Cinsireacht i gcrios an bhíobla (na hÍsiltíre)

Deireadh le deontas amharclainne: ‘toil Dé’. Ní den chéad uair, cothaíonn Críostaithe ceardchreidmheacha ceannlínte san Ísiltír.

oude_bijbel

Liobrálachas agus saoirse reiligiúnda a shamhlaítear leis an Ísiltír go hiondúil, ach creid é nó ná creid, síneann limistéar ar a dtugtar ‘Crios an Bhíobla’ trasna na tíre.

Is minic a chothaíonn an réigiún tuaithe seo, a shíneann soir ó thuaidh ó chúige Zeeland go cúige Overijssel, ceannlínte a chuireann alltacht ar an gcuid eile den tír.

Bliain ó shin, bhuail ráig den bhruitíneach roinnt bailte sa limistéar seo, atá go mór faoi anáil na Críostaíochta ceartchreidmhí ó bhí lár na naoú haoise déag ann. Galar í an bhruitíneach a bhfuil vaicsín saor agus éifeachtach ar fáil ina coinne a thugtar do 95 faoin gcéad de mhuintir na hÍsiltíre agus iad ina bpáistí – ach diúltaíonn Críostaithe Chrios an Bhíobla an vaicsín sin a thógáil.

Má thagann an galar ar dhuine, sin toil Dé. Le bliain anuas, fuair triúr bás.

An iarraidh seo, is iad na húdaráis áitiúla in Reimerswaal, ceantar tuaithe in Zeeland, in iardheisceart na tíre, a chuir alltacht ar an gcuid eile den tír. Tá comhairle baile Reimerswaal tar éis deireadh a chur le deontas bliantúil na amharclainne áitiúla toisc go mbítear ag eascainí ar an stáitse ó am go chéile. Tá cosc oifigiúil ar eascainí sa bhaile.

‘Cinsireacht!’ a bhéic meáin chumarsáide na tíre.

‘Toil Dé,’ an freagra a bhí ag polaiteoir áitiúil.

‘Lucht na stocaí dubha.’

Le cuimhne na ndaoine, is ag an bpáirtí Críostaíoch ceartchreidmheach SGP a bhíonn an lámh in uachtar i gcomhairle baile Reimerswaal (agus roinnt bailte eile i gCrios an Bhíobla.)

Baineann an páirtí seo, nach raibh cead ballraíochta ag mná ann go dtí an bhliain 2012 agus a bhfuil trí cinn den 150 suíochán acu i nDáil na hÍsiltíre, le hEaglais Phrotastúnach Leasaithe na hÍsiltíre, dream a bhfuil go leor i gcoitinne acu leis an Eaglais Shaor-Phreispitéireach in Albain.

Is í an Eaglais Phrotastúnach Leasaithe croílár crua an Chailvíneachais. San Ísiltír, tugtar ‘lucht na stocaí dubha’ ar lucht a leanta go coitianta, tagairt ábhairín dímheasúil do stíl faisin fhíorchoimeádach na gcreidmheach.

Agus an deontas bliantúil bainte den amharclann áitiúil ag comhairle baile Reimerswaal, tá todhchaí an ionaid idir dhá cheann na meá – agus leis sin, go pointe, todhchaí an bhaile féin.

Ach an oiread le ceantair thuaithe fud fad na hEorpa, tá óige Reimerswaal agus an réigiúin maguaird ag fágáil a mbailte dúchais ina sluaite.

“Beag iontas é sin,” a deir stiúrthóir na hamharclainne, Jacques Boonman, sa nuachtán NRC. “Tá an chuid is mó de na leabharlanna sa taobh seo tíre á ndúnadh freisin. Gan mhoill, ní bheidh faic na ngrást le déanamh anseo.”

Fág freagra ar 'Cinsireacht i gcrios an bhíobla (na hÍsiltíre)'

  • Fearghas MacFhionnlaigh

    B’fhéidir nár mhiste a choinneáil i gcuimhne go bhfuil cineál Críostaíochta eile ann freisin, a tá giota níos sofaisticiúile. I mo thuairim féin, cuir igás, is fiú go mór cluas a thabhairt do fhealsamh cáiliúil a bhí na chomhthíreach do Alex Hijmans féin, is é sin, Herman Dooyeweerd (1895-1977), na shár-smaointeoir nua-Chailvíneach agus éacúiméiniciúil:

    “Is ann go hiomlán a bhuí ar grás coiteann Dé i gCríost go bhfuil aon chaoi fágtha sa saol teamparálta an fód a sheasamh in aghaidh na neilimintí a scaoileadh den iall; go bhfuil aon chaoi ann fhathast troid a dhéanamh in aghaidh an ghalair, bac a chur ar tinnis shíciatrach, smaointeoireacht loighciúil a úsáid, forbairt chultúrtha a thartháil ó bheith dul ar maos i bhfiántas, teangacha a thabhairt chun cinn, féidearthacht caidrimh shóisialta a chaomhnú, an éagóir a chrosadh, agus araile.” (Critíc Nua ar Smaoineamh Teoiriciúil, Imleabhar II, leathanach 34)

  • Seoirse

    An-alt, mar a bhîonn i gcónaí ag Alex faoi ghnáthshaoil na bpobail a bhfuil aithne aige orthu…agus lón intinn dúinne, nach samhlaíonn ach cur chuige laissez faire Amsterdam le meoin saoil na hIsltíre!