‘Claontacht’ i saol na heolaíochta maidir le buntáistí an dátheangachais

Deirtear i dtuarascáil taighde nua ó Ollscoil Dhún Éideann go bhfuil claontacht ann i réimse na haigneolaíochta tús áite a thabhairt d’fhianaise faoi bhuntáistí an dátheangachais agus gan a mhalairt d’fhianaise a fhoilsiú

brain1

Tá stáidear foilsithe ag an aigneolaí Angela de Bruin in Ollscoil Dhún Éideann a mhaíonn gur túisce a fhoilsítear ar thréimhseacháin eolaíochta fianaise faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas ná fianaise a chaitheann amhras ar na buntáistí céanna.

Bhreathnaigh de Bruin ar achoimrí a pléadh ag comdhálacha léinn ó 1999 go 2012 a bhain leis an dátheangachas agus na buntáistí nó easpa buntáistí a bhaineann leis ó thaobh smacht cognaíoch (cognitive control).

Nuair a scrúdaigh de Bruin an t-ábhar a rognaíodh ó na comhdhálacha le foisliú i dtreimhseacháin eolaíochta, chonaic sí gur mó seans a bhí ann go bhfoilseofaí fianaise a thacaigh leis an teoiric go bhfuil buntáiste ag baint leis an dátheangachas ná mar a bhí ag fianaise a bhréagnaigh an teoiric chéanna. Ba lú go mór an seans go bhfoilseofaí staidéir ina raibh torthaí diúltacha iontu faoi bhuntáistí an dátheangachais ná staidéir a thacaigh leis an áiteamh coitianta go mbíonn buntáistí éagsúla ag an té a bhfuil dhá theanga aige.

Fuarthas amach gur foilsíodh i dtréimhseacháin eolaíochta 68% de na staidéir a thacaigh leis an teoiric go mbíonn buntáiste ag an té atá dátheangach, ach nár foilsíodh ach 29% de na stáidéir a bhí ar mhalairt tuairime.

Is dátheangach í Angela de Bruin a rugadh i Nijmegen na hÍsiltíre. Ba í an Ollainis an teanga bhaile a bhí aici ach bhain sí líofacht amach sa Bhéarla agus í fós ar scoil. Tá céim aici sa teangeolaíocht agus sa néareolaíocht agus rinne sí cúrsa iarchéime in Ollscoil Dhún Éideann, áit a ndearna sí tuilleadh staidéir ar an nasc idir an dátheangachas agus an chognaíocht.

Mar chuid den staidéar seo, bhreathnaigh sí féin agus a comhghleacaithe Barbara Trecanni agus Sergio Della Sala, ar achoimrí taighde ó 169 comhdháil eolaíochta a phléigh le ceist an dátheangachais.

Fuair de Bruin agus a comhghleacaithe amach gur léirigh tuairim is caoga faoin gcéad de na stáidéir taighde a cuireadh i láthair ag na comhdhálacha nach raibh aon bhunús le ‘buntáistí an dátheangachais’.

Ach nuair a ghrinnigh siad na foilsiúcháin eolaíochta a foilsíodh i ndiaidh na gcomhdhálacha, fuarthas nár bhréagnaigh ach fiche naoi faoin gcéad den taighde a foilsíódh an teoiric.

Dúirt de Bruin go léiríonn a taighde go bhfuil an scéal maidir leis an bhfianaise faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas curtha as a riocht ag na foilseacháin eolaíochta.

“Creideann taighdeoirí (agus na meáin) go bhfuil tionchar dearfach ag an dátheangachas ar an bpróiséas cognaíoch i níos mó réimsí ná réimse na teanga . Tá an tuairim sin ann go láidir agus gan ceistiú,” a dúirt Angela de Bruin.

Deir de Bruin nach bhfuil an teoiric maidir le buntáiste an dátheangachais á bréagnú aici ach go léiríonn a cuid taighde go bhfuil claontacht ann ina taobh. Léirigh roinnt staidéar a ghrinnigh sí dá taighde féin go raibh an-bhuntáiste ag baint leis an dátheangachas.

Tá taighde nua curtha faoi bhráid a comhchéimithe ag de Bruin a dhíríonn go sonrach ar cheist bhuntáiste an dátheangachais.

Díríonn an taighde nua seo ar chainteoirí a bhfuil Gáidhlig agus Béarla acu, cainteoirí nach bhfuil ach Béarla acu agus cainteoirí a bhfuil Gáidhlig acu nach n-úsáideann an teanga chomh minic sin níos mó. Bhí ceithre thasc le déanamh ag na rannpháirtithe a thástáil a gcumas cognaíoch.

Ní fhacthas difríocht dá laghad idir na grúpaí éagsúla i dtrí cinn de na tascanna cognaíochta ach tugadh difríocht faoi deara sa tasc eile a bhain le hathrú dathanna agus cruthanna.

Dealraíodh ar dtús sa tasc sin gur ag na dátheangaigh a bhí an lámh in uachtar, ach léirigh tuilleadh anailíse nach amhlaidh a bhí.

“Cinnte, nílim ag rá nach ann do bhuntáiste an dátheangachais ach cuireann an taighde seo leis an bhfianaise go ndéantar áibhéil faoin scéal,” a deir de Bruin.

Fág freagra ar '‘Claontacht’ i saol na heolaíochta maidir le buntáistí an dátheangachais'

  • Breathnóir

    B’fhéidir go bhfuil na heolaithe seo ag iarraidh cabhrú ar a mbealach féin le foghlaim na dteangacha a spreagadh? Ag Dia atá a fhios gur bocht an scéal é sna tíortha Béarla ó thaobh foghlaim teanga de…

  • Colmán

    Cé d’íoc as an taighde sin?

  • Colmán

    Deirim sin nó gur cosúil liom go ndéarfaidh roinnt “eolaithe” cib é rud a n-iarrtar orthu a rá má thugann tú go leor airgead daofa. Mar shampla staidéar eolaíochta a dhéanfadh lucht an loby tobac nó comhlachtaí ola srl. Ba shuimiúil liom fáil amach cé d’íoc as an taighde seo i bhfianaise go bhfuil an AE ag cúlú ón dátheangachas le blianta beaga anuas.