Ciorrú ar Scéim na gCúntóirí Teanga curtha ar ceal ag Kyne agus airgead breise do Mhuintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Cinneadh déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne ardú €40,000 ar an deontas a ceadaíodh cheana a thabhairt do Mhuintearas agus tá €23,000 breise le ceadú d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Ciorrú ar Scéim na gCúntóirí Teanga curtha ar ceal ag Kyne agus airgead breise do Mhuintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne

An tAire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne

Tá cinneadh déanta ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne maoiniú breise a thabhairt do Mhuintearas faoi Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2016/2017.

Ardú €40,000 ar an deontas a ceadaíodh roimhe seo atá i gceist, agus tuigtear go mbeidh litir oifigiúil faoin ardú deontais á chur ag an Aire chuig Muintearas go luath.

Idir an dá linn, fuair  Oidhreacht Chorca Dhuibhne, an eagraíocht Ghaeltachta eile a reáchtálann Scéim na gCúntóirí Teanga,  scéal inniu go mbeidh ardú €23,000 ar an deontas a ceadaíodh roimhe seo dóibh. Chuir an eagraíocht Ghaeltachta fáilte roimh an scéal.

Bhain fadhbanna le tús a chur le Scéim na gCúntóirí Teanga i mbliana toisc go rabhthas ag fanacht ar scéal maidir le maoiniú, agus bhíothas an-mhíshásta nuair a fógraíodh faoi dheireadh ar an 23 Meán Fómhair go raibh níos lú airgid á chur ar fáil do riaradh na scéime ná mar a cuireadh ar fáil anuraidh.

Chuir Príomhfheidhmeannach Muintearas Seán Ó Coisdealbha fáilte inniu roimh an scéal faoin maoiniú, ach dúirt sé go raibh sé “dochreidte” gur gearradh an maoiniú don scéim sa chéad áit.

“Tá suas le 100 cúntóir ag obair ar an scéim seo agus thar aon scéim eile, tá sé bunaithe go praiticiúil ar an bpobal féin agus ag plé le saibhriú teanga agus le scileanna a fhorbairt.

“Chuir an scéal ar fad moill mhór le tús na scéime agus chuir sé an phleanáil as a riocht do na cúntóirí agus na scoileanna a ghlacann páirt ann agus ní cur chuige stuama a bhí ann ar aon bhealach,” a dúirt Ó Coisdealbha le Tuairisc.ie.

Thug an tAire Kyne le fios don Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir i bhfreagra Dála inné nach raibh “aon ghearradh siar” déanta ar an maoiniú “don obair a dhéanann na cúntóirí féin” agus gur chiorrú ar chostais riaracháin amháin a bhí ann.

Thug sé le fios chomh maith go raibh sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta “iniúchadh a dhéanamh láithreach ar struchtúr, maoiniú agus feidhmeanna Mhuintearas Teo”, fochuideachta de chuid an Údaráis.

€41,000 a baineadh de dheontas Mhuintearas, a reáchtálann an scéim san iarthar, san iarthuaisceart agus i gContae na Mí, nuair a d’fhógair an tAire an maoiniú don scoilbhliain nua, agus timpeall €20,000 a gearradh de sciar Oidhreacht Chorca Dhuibhne den deontas.

Fágann cinneadh an Aire an t-airgead a baineadh de Mhuintearas a thabhairt ar ais go mbeidh nach mór €550,000 ag an eagraíocht chun Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil.

Tá plean ag Muintearas 13 scoil a chur leis an scéim.

Tá iarrtha ag an Aire Kyne ar oifigigh a Roinne moltaí i dtaobh an phlean a chur faoina bhráid go luath.

Fág freagra ar 'Ciorrú ar Scéim na gCúntóirí Teanga curtha ar ceal ag Kyne agus airgead breise do Mhuintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne'