Cíoradh le déanamh anocht ag Prime Time ar chás mná Gaeltachta a d’imigh gan tásc gan tuairisc 32 bliain ó shin

Tá Bairbre Bhreathnach ar iarraidh óna teach cónaithe i gCarna i nGaeltacht na Gaillimhe le 32 bliain. Cíorfar a cás i dtuairisc speisialta ar RTÉ One anocht

Cíoradh le déanamh anocht ag Prime Time ar chás mná Gaeltachta a d’imigh gan tásc gan tuairisc 32 bliain ó shin

Tá cás mná a d’imigh gan tásc gan tuairisc ó Charna i nGaeltacht na Gaillimhe os cionn 30 bliain ó shin le cíoradh anocht ar an gclár Prime Time ar RTÉ One.

Beidh tuairisc speisialta faoin gcás ar chlár na hoíche anocht ina “dtabharfar na heilimintí ar fad le chéile” agus ina mbeidh “breathnú nua ar an gcás” le fáil.

Dúirt Brídóg Ní Bhuachalla, léiritheoir an chláir, le Tuairisc.ie go bhfuil “an t-eolas faoi Bhairbre ag duine éigin agus tá an t-eolas sin i gCarna” agus go mbeifear ag impí anocht ar dhaoine a bhfuil eolas acu faoin gcás teacht chun cinn agus é a thabhairt don Gharda Síochána.

“An cheist mhór a chuirfear ná ‘cá bhfuil sí’, níor shlog an talamh í, agus tá a fhios ag duine éigin cá bhfuil sí. Rinneadh athchuardach in 2015 agus ceapann na Gardaí gur corp atá á chuardach acu. Is scéal an-bhrónach é agus beifear ag impí ar dhaoine a bhfuil eolas acu an t-eolas sin a thabhairt,” a dúirt sí.

Is tuairisc “fhada, chuimsitheach” a bheidh ann ar Prime Time anocht agus agallamh ann le muintir Bhreathnach agus daoine eile i gCarna.

Bhí cuardach ar bun in 2015 agus arís in 2016 i gCarna do Bhairbre Bhreathnach, a bhí 33 bliain d’aois nuair a d’imigh sí gan tásc gan tuairisc ó chóisir i gCarna i Meitheamh 1985. Bhí seachtar clainne ag Bairbre Bhreathnach agus a fear céile agus bhí cónaí orthu i Roisín na Mainiach atá thart ar cheithre chiliméadar ó Charna. Bhí cóisir ina dteach acu mí Mheithimh na bliana 1985 ag a raibh cairde agus daoine muinteartha léi.

Ar an 29 Meitheamh 1985, cuireadh fios ar na Gardaí ag rá go raibh sí ar iarraidh. Ní fhacthas ó oíche na cóisire í agus níl tásc ná tuairisc uirthi ó shin.

Ní raibh aon toradh críochnúil ar an bhfiosrúchán sin 32 bliain ó shin. Cuireadh tús athuair leis an bhfiosrúchán samhradh na bliana 2015 agus ceistíodh muintir na háite agus na daoine a bhí ag an gcóisir sa teach.

Dúradh gur tháinig ‘eolas suntasach’ chun cinn sa chás i mí Lúnasa 2015 agus dheimhnigh an tArd-Cheannfort Tom Curley don Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur aimsíodh eolas nua i dtaobh an cháis an uair sin.

Bhí aonad fothoinn an Gharda Síochána ag tumadóireacht mí na Samhna seo caite gar do Roisín na Mainiach i gCarna i gConamara mar chuid den fhiosrúchán. Tá na Gardaí tar éis 112 gné éagsúil den chás a fhiosrú ó cuireadh tús leis an bhfiosrúchán athuair i mí Eanáir na bliana 2015 agus cuireadh beagnach 60 duine faoi agallamh.

Is údar cainte i gcónaí i gceantar Charna í Bairbre agus a cinniúint.

Craolfar an tuairisc mar chuid den chlár Prime Time ar RTÉ One ag 9.30pm anocht.

D’iarr an Garda Síochána ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu i dtaobh chás Bhairbre Bhreathnach dul i dteagmháil leo ag stáisiún an Chlocháin nó ar líne rúnda 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Cíoradh le déanamh anocht ag Prime Time ar chás mná Gaeltachta a d’imigh gan tásc gan tuairisc 32 bliain ó shin'