe le ‘poiblíocht’

Ar mhaithe le poiblíocht agus le dul i bhfeidhm ar lucht gnó atá clár cainte beo ina mbeidh an plé i mBéarla á chraoladh ag TG4 ar Facebook Live.

Craolfar ‘Mná sa Spórt: Dúshláin agus Deiseanna’ beo ar Facebook an Satharn beag seo agus an cur i láthair amháin a bheidh i nGaeilge.

Cainteoir líofa Gaeilge í láithreoir an chláir, Gráinne McElwain, agus tá Gaeilge ag duine amháin den cheathrar a bheidh faoi agallamh aici, iarpheileadóir Chorcaí, Valerie Mulcahy. Níl Gaeilge ag an triúr ban spóirt eile a ghlacfaidh páirt sa díospóireacht, Kellie Harrington, Rachel Blackmore agus Lindsay Peat.

Dúirt urlabhraí ó TG4 go raibh ‘Mná sa Spórt: Dúshláin agus Deiseanna’ á eagrú chun poiblíocht a fháil do Pheil na mBan agus TG4 i measc lucht gnó agus urraíochta.

“Is ócáid dhátheangach í seo don earnáil ghnó go príomha, atáimid a eagrú i bpáirt leis an eagras “Women in Business” mar dheis bhreise do TG4 a tacaíocht do Pheil na mBan agus do Spórt na mBan go ginearálta a mheabhrú do lucht gnó agus urraíochta. Is cuid í d’iarrachtaí leanúnacha TG4 a tacaíocht ón earnáil sin a threisiú.

“Beidh an cur i láthair dátheangach. Tá an ócáid á craoladh ar Facebook mar go measaimid go mbeidh an plé suimiúil don lucht leanta atá ag TG4 ansin agus go nginfidh sé poiblíocht do na cluichí ceannais féin, d’urraíocht cheannródúil fhadbhunaithe TG4 ar na Craobhacha agus don bheochlúdach domhanda Gaeilge ar na trí chluiche an lá dár gcionn,” a dúirt urlabhraí ó TG4.

Craolfar an clár ar leathanach Facebook TG4 Dé Sathairn agus mairfidh sé uair an chloig, idir 8.00i.n. agus 9.00i.n.

Ní hé seo an chéad uair do TG4 craoladh spóirt a dhéanamh i mBéarla i mbliana. Níos luaithe i mbliana, rinneadh beochraoladh i mBéarla amháin ar na cluichí ceannais i gComórtas Náisiúnta Leadóige na hÉireann.

Beidh cluichí ceannais peile an Domhnaigh á mbeoshruthú ar Facebook ag TG4 chomh maith. Tabharfaidh Doire agus Fear Manach aghaidh ar a chéile sa Chraobh Shóisir ag 11.45r.n., beidh Tiobraid Árann in aghaidh Thír Eoghain sa chluiche ceannais idirmheánach ag 1.45i.n., agus craolfar mórchluiche an lae, coimhlint na sinsear idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo, ag 4.00i.n..

Fág freagra ar 'Clár cainte Béarla le craoladh beo ag TG4 ar Facebook ar mhaithe le ‘poiblíocht’'

  • Piaras

    “Beagán ar bheagán a itheann an cat an scadán” a deir an seanfhocal.

    Is amhlaidh anois ag TG4. Ar mhaithe leis an nGaolainn a chur chun cinn a bunaíodh iad agus a fhaigheann sciar de’d chuid’se cánach agus d’em chuidse.

    Anois de réir a chéile is léir gur méadú atá ag teacht ar an líon dó sin atá á chaitheamh ar Bhéarla, teanga nár cheart baint ar bith a bheith ag an stáisiún leí. Ní fheictear a lán cláracha sa teanga sin ar stáisiúin na Fraince, na Gearmáine, na Spáinne etc, mheasfainn.

    Mo náire sibh