Ciorruithe sláinte – géarchéim dháiríre nó cleas chun brú a chur ar pholaiteoirí?

Ní cheileann an milleánú ar fad na ceisteanna atá le freagairt faoin mbail atá ar an tseirbhís sláinte

Ciorruithe sláinte – géarchéim dháiríre nó cleas chun brú a chur ar pholaiteoirí?

Turcaithe ag plé conas a róstfar iad faoi Nollaig. Céard eile a ghlaofá ar an gcéipear is deireanaí faoi chiorruithe ar sheirbhísí sláinte fud fad an Tuaiscirt? Maítear go forleathan gur cleas é chun polaiteoirí a náiriú ach tá an bhunaíocht ag cur brú ar lucht riartha an chórais sláinte chun ciorrú £70 milliún a dhéanamh ar sheirbhís atá ar anchaoi cheana féin. Tá na riarthóirí, cúig Iontaobhas, ag iarraidh tuairimí an phobail faoi réimse moltaí, a meastar gur bardaí druidte agus easpa cúraim baile do dhaoine leochaileacha an toradh a bheadh orthu.

Ní fhacthas a leithéid riamh cheana. Déardaoin, reáchtáil na cúig Iontaobhas sláinte agus cúram sóisialta cruinnithe poiblí chun ceann a chur le próiseas comhairliúcháin a mhairfidh sé seachtaine. Cheal feidhmeannas ná Aire Sláinte i Stormont, chuir na státseirbhísigh san Roinn Sláinte ceangal ar an gcúig Iontaobhas moltaí a sholáthar chun £70 milliún punt a ghearradh dá gcostais don dara leath den bhliain airgeadais reatha.

Is go drogallach a rinne na hIontaobhais na moltaí. Cé go bhfuil breis is £5 billiún de bhuiséad ag an Roinn Sláinte, tá seirbhísí i dtrioblóid, tá na liostaí feithimh is measa ar fad san NHS abhus, tá cógais ceilte ar othair anseo atá le fáil ag a macasamhail sa Bhreatain agus tá líon na ndaoine aosta ag méadú go seasta.

I measc na moltaí ó gach ceann de na cúig Iontaobhas, bhí bac ar fhostú foirne ó áisíneachtaí –altraí den chuid is mó – agus bac ar fhostú dochtúirí ionaid. Os cionn £23 milliún a bhí le gearradh ag Iontaobhas Bhéal Feirste. I measc pleananna eile, bhí laghdú ar chúram baile agus teorainn le hiontrálacha nua in ionaid chúraim. Bhí £12.5 milliún le ciorrú ag Iontaobhas an Iarthair ata freagrach as seirbhísí i gcontaetha Dhoire, Thír Eoghain agus Fhear Manach. Ciorrú £13 milliún a mhol Iontaobhas an Tuaiscirt, Co Aontroma. £10.85 milliún a luadh san oirdheisceart agus £6.4 milliún sa deisceart, i gContae Ard Mhacha. Ba léir go mbeadh ganntanas foirne de bharr na moltaí i ngach ceard.

Níor ceileadh naimhdeas an phobail do na moltaí ag na cruinnithe Déardaoin. Dúirt oibrithe sláinte, polaiteoirí agus na scórtha ‘úsáideoirí’ nach raibh aon ghlacadh acu lena thuilleadh ciorruithe. Cad a tharlódh nuair a chaithfí bardaí a dhruidim ‘cheal foirne ? Nuair nach ndéanfaí máinliacht roghnach? Nuair a chaithfeadh othar fanacht i leaba san ospidéal mar nach mbeadh cúram baile ná ionad cúraim ar fáil? Conas a d’iompródh foirne nach bhfuair ardú pá le fada ualach breise oibre agus polaiteoirí atá díomhaoin ar lánphá?

Dúradh leis na hIontaobhais a dhul ar ais ag an roinn agus a rá leosan maoiniú breise a fháil ón Státrúnaí James Brokenshire. ‘Cá bhfuil an t-airgead a gheall na Tóraithe don DUP?’ Sin an cheist a bhí ag roinnt. ‘Dún Stormont agus cuir stop le pá na bpolaiteoirí,’ a dúirt daoine eile. Cháin go leor daoine na polaiteoirí, go háirithe an DUP agus Sinn Féin.

Ní nach ionadh, níor thóg sé i bhfad ar an DUP agus Sinn Féin an milleán a chur ar a chéile agus i gcás Shinn Féin an milleán a chur ar na Tóraithe freisin. Níor cheil an milleánú ar fad na ceisteanna atá le freagairt acu áfach faoin bhail atá ar an tSeirbhís Sláinte tar éis dóibh a bheith i gceannas ar an roinn sin le deich mbliana. Liosta le háireamh iad na hathbhreithnithe agus na tuarascálacha a choimisiúnaigh siad, na moltaí a fuaireadar arís agus arís eile faoi leasuithe ar an tseirbhís. Ach níor cuireadh tada i bhfeidhm. Tá cinntí crua riachtanach, cinn nach dtaitneoidh le vótóirí, seans.

An gcuirfidh an chonspóid sláinte seo tine faoi na polaiteoirí agus iad in ainm is a bheith ag dul chun cainte le chéile arís? Má théann siad ar ais go Stormont tig le hAire Sláinte neamhshuim a dhéanamh de phlean na státseirbhíse.

Ach an ngabhfaidh siad ar ais?

Níl mórán dá chosúlacht air faoi láthair.

Fágfaidh teip eile rogha le déanamh ag James Brokenshire. Buiséad a rith agus riail dhíreach de shórt a thabhairt isteach – má tá sé de mhisneach aige é a dhéanamh. Shaorfadh sé sin an £1 billiún a gealladh don DUP as a dtacaíocht do na Tóraithe. Leigheas gearrthréimhseach a bheadh ansin. Pleanáil cheart don fhadtéarma atá riachtanach. Ní mé ar aisling bhréige í a bheith ag súil leis sin.

Fág freagra ar 'Ciorruithe sláinte – géarchéim dháiríre nó cleas chun brú a chur ar pholaiteoirí?'