Cláir chainte TG4 le cur ina dtost. An maith é?

Fágfaidh na hathruithe atá ar bun i TG4 a lorg go mór ar an stáisiún agus ar a lucht féachana, bealach amháin nó bealach eile

Cláir chainte TG4 le cur ina dtost. An maith é?

I bhfianaise tuairisc ar an suíomh seo inné, tá sé chomh maith againn a bheith ag cuimhneamh ar fheartlaoi na seónna cainte in TG4 a scríobh.

Tá sé deimhnithe cheana féin go bhfuil deireadh ag teacht mí Aibreáin le Seó Spóirt, clár a bheadh molta agus an léirmheastóir seo ina thost.

Is fada é aitheanta ag lucht an eolais go raibh téagar ag baint leis an allagar agus an anailís ar Seó Spóirt nach raibh le fáil sna meáin Bhéarla. Ba thuisceanach mar a mheall an láithreoir, Dara Ó Cinnéide an tí seo, caint óna chuid aíonna. Sraith í a bhí in ann réalta a mhealladh leis, agus bhronn sé stádas ar an stáisiún go raibh leithéidí Ciarán Kilkenny, Ger Loughnane agus Tomás Ó Sé go minic ar an gcúits mór glas sin.

Bheadh clár Béarla sásta lena leath.

Bhí meas ar an tsraith i measc lucht an Bhéarla féin agus aithníodh go forleathan gur éan corr, iontach a bhí ann. 

Anois tá Seó Spóirt, atá ar an bhfód le 11 bliain anuas, le cur de dhroim seoil agus dealraíonn sé gurb í an íde chéanna a thabharfar do leithéidí Comhrá, Béaloideas Beo agus Róisín.

Agus cad faoi Léirmheas Leabhar, an clár cainte stiúideo nua, a bhfuil urraíocht aige ó Fhoras na Gaeilge, agus a raibh scríbhneoirí na Gaeilge ag feitheamh air ar chosa laga ar feadh na mblianta? Beidh le feiscint, ach dealraíonn sé anois gur féidir linn dul ag feadaíl maidir lenár n-aisling go mbeadh mórsheó beo cainte againn ar TG4.

Ní fallaí amháin atá á leagadh ag an gceannasaí nua, Alan Esselmont, de réir dealraimh, agus má thagann an tuar faoin tairngreacht maidir leis an gcinneadh seo fágfaidh sé a lorg go mór ar an stáisiún agus ar a lucht féachana, bealach amháin nó bealach eile.

Níl aon amhras ach go bhfuil an ceannasaí nua le moladh as a mhisneach agus as fís a bheith aige agus cloí leis an bhfís sin.

Deirimse tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh leat.

Ach an chéad cheist a eascraíonn as seo ar fad ná cad a thiocfaidh i gcomharbacht ar na cláracha seo? Gan amhras, tá a maitheasaí féin ag baint leis na cláracha seo ó thaobh ábhar agus teanga, pointe a fhillfidh mé air ar ball, ach ceann de na tréithe is suntasaí fúthu ar fad ná gur féidir iad a dhéanamh ar bhuiséad réasúnta íseal (agus déarfadh mórán gur ró-íseal a bhí na buiséid acu) i gcomparáid le cláracha de shaghas eile, go háirithe cláracha drámaíochta.

Nó lena chur ar shlí eile, bhí luach a chuid airgid á fháil go maith ag an stáisiún ar na cláracha cainte seo. Má chaitear an múnla thar claí anois, caillfear uaireanta an chloig teilifíse ón sceideal agus beidh sé ionann is dodhéanta an bhearna a líonadh ar an gcostas céanna gan dul i muinín na n-athchraoltaí, galar atá ag cur as do TG4 ó thús.

Lena chois sin, tá ábhar suaithinseach á chíoradh ag na sraitheanna seo ar fad, ábhar nach bhfuil le fáil ar chainéil eile, agus ábhar a bheidh deacair a chíoradh le múnla eile.

Mar gheall air sin, agus mar gheall ar a gcur chuige teanga, is iad na cláracha seo bunchloch an chuid sin den sceideal atá in ainm is a bheith ag freastal ar an gcroíphobal (an sciar sin den phobal féachana a bhfuil Gaeilge líofa acu). Má fhágann tú Ros na Rún, Nuacht TG4 agus 7 Lá as an áireamh is sna cláracha seo is mó a chloisfeá cainteoirí líofa ag caint le linn comhráití agus agallamh nádúrtha.

Má chaitear an múnla seo thar claí cá mbeidh an Ghaeilge, agus an Ghaeilge amháin, le cloisint go nádúrtha ar TG4? Más cláracha nua faisnéise Gaeilge, mar shampla, a thiocfaidh in áit na gcláracha cainte, an éireoidh leo an chuid seo den ualach a iompar?

An gcinnteofar nach mbeidh na cláracha nua báite sa Bhéarla mar atá cuid mhaith eile de sceideal an stáisiúin?

Más aon comhartha é Klondike tá an dátheangachas ag teacht i dtreis sa drámaíocht, leis.  B’fhéidir go leanfaí lorg na Breataine Bige agus an tsraith Hinterland. Sraith í seo ar deineadh í a thaifeadadh i mBreatnais agus i mBéarla le go bhféadfaí an dá thrá a fhreastal.

Ach má chuireann tú na cláracha cainte ar fad le chéile, tá lear mór uaireanta an chloig i gceist.

Mar chuid den athmhúnlú seo, an gcinnteofar go mbeidh an t-ábhar nua dírithe ar an gcroíphobal agus an Ghaeilge i lár an aonaigh?

Cinnte is féidir le múnlaí agus cláracha faoi leith imeacht chun leadráin agus leimhe.

Tuigim, dá réir, cad ina thaobh go mbeifí ag iarraidh beocht a chur i múnla faoi leith, nó borradh a chur faoi shaghas áirithe cláracha agus cinn eile a chur de dhroim seoil.

Ach tá eagla orm go mb’fhéidir go bhfuil an t-asal (agus an teanga) á dhíol leis an adhastar.